Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)

Ó chórais níos cliste go cleachtais níos glaise, an chaoi a bhfuil gnólachtaí Eorpacha ag glacadh le todhchaí dhigiteach inbhuanaithe

Conas a dhéantar inbhuanaitheacht a chomhtháthú in iarrachtaí digitithe na hEorpa? Tá an tAontas Eorpach díreach tar éis staitisticí a eisiúint a léiríonn treocht a bhfuil cuma mhaith uirthi.

  • Alt nuachta
  • 2 Iúil 2026
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

Ní hamháin go mbaineann an digitiúchán le córais TFC á n-uasghrádú ag gnólachtaí. Baineann sé leis na córais sin a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos nuálaí, le leathnú thar theorainneacha áitiúla, agus le fuinneamh agus ábhair a shábháil sa phróiseas. Lena rá ar bhealach eile, is athrú bunúsach é a spreagann an t-iomaíochas agus an inbhuanaitheacht, agus tá timpeallacht ghnó na hEorpa á hathrú ó bhonn aige.

Digitiúchán i bhfigiúirí

Tuairiscítear san eagrán is déanaí de Digitiúchán san Eoraip, an foilseachán bliantúil a eisíonn Eurostat – oifig staidrimh an Aontais – go bhfuil leibhéal bunúsach déine digití bainte amach ag 72 % de ghnólachtaí uile an Aontais. Ciallaíonn sé sin go bhfuil siad ag baint úsáide as cuid de na croítheicneolaíochtaí digiteacha ar a laghad, amhail mearnaisc idirlín, uirlisí ríomhthráchtála agus néalseirbhísí.

Go deimhin, in 2025:

  • Bhí rochtain ar an idirlíon leathanbhanda ag 95 % de ghnólachtaí.
  • Bhain 64 % díobh úsáid as na meáin shóisialta (37 % in 2015).
  • Cé go raibh an céatadán gnólachtaí a bhí i mbun r-dhíolacháin, sé phointe céatadáin níos airde ná mar a bhí sé 10 mbliana ó shin, bhí sé fós sách íseal ag 25 %. Mar sin féin, b’ionann ríomhdhíolacháin agus 19 % de láimhdeachas iomlán na ngnólachtaí sin.

Díreach bliain roimhe sin, in 2024:

  • Bhain 93 % de ghnólachtaí úsáid as beart slándála TFC amháin ar a laghad, amhail fíordheimhniú láidir pasfhocal, cúltaca sonraí chuig suíomh ar leith nó rialú rochtana néalríomhaireachta agus líonra.
  • Reáchtáil 53 % de ghnólachtaí cruinnithe ar líne.

Á dhéanamh ar son an chomhshaoil

Cé gur féidir leis an digitiúchán buntáistí comhshaoil a thabhairt, amhail úsáid ábhair a laghdú agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, cuireann sé dúshláin romhainn freisin nár chóir dúinn neamhaird a dhéanamh díobh. Tá láronaid sonraí, líonraí agus gléasanna nasctha ag cur le lorg carbóin na hearnála, agus déanann gnólachtaí an fhadhb mhéadaitheach dramhaíola leictreonaí níos measa trí threalamh a athsholáthar go minic.

Ach níl gach rud caillte. De réir Eurostat, tá earnáil TFC an Aontais ag cur níos lú agus níos lú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus le truailleáin aeir le blianta beaga anuas – in ainneoin fhás na hearnála.

Mar sin, cé chomh fada agus atá gnólachtaí ag comhtháthú cleachtais inbhuanaithe ina n-iarrachtaí digitiúcháin? Cé go bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí i gcónaí, léirítear i dtorthaí na tuarascála go bhfuil gnólachtaí san Eoraip ar an mbóthar ceart.

Go deimhin, bhain 30 % de ghnólachtaí uile an Aontais úsáid as réitigh nó córais TFC in 2025 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • méid níos lú ábhair a úsáid
  • níos lú fuinnimh a ídiú; agus
  • éifeachtúlacht nó cion na n-ábhar athchúrsáilte ina gcuid táirgí nó oibríochtaí a mhéadú.

Ba iad an Bheilg (42 %) agus an Danmhairg (40 %) na tíortha a bhí ar thús cadhnaíochta i dtaca leis sin, agus bhí an sciar is lú de ghnólachtaí a d’úsáid TFC agus cosaint an chomhshaoil á cur san áireamh ag an Ungáir (16 %) agus ag an mBulgáir (13 %). Agus nuair a d'éirigh an trealamh TFC as dáta:

  • Bhain 77 % de ghnólachtaí úsáid as cláir leictreonacha bailithe nó athchúrsála dramhaíola;
  • Choinnigh 49 % díobh an trealamh i stóráil;
  • Dhíol 29 % díobh é, thug siad ar ais do léasóirí é nó dheonaigh siad é.

Mar is amhlaidh le formhór an dul chun cinn, tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le teicneolaíocht TFC. Maidir le fostóirí, ciallaíonn sé seo gur gá leo smaoineamh go straitéiseach faoin gcaoi a n-úsáidtear uirlisí digiteacha: teicneolaíochtaí fuinnimh-éifeachtúla a roghnú, athláimhseáil trealaimh nach bhfuil ag teastáil a laghdú, agus an leas is fearr a bhaint as cláir athchúrsála nó athúsáide. Ní hamháin go dtacaíonn na roghanna seo leis an inbhuanaitheacht, ach neartaíonn siad an t-iomaíochas fadtéarmach freisin.

Féach an t-alt EURES maidir le bealaí inar féidir borradh a chur faoin lucht saothair TFC, nó léigh faoin chaoi ar féidir le IS feabhas a chur ar an bpróiseas fála tallainne.

 

Naisc ghaolmhara:

Digitiúchán san Eoraip – Eagrán 2026

Astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleáin aeir ón earnáil TFC

Trí bhealach inar féidir le cuideachtaí san Aontas borradh a chur faoin lucht saothair TFC

An chaoi ar féidir le IS feabhas a chur ar an bpróiseas fála tallainne

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Ag maireachtáil agus ag obair i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar líne atá ar na bacáin

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

Dáta foilsithe
2 Iúil 2026
Údair
An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.