Séanadh
Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.
Scagadh de réir
Nuacht EURES (475)
RSSÓ thús phaindéim COVID-19, tá athrú tagtha ar an mbealach a n-oibríonn an-chuid gnólachtaí, cuir i gcás na bearta sábháilteachta éagsúla nó na bealaí chun obair a chur i gcrích go cianda atá tugtha isteach acu. Seo ocht gceist thábhachtacha i dtaca le COVID-19 a d’fhéadfá a chur ar d’fhostóir le linn agallamh poist amach anseo.
Is bealach iontach í an obair shéasúrach chun an domhan a fheiceáil, ach is féidir níos mó rioscaí a bheith ag baint leis na deiseanna spreagúla atá leis ná mar bhaineann le cineálacha eile fostaíochta. Léigh leat chun foghlaim faoin gcosaint atá ar fáil agus faoinar gá a bheith ag faire amach dó.
Le COVID-19, tá athrú ó bhonn tagtha ar an bpróiseas earcaíochta d’fhostóirí. Mar thoradh ar an bpaindéim, tá athrú tagtha freisin ar na cineálacha scileanna atá ag teastáil ó chuideachtaí agus iarratasóirí á lorg acu. Sin é an fáth a bhfuil roinnt ceisteanna COVID-19 ullmhaithe againn chun cabhrú le fostóirí an t-iarrthóir is fearr a roghnú.
Athraíodh an chaoi agus an áit a mbímid ag obair gan choinne nuair a tháinig paindéim COVID —19 ar an saol go luath in 2020. Breathnóimid ar cé acu de na hathruithe sin a bheidh fós ann nuair a chuirfear deireadh leis na srianta go léir.
Chun lántairbhe a bhaint as na deiseanna a chuireann EURES ar fáil, tá treoir ghairid curtha le chéile againn. Mura bhfuil a fhios agat conas is féidir leis an ardán cabhrú leat, léigh ar aghaidh.
Bhí deacrachtaí ag gnólachtaí agus ag fostaithe go sonrach mar gheall ar an bpaindéim. Tháinig laghdú ar spreagadh na mílte oibrí san Eoraip mar gheall ar éiginnteacht i ndáil le poist, scéimeanna scoir agus ábhair imní maidir leis an tsláinte. Tá roinnt leideanna ullmhaithe againn d’fhostóirí chun borradh a chur faoi mheanma a gcuid fostaithe.
De réir mar a osclaítear áiteanna oibre tar éis phaindéim COVID-19, is am maith é seo chun a fháil amach cad iad na tuairimí atá ag do chuid fostaithe ar fhilleadh ar an obair. Chun léargas a fháil ar a gcuid tuairimí agus chun ullmhú don athoscailt, smaoinigh faoi na cúig phríomhcheist uainn a úsáid le haghaidh do shuirbhé ar fhilleadh ar an obair.
De réir suirbhé nua, b’fhearr le formhór na n-oibrithe AE obair a dhéanamh ón mbaile roinnt laethanta sa tseachtain ar a laghad tar éis na paindéime. Leis an tsamhail hibrideach seo tugtar deiseanna nua do chuideachtaí bealaí nua oibre a bhunú. Cad ba cheart do ghnólachtaí a chur san áireamh agus an tsamhail nua seo á cur chun feidhme acu?
D’fhéadfadh an domhan tar éis COVID-19 a bheith lán de neamhchinnteacht agus de dhúshláin. Mar thoradh air sin, tá oibrithe a bhfuil éirim mhothúchánach acu agus a bhfuil raon scileanna boga acu ag teastáil ó chuideachtaí chun cabhrú leo a mbealach a dhéanamh tríd an tréimhse dheacair seo.
Tháinig comhaontú nua i bhfeidhm i mbliana idir an AE agus an RA. Dírítear leis ar chearta agus ar roghanna saoránach AE atá ina gcónaí agus atá ag obair sa RA agus saoránach RA atá ina gcónaí san AE a chosaint.