Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)

Géarchéim na hinacmhainneachta a réiteach d’Eorpaigh óga

Má tá costais mhéadaitheacha san Eoraip ag cur isteach ort mar dhuine óg, faigh amach cad iad na réitigh a moladh le linn an Idirphlé Beartais leis an Aos Óg a reáchtáladh sa Bhruiséil i mbliana.

  • Alt nuachta
  • 24 Meitheamh 2026
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

Conas is féidir linn todhchaí níos inacmhainne a chinntiú d’Eorpaigh óga? Ba í sin an cheist a bhí daoine óga agus Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um Chearta Sóisialta agus Scileanna, um Poist Ardcháilíochta agus um Ullmhacht, Roxana Mînzatu, ag iarraidh a fhreagairt ag an Idirphlé Beartais leis an Aos Óg a tionóladh sa Bhruiséil i mí an Mhárta 2026.

Tugadh 15 dhuine óga le chéile mar chuid den idirphlé – naonúr ban agus seisear fear idir 21 agus 29 mbliana d’aois ó 12 thír éagsúla – a roinn a dtaithí agus a smaointe maidir leis an gcaoi a bhfuil costas maireachtála atá ag dul i méid ag cur isteach orthu.

Más Eorpach óg thú, is dócha gur féidir leat tú féin a shamhlú le ceann de na cásanna seo: níl tú in ann d’árasán nó do theach féin a fháil de bharr cíos a bheith millteanach ard, nó; éiríonn leat an cíos a íoc ach go bíonn tú ag brath ar do theaghlach chun riachtanais ar nós bia agus téimh a chumhdach, nó; bíonn tú ag ciorrú ar ghníomhaíochtaí fóillíochta agus cultúrtha.

Ón seomra ranga go dtí an ionad oibre

Ceann de na príomhthátail a baineadh ab ea an gá atá leis an aistriú ó oideachas go fostaíocht a neartú. I measc na réiteach a moladh, bhí:

  • tréimhsí oiliúna agus deiseanna ar leibhéal iontrála a leathnú;
  • an t‑idirphlé idir soláthraithe oideachais agus fostóirí a neartú;
  • aitheantas níos fearr a thabhairt don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint agus iad a dhéanamh níos tarraingtí ó aois óg, ós rud é gur minic a dhéantar neamhshuim de ghairmeacha teicniúla mar chonairí gairme;
  • feabhas a chur ar oideachas airgeadais i scoileanna chun daoine óga a ullmhú do chéad chéimeanna a saoil mar dhaoine fásta; agus
  • fóirdheontais phá agus maoiniú ón Aontas a úsáid chun tacú le heispéiris chéad phoist agus le rochtain ar fhostaíocht ar ardchaighdeán.

Tá EURES ar cheann d’uirlisí de chuid an Aontais atá i bhfeidhm cheana féin chun tacú le soghluaisteacht chothrom an lucht saothair, agus chun seirbhísí a chur ar fáil lena n‑osclaítear conairí do dhaoine óga atá ag dul isteach i margadh an tsaothair. Soláthraíonn sé rochtain ar bhreis is 2.5 milliún fógra poist san Eoraip, leideanna agus noda luachmhara, faisnéis faoi dhálaí maireachtála agus oibre i dtíortha éagsúla Eorpacha agus imeachtaí earcaíochta dinimiciúla. Cuireann sé líonra de chomhairleoirí oilte ar fáil freisin, a thairgeann faisnéis, treoir agus seirbhísí socrúcháin d'iarrthóirí poist.

Áit le cónaí inti

Mar chuid den idirphlé, díríodh ar inacmhainneacht na tithíochta freisin. Áiríodh i measc na moltaí chun tuilleadh tithíochta a chur ar fáil simpliú a dhéanamh ar cheadanna tógála agus ar nósanna imeachta tógála, agus ar dhreasachtaí um athchóiriú réadmhaoine foilmhe chomh maith. Maidir le cóiríocht níos inacmhainne, moladh ciste Eorpach tiomnaithe um thithíocht a chur ar fáil do dhaoine óga, mar aon le cathracha níos lú agus ceantair thuaithe a dhéanamh níos tarraingtí le maireachtáil agus le bheith ag obair iontu. I measc na réiteach eile, bhí tithíocht idirghlúine agus cianobair.

Dúshlán na hintleachta saorga (IS)

Tarraingíodh aird freisin ar an ngá atá le forbairt leanúnach scileanna, i bhfianaise uathoibriú méadaitheach na gcúraimí a dhéanann fostaithe leibhéil iontrála de ghnáth. Ag an am céanna, d’aithin rannpháirtithe go bhféadfadh an intleacht shaorga dlús a chur le haitheantas ó thaobh scileanna agus cáilíochtaí de thar theorainneacha, margadh an tsaothair a nuachóiriú agus borradh a chur faoi shoghluaisteacht oibrithe.

Chuir Mînzatu deireadh leis an idirphlé trí achoimre a thabhairt ar na chéad chéimeanna eile atá le glacadh ag an Aontas chun poist ardcháilíochta a mhéadú, chun borradh a chur faoi shoghluaisteacht chothrom an lucht saothair, agus chun gairmoiliúint agus oideachas digiteach a chur chun cinn. Más duine óg thú atá ag smaoineamh ar cad is féidir leat a dhéanamh chun cabhrú le hathrú a bhaint amach, bhí freagra ag an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin air sin freisin: a bheith gníomhach go polaitiúil ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach. Bíonn an beartas lochtach i gcónaí nuair nach mbíonn daoine óga páirteach sa chomhrá maidir leis.

Má tá suim agat tuilleadh a fhoghlaim faoi Idirphlé Beartais leis an Aos Óg na bliana seo, léigh an tuarascáil seo. Nó bí ar an eolas faoin gcostas a bhaineann le cónaí san Aontas.

 

Naisc ghaolmhara:

Idirphlé Beartais leis an Aos Óg

Tuarascáil 2026 maidir leis an Idirphlé Beartais leis an Aos Óg

EURES – Aimsigh post san Eoraip

EURES – Noda agus leideanna do lucht cuardaigh poist

EURES – Dálaí maireachtála agus oibre san Eoraip

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Comhairleoirí EURES

An costas maireachtála san Aontas Eorpach

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Ag maireachtáil agus ag obair i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar líne atá ar na bacáin

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

Dáta foilsithe
24 Meitheamh 2026
Údair
An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.