Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 17 Iúil 2024
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad

20 bliain ar an bhfód: Fiche bliain de dheiseanna agus d’fhás don Pholainn agus don tSlóvaic

An 1 Bealtaine 2024, rinne an tAontas comóradh 20 bliain ar an méadú ba mhó a bhí aige riamh, le haontachas comhuaineach 10 dtír nua. Faigh amach cén chaoi a bhfuil sé sin tar éis dul i bhfeidhm ar mhargadh an tsaothair sa Pholainn agus sa tSlóvaic.

20 years together: Two decades of opportunity and growth for Poland and Slovakia

Fiche bliain ó shin, chuaigh an Chipir, an tSeicia, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin isteach i gcomhpháirtíocht pholaitiúil, eacnamaíoch agus chultúrtha thar a bheith suntasach. Dá bharr sin, fuair siad rochtain ar shochair amhail saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine, chomh maith le caighdeáin mhaireachtála agus oibre ní b’airde, agus deiseanna ní b’fhearr.

Ón méadú in 2004 i leith:

  • Cruthaíodh 26 mhilliún post nua ar fud an Aontais, agus tá 6 mhilliún díobh sin lonnaithe sna 10 mBallstát nua.
  • Tá os cionn 2.7 milliún duine óg as na 10 dtír nua tar éis páirt a ghlacadh sa chlár Erasmus+.
  • Tá laghdú suntasach tagtha ar an mbochtaineacht sna 10 dtír freisin: síos ó 37 % in 2005 go 17 % in 2020, agus tá na figiúirí sin fós ag dul i laghad.

An Pholainn

Roimh a haontachas, bhí leibhéil arda dífhostaíochta sa Pholainn, go háirithe i measc na n‑óg. Bhí dífhostaíocht shéasúrach ard freisin – rud a bhí ina chúis le muintir na Polainne a bheith ag imeacht thar lear chun deiseanna oibre a lorg ar bhonn comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le gluaiseacht oibrithe.

Tháinig athrú suntasach ar an bPolainn lena haontachas leis an Aontas Eorpach. Leanadh den imirce ar thóir oibre, ach faoi chreat difriúil. Mar thoradh ar oscailt chomhuaineach mhargaí an tsaothair sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn agus sa tSualainn, chuaigh muintir na Polainne ar imirce go dtí na réigiúin sin ar thóir pá agus caighdeáin mhaireachtála ní b’fhearr. Rinneadh príomhphointe tagartha de EURES an Pholainn do na hoibrithe sin, agus comhairle agus seirbhísí saincheaptha á dtairiscint aige chun a aistriú na n‑oibrithe a dhéanamh níos éasca.

Le cabhair ó EURES, d’éirigh an Pholainn ní ba mheáite ó thaobh deiseanna oibre níos fearr a chur ar fáil dá muintir. “Sa tréimhse 2004-2007, bhí an líon ba mhó aontaí poist agus imeachtaí earcaíochta idirnáisiúnta a d’eagraigh oifigí saothair aonair sa Pholainn,” arsa Katarzyna Kawka-Kopeć, príomhspeisialtóir san Aireacht Teaghlaigh agus Beartais Shóisialta, Oifig Comhordúcháin Náisiúnta EURES an Pholainn.

An tSlóvaic

Bhain oibrithe na Slóvaice an-tairbhe freisin as aontachas na tíre sin leis an Aontas Eorpach. Chuir bunú comhuaineach EURES an tSlóvaic deiseanna nua ar fáil do chuardaitheoirí poist, ag tairiscint cúnaimh ó thaobh a gcuardach, comhairle maidir le dálaí maireachtála agus oibre, agus deiseanna cúnaimh airgeadais chun tacú le soghluaisteacht poist trí Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe EURES.

Le 20 bliain anuas, tá EURES an tSlóvaic tar éis 75 aonach poist agus 2 250 imeacht earcaíochta a eagrú. Tá a chuid Comhairleoirí tar éis tacú le 500 000 cliant agus tá 21 000 tairiscint poist foilsithe aige ar thairseach EURES an tSlóvaic.

Labhair Miroslava Pangrácová, Comhairleoir EURES ag EURES an tSlóvaic, faoi ghníomhaíochtaí an líonra agus faoi rannchuidiú foriomlán le claochlú mhargadh an tsaothair sa tSlóvaic: “D’ardaigh Comhairleoirí EURES an tSlóvaic feasacht faoin líonra ag cruinnithe le mic léinn i scoileanna, le linn laethanta gairme, le linn Lá na hEorpa agus ag féilte ceoil. Anuas air sin, tacaíonn EURES an tSlóvaic leis an tsoghluaisteacht trasteorann i gcomhar le comhpháirtithe eile.”

An bhfuil post á lorg agat san Eoraip? Tá Comhairleoir EURES ann chun cabhrú leat.

 

Naisc ghaolmhara:

An Chomhairle Eorpach – Comhairle an Aontais Eorpaigh: Méadú 2004: fíricí agus figiúirí

An Chomhairle Eorpach – Comhairle an Aontais Eorpaigh: Comóradh 20 bliain ar Mhéadú an Aontais Eorpaigh 2004 – daoine arb as na Ballstáit iad ag labhairt faoin gcaoi a ndeachaigh an t‑aontachas chun tairbhe dá dtír agus faoin gcaoi ar athraigh sé a saol.

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.