
Ag EURES, déanaimid cuardaitheoirí poist a mheaitseáil le fostóirí. Chun é sin a éascú, is mian linn a áirithiú gur féidir le fostóirí teagmháil a dhéanamh le cuardaitheoirí poist atá cláraithe ar thairseach EURES.
Mar sin féin, is eol dúinn go bhféadfadh ríomhphoist sceamála a sheoladh ó am go chéile chuig cuardaitheoirí poist, go bhféadfadh comhairle bhréagach a thabhairt dóibh, nó fiú poist nach bhfuil ann a thairiscint dóibh.
Tá roinnt sceamálacha le feiceáil ar na meáin shóisialta freisin, mar shampla i bhfíseáin YouTube. Fiú más cosúil go gcuireann na físeáin seo EURES chun cinn, is minic a chuireann siad faisnéis bhréagach ar fáil, mar shampla, ag maíomh go soláthraíonn EURES víosaí.
Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, gur féidir leat fíorfhostóirí a aithint agus tairiscintí bréagacha poist agus sceamálacha eile a aithint. Anseo thíos, cuirimid comhairle thábhachtach ar fáil, ag tosú le seicliosta ceisteanna atá le cur ort féin.
Má fhaigheann tú ríomhphost:
- An bhfuil aithne agat ar an seoltóir? Ar chuir tú tús leis an teagmháil, e.g. trí liostáil le liosta seoltaí? Mura bhfuil tú eolach ar an gcuideachta, déan taighde go cruinn – féach ar a láithreán gréasáin, ach freisin ar fhoinsí neamhspleácha amhail léirmheasanna agus ailt nuachta.
- Má éilíonn sé gur ó fhostóir atá sé, an as a bhfearann oifigiúil é? Baineann roinnt calaoiseoirí leas as ainmneacha cuideachtaí creidiúnacha nó as ainm EURES trí sheoltaí ríomhphoist nó ainmneacha fearainn bréige míthreoracha a chruthú – déan iad seo a sheiceáil faoi dhó i gcónaí, an litriú san áireamh.
- Má mhaíonn an ríomhphost gur ó EURES go díreach atá sé, ar seoladh é ó sheoladh ríomhphoist EURES nó ó sholáthraí seirbhíse oifigiúil EURES? Bain úsáid as an uirlis Aimsigh Ball nó Comhpháirtí de chuid EURES chun liosta na n-eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí EURES i ngach tír a sheiceáil.
Má fheiceann tú rud éigin ar na meáin shóisialta:
- An féidir leat an fhaisnéis san fhíseán a fhíorú? Tosaigh i gcónaí trí sheiceail a dhéanamh ar thairseach EURES. Má tá amhras ort, déan teagmháil le Comhairleoir EURES.
- An bhfuil an físeán foilsithe ag cainéal oifigiúil EURES nó ag Comhalta nó Comhpháirtí EURES? Seiceáil i gcónaí le haghaidh ainm agus lógó oifigiúil.
Tabhair do d’aire: Is féidir teacht ar chainéil lárnacha EURES thíos (tabhair do d’aire go bhfuil a gcuntais féin á reáchtáil ag roinnt seirbhísí náisiúnta EURES freisin):
Botúin choitianta le seachaint:
- Ná tabhair freagra riamh ar ‘tairiscint poist’ a bhaineann le hairgead a chur ar aghaidh nó a fháil, nó ina ligeann cuideachta uirthi féin nach féidir léi cuntas bainc a oscailt, aitheantas cánach a fháil, airgead a aistriú, etc.
- Ná cuir faisnéis airgeadais isteach riamh trí fhoirmeacha ar líne le linn an phróisis earcaíochta. Ní thosóidh aon chuideachta creidiúnach trí do shonraí bainc nó do shonraí cárta a iarraidh.
- Ná cuir glaoch ar uimhir theileafóin a sheoltar chugat i ríomhphost go dtí go bhfuil sé fíoraithe agat gur uimhir rialta é agus nach uimhir chostasach ardráta í.
An rud le déanamh má fheiceann tú sceamáil:
- Má fhaigheann tú tairiscint poist a mheasann tú a bheith neamhdhleathach, mí-eiticiúil nó míchuí ar shlí eile trí thairseach EURES – nó má fhaigheann tú ríomhphost calaoiseach agus má tá amhras ort go bhfuair an seoltóir do sheoladh ríomhphoist ónár mbunachar sonraí – téigh i dteagmháil le Deasc Chabhrach EURES.
- Tá fáilte romhat freisin dul i dteagmháil leis an deasc chabhrach má aimsíonn tú faisnéis bhréagach nó mhíthreorach eile faoi EURES ar líne.
Tabhair do d’aire: D’fhéadfadh sé gur thuairiscigh faighteoirí eile ar líne caimiléirí a ghníomhaíonn go minic freisin. Más rud é gur lean tú na céimeanna thuas agus má tá tú fós in amhras, déan iarracht cuardach a dhéanamh ar líne le haghaidh tuarascálacha ar sceamalacha den chineál céanna.
Naisc ghaolmhara:
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 15 Meitheamh 2023
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Leideanna agus Moltaí
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
- Treochtaí earcaíochta
- Na meáin shóisialta
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Seirbhísí EURES
- Cúnamh agus tacaíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Eolas faoin margadh saothair
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles