Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)

Beidh do scileanna cinniúnach agus saol maith i ndán dúinn ó thaobh na hintleachta saorga de.

D’fhéadfadh an intleacht shaorga maitheas a dhéanamh dár ngairmeacha agus dár saol go ginearálta. D’fhéadfadh sí sinn a chur ar chonair níos dorcha freisin, ámh. Léigh faoi thrí fhéidearthacht don todhchaí, gach ceann acu ag brath ar an gcaoi a ngníomhaíonn an Eoraip anois díreach.

  • Alt nuachta
  • 11 Bealtaine 2026
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 5 nóiméad

Samhlaigh gur 2040 atá ann, todhchaí nach fada uainn í. A bhuí leis an intleacht shaorga, tá borradh faoin ngeilleagar, tá go leor post nua ann, tá foghlaim sholúbtha i réim agus is furasta í rochtain, rud a chabhraíonn le cách bogadh ar aghaidh go réidh ar a gconair ghairme féin. Tá cuma fhoirfe air sin, nach bhfuil? Ach bímis macánta faoi, mura nglacfaidh an Eoraip na céimeanna cearta, d’fhéadfadh ár dtodhchaí – nach bhfuil amhras ann ach go mbeidh sí faoi thiomáint na hintleachta saorga – dul síos conair atá go hiomlán difriúil freisin, rud lena bhfágfaí go leor againn ina dhiaidh. Breathnaímis ar chúpla cás nach bhfuil rómhaith céanna.

Dhá chás dhiostóipeacha nár mhian linn

I saol samhailteach na bliana 2040, tá an t‑ionad oibre athraithe an oiread sin ag an intleacht shaorga go bhfuil sé do-aitheanta. Ní infheistíonn rialtais ná fostóirí i bhforbairt scileanna an lucht saothair a thuilleadh, rud a fhágann go mbíonn ar fhostaithe rudaí a oibriú amach as a stuaim féin den chuid is mó. Ní bhaineann ach daoine atá eolach ar an teicneolaíocht tairbhe aisti, agus bíonn deacrachtaí ag daoine eile post a choinneáil. Dá bharr sin, bíonn drochthionchar ar a sláinte mheabhrach agus fhisiciúil, agus ar a staid airgeadais fosta, ar ndóigh.

Ar an taobh eile, cuir i gcás toradh níos measa fós, tá teicneolaíochtaí intleachta saorga agus uathoibriú tar éis gach cuid dár saol agus dár n‑obair a ghlacadh chucu féin. Um an dtaca seo, ní hé amháin nach féidir an t‑ionad oibre a aithint, ach an tsochaí ina hiomláine. Rialaíonn roinnt gníomhaithe móra tírdhreach na hintleachta saorga, rud a imríonn tionchar ar lucht ceaptha beartas, ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí. Agus an intleacht shaorga i mbun an lámh in uachtar a fháil ar fhormhór na dtascanna, tá daoine ag cailleadh a bpost i ngach earnáil agus tionscal – agus, as siocair lucht saothair atá comhdhéanta d’fhostaithe in-athsholáthraithe, is cuma le comhlachtaí a thuilleadh faoi scileanna a bhfostaithe a fhorbairt. Arís eile, fágtar oibrithe ar a gconlán féin, agus bíonn sé deacair orthu coinneáil suas le dul chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta de. Níl mórán cumhachta ag na ceardchumainn ach oiread, mar sin níl aon duine ann chun troid ar son chearta agus leasanna na n‑oibrithe. Níl dóthain rialachán ná maoirseachta rialtais ann, mar sin tá an chumhacht i lámha na ngníomhaithe móra sin den chuid is mó, rud a chuireann an daonlathas i mbaol agus a dhéanann dochar don chomhshaol freisin.

Sa dá chás sin, ní théann réabhlóid na hintleachta saorga chun tairbhe ach do dhream beag a bhfuil an t‑ádh ag rith leo, agus déantar duibheagán den bhearna idir na daoine a bhfuil rochtain agus inniúlacht acu ó thaobh na teicneolaíochta de agus iad siúd nach bhfuil. Ní le hoibrithe aonair a bhfuil ag teipeadh orthu coinneáil suas a bhaineann sé seo amháin; is teip chórasach í ina gcinneann an córas cé a fhaigheann deis foghlama agus cé nach bhfaigheann.

Beagáinín níos fearr? Gaiste na deise caillte

Tá cás eile ann freisin nach bhfuil chomh duairc céanna – cás ina nglactar go cuibheasach leis an intleacht shaorga, ach go seasta fosta. Slán sábháilte, nach dóigh leat? Ní fíor go baileach. Mura ndéanaimid infheistíocht cheart i bhforbairt scileanna, fágann an rogha seo fiú go gcailltear deis iontach don nuálaíocht.

Sa leagan seo de shaol na bliana 2040, d’fhéadfadh luas an athraithe a bheith inláimhsithe, ach ní bhaintear lánúsáid as acmhainneacht na hintleachta saorga chun coinníollacha sóisialta agus eacnamaíocha a fheabhsú. I gcás oibrithe, fágann rolladh amach mall nach dtagann aon bhun riamh ar na róil spreagúla agus chruthaitheacha a eascraíonn de ghnáth as dul chun cinn mór amhail céim chun cinn ó thaobh na hintleachta saorga de, b’fhéidir, agus daoine fágtha sáinnithe i margadh poist marbhánta dá bharr. Is é scothaicme bheag a dhéanann na tascanna is suimiúla, agus fágtar an chuid eile againn i mbun na hoibre leimhe – agus acmhainn amú leis. Maidir le fostóirí, d’fhéadfaidís éalú ón gcíor thuathail a bhaineann le mearathrú, ach cailleann siad amach freisin ar ghnóthachain éifeachtúlachta agus ar tháirgí nua a d’fhéadfadh iad a dhealú óna chéile – rud a d’fhéadfadh marbhántacht a bheith mar thoradh air díreach toisc nach dtacaíonn an córas le glacadh forleathan agus fóinteach.

Léirítear leis na cásanna seo go mbeidh forbairt scileanna sa todhchaí ag brath go mór ar obair bhuíne. Ach oiliúint leanúnach scileanna a spreagadh i dteannta a chéile, is féidir leis an Aontas lucht saothair a chothú a bheidh réidh do dhomhan faoi thiomáint na hintleachta saorga, rud a dhéanfaidh de dhul chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta de tairbhí cothroma inbhuanaithe do chách.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na cásanna éagsúla, léigh an tuarascáil ‘Preparing for 2040.’ Ar mhaith leat léamh faoi thodhchaí níos dearfaí don intleacht shaorga? Ansin féach ar ár n‑alt maidir le conas a thógtar réabhlóid na hintleachta saorga do chuardaitheoirí poist óga.

 

Naisc ghaolmhara:

Preparing for 2040

Fós óg agus díreach ag tosú amach ar do ghairm bheatha? Is duitse a fhónfaidh réabhlóid na hintleachta saorga!

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES on Facebook

EURES on Twitter

EURES on LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
  • Treochtaí earcaíochta
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.