Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta24 Feabhra 2022An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Iarracht ar leith a dhéanamh chun an post is ansa leat a bhaint amach

Níl tú cinnte an bhfuil do dhóthain á dhéanamh agat chun dul i bhfeidhm ar an bhfostóir a bheidh agat amach anseo? Léigh ár dtreoir phraiticiúil maidir le dul i bhfeidhm go mór ar fhostóirí agus bí in ann an post is ansa leat a fháil.  

Going the extra mile to land your dream job
EURES

1. Déan do chuid taighde!

Mura bhfuil mórán eolais agat faoin gcuideachta nó faoin earnáil, b’fhéidir go mbeadh an fostóir in amhras maidir le cén fáth a bhfuil tú i mbun agallaimh don phost. Is áit mhaith le tosú í suíomh gréasáin na cuideachta. Léigh aon nuacht agus na hailt atá le fáil ar an suíomh, chomh maith leis an rannán ‘maidir le’ chun tuiscint a fháil ar conas mar a bunaíodh an chuideachta agus ar na príomhchuspóirí atá aige. Ansin, téigh níos faide fós. Breathnaigh ar an gcuideachta ar shuíomhanna meán sóisialta ar nós LinkedIn, Twitter agus Facebook. Tabharfaidh sé sin léargas níos fearr duit ar ghníomhaíochtaí agus ar chultúr na cuideachta ó lá go lá. Agus tú eolach ar an gcuideachta, beidh tú in ann a thaispeáint go bhfuil suim agat sa ról agus go bhfuil tú toilteanach cur léi.

2. Script a ullmhú

Nuair a bheidh an oiread sin foghlamtha agat agus is féidir mar gheall ar d’fhostóir féideartha, bí ag smaoineamh ar cad ba mhaith leo a fháil amach fútsa. Mura bhfuil tú cinnte, bain triail as cuardach ar líne ar cheisteanna coiteanna agallaimh. Bí réidh chun insint don agallóir fút féin, ag cur san áireamh an taithí atá gnóthaithe agat cheana féin, do chuid scileanna agus do láidreachtaí. Is féidir go n-iarrfar ort freisin cén fáth ar chuir tú isteach ar an bpost (tabhair isteach eolas a fuair tú ón taighde atá déanta agat) agus an méid is féidir leat cur leis an bhfoireann. Caith am ag scríobh síos do chuid freagraí – beidh sé seo mar script agallaimh agat.

3. Cleachtadh, cleachtadh agus a thuilleadh cleachtaidh

Anois go bhfuil do script réidh, tá sé in am duit tabhairt faoin gcleachtadh! Déan do chuid freagraí a athrá amach os ard – cabhróidh sé seo leat féinmhuinín a léiriú go réidh agus tú ag labhairt le d’agallóir. D’fhéadfaí go dtiocfadh ceisteanna agus freagraí nua as an bpróiseas sin, ar ceisteanna agus freagraí iad is féidir leat a ionchorprú. Má bhraitheann tú compordach, iarr ar chara nó ar bhall teaghlaigh leat tú a chur faoi agallamh le do shraith ceisteanna chun an scéal a athchruthú agus tú féin a ullmhú le haghaidh an fhíoragallaimh ar bhealach níos fearr. Seachas díreach a bheith ag léamh ó phíosa páipéir, déan iarracht dul i ngleic le d’agallóir agus do chuid freagraí a fhí isteach sa chomhrá. Iarr ar do chairde agus ar do theaghlach a n-aiseolas a thabhairt duit lena chinntiú go bhfuil tú ag labhairt go soiléir agus nach bhfuil tú caint rómhall ná róthapa, agus gur féidir leat a bheith ag féachaint d’agallóir sa tsúil.

4. Bí feasach ar an timpeallacht ina bhfuil tú

Má iarradh ort freastal ar agallamh ar líne, smaoinigh ar an áit a mbeidh sé ar siúl. Chun dul i bhfeidhm go mór ar d’fhostóir, roghnaigh áit chiúin nach mbeidh aon torann suaiteach ag cur isteach ort, le cúlra simplí cosúil le balla bán taobh thiar díot. Más rud é nach bhfuil an rogha sin agat, déan cinnte de go bhfuil an áit a bhfuil tú glan agus slachtmhar. Is féidir leis an soilsiú difríocht mhór a dhéanamh freisin do ghlao físe – déan iarracht suí os comhair fuinneog le solas nádúrtha ag teacht isteach ort agus áiteanna dorcha a sheachaint ionas gur féidir le d’agallóir tú a fheiceáil go soiléir. Mura bhfuil rochtain agat ar áit oiriúnach sa bhaile, smaoinigh ar fhreastal ar an agallamh áit éigin eile amhail teach carad.

5. Bí in ann a chruthú gur mian leat an post

Seo an post is ansa leat, mar sin cuir é sin in iúl do d’agallóir! Bain úsáid as do chuid eolais faoin gcuideachta agus faoin earnáil chun do thiomantas don ról a léiriú. Tá sé tábhachtach go mbraithfear uait go bhfuil suim agat sa phost agus tuin chairdiúil in úsáid agat le linn an chomhrá. Mura bhfuil cuma ort go bhfuil spéis agat sa phost (cuir i gcás, má tá tú ag breathnú timpeall an tseomra nó ar d’fhón), ní hamháin go nglacfaidh an t-agallóir leis nach bhfuil tú dáiríre maidir leis an ról a bhfuil tú ag cur isteach air, ach tá seans ann nach mbreathnófar ort mar chomhghleacaí insroichte má fhostófar thú.

Tá na huirlisí agat agus mar sin bí cinnte iarratas a chur isteach nuair a fheicfidh tú an fógra maidir leis an bpost is ansa leat. Mura bhfuil sé faighte agat go fóill, breathnaigh ar Tairseach EURES atá lán de dheiseanna fostaíochta.

 

Naisc ghaolmhara:

LinkedIn

Twitter

Facebook

Tairseach EURES

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Cúnamh agus tacaíocht
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.