
Is ag druidim le do chéim a bhaint amach atá tú agus tú ag iarraidh cinneadh a dhéanamh ar cad ba cheart a dhéanamh ina dhiaidh sin, nó fiú tá tú tar éis na blianta a chaitheamh i do phost reatha, nó bhraitheann tú gur mithid duit athrú a dhéanamh, b’fhéidir. Cén chonair ghairme ba cheart duit a ghlacadh?
Le blianta fada anuas, is é an treocht choiteann i dtíortha an domhain thiar daoine a stiúradh i dtreo gairmeacha acadúla nó post oifige as siocair na slándála a mheastar a bheith ag baint le poist mar sin. Mar sin féin, de réir na dtorthaí EURES is déanaí maidir le ganntanais agus barrachais saothair san Eoraip, tá na gairmeacha sin ar bharr na liostaí de bharrachais saothair i bhformhór thíortha an Aontais – rud a chiallaíonn gur mó an soláthar ná an t‑éileamh sna réimsí sin.
Ar an taobh eile, bíonn tionchar suntasach ag ganntanais ar earnáil na gceirdeanna oilte, ar earnáil í ina sáraíonn líon na bpost líon na ndaoine cáilithe chun na poist a líonadh.
De réir na tuarascála, is ceirdeanna oilte iad cúig as na deich ngairm is mó a bhfuil ganntanas oibrithe iontu san Aontas:
- táthairí/gearrthóirí lasrach
- pluiméirí/oirtheoir píopaí
- mótarmheicneoirí
- socraitheoirí miotail/meaisín
- leictreoirí
Ina theannta sin, léiríonn réamhaisnéisí a rinneadh le déanaí i gcás roinnt tionscal (e.g. mótarfheithiclí, táirgí miotail, trealamh leictreach) go mbeidh an dul chun cinn teicneolaíoch de chineál a fhágfaidh gur iontu a bheidh an sciar is mó (55 %) d’fholúntais phoist ardteicneolaíochta as seo go dtí 2035.
Mura leor an méid sin chun tú a spreagadh i dtreo athmhachnamh a dhéanamh ar do mhianta gairme i bhfabhar ceird oilte, seo cúpla cúis eile leis:
Raon leathan bealaí gairme. Idir ghairmeacha traidisiúnta (e.g. adhmadóir, pluiméir, leictreoir) agus ghairmeacha ‘ré nua’ (e.g. suiteálaí grianphainéal, teicneoir fuinnimh gaoithe, meicneoir HVAC), tá liosta gan teorainn ann de ghairmeacha ar féidir a roghnú bunaithe ar do chuid scileanna agus claontaí.
Acmhainneacht ardtuillimh. Mar gheall ar na ganntanais thuasluaite, tá éileamh an-ard ar scileanna speisialaithe sna ceirdeanna oilte. Beidh ardtuilleamh i gceist leo de réir mar a gnóthóidh tú taithí agus mar a saothróidh tú d’áit féin go seasta i measc na ngairmithe is mó a bhfuil tóir orthu i do réimse.
Tuilleadh smachta ó thaobh clár ama de. An bhfuil drochmheas agat ar an ngnáthamh? D’fhéadfadh gairm in earnáil na gceirdeanna oilte a bheith ar do shon. Is ea is dóichí go mbeidh tú ag obair mar chonraitheoir neamhspleách, nó fiú go gcuirfidh tú ghnó féin ar bun; stiúrfaidh an dá rogha seo ar shiúl ó phost naoi go dtí a cúig thú.
Deiseanna oiliúna do chách; idir óg agus aosta, agus dóibh siúd atá ag súil le hathrú gairme i lár a gairmréime. Le printíseachtaí agus gairmoiliúint, cuireann an tAontas go leor deiseanna ar fáil chun taithí luachmhar a fháil i do rogha ceirde, bíodh is ag tosú amach nó ag tosú as an nua atá tú.
Tá saol maith i ndán dóibh siúd a bhfuil ceird oilte ar a dtoil acu
Agus an réabhlóid teicneolaíochta ag dul ar aghaidh ar lánluas, an t‑aistriú dúbailte (glas agus digiteach) faoi lán seoil, agus leathnú dosheachanta ár gcathracha óna dteastaítear soláthar ollmhór lámha cumasacha ag dul ar aghaidh go rábach, níl aon amhras ach go mbeidh ról ríthábhachtach ag na ceirdeanna oilte maidir lenár ndomhan a athmhúnlú. Nár mhaith leat a bheith páirteach sa chlaochlú ollmhór sin?
Tuilleadh eolais uait faoi ghanntanais agus barrachais lucht saothair san Eoraip? Léigh tuarascáil EURES 2023 anseo.
Naisc ghaolmhara:
Uirlisí Cedefop: Skills Forecast, Skills-OVATE, European database on apprenticeship schemes
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 5 Meitheamh 2024
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / Fiontraíocht
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Earnáil
- Construction
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles