
Bloic ama a leagan amach
Ach bloic ama a leagan amach, is féidir do lá a bhainistiú go héifeachtach trí do chuid cúraimí a struchtúrú ina dtréimhsí, in ionad a bheith ag preabadh idir cúraimí éagsúla i rith an lae. Is modh simplí agus éifeachtach é bloic ama a leagan amach duit féin chun tionscadail éagsúla a bhainistiú agus is bealach iontach é chun iltascáil a sheachaint. Is mór an bac ar an táirgiúlacht é cúpla rud a dhéanamh ag an am céanna. D’fhéadfadh an chuma a bheith air gur bealach éifeachtach é an preabadh idir dhá chúram nó níos mó chun déileáil leis an obair de réir mar a thagann sí isteach, ach cuirfidh an cur chuige sin isteach ort agus ní bheidh tú in ann obair éifeachtach, spriocdhírithe a dhéanamh. Bain triail as bloic ama a leagan amach duit féin chun deireadh a chur leis an iltascáil agus struchtúr a chur ar do lá, rud a chuideoidh leat díriú ar an obair agus do sprioc a bhaint amach gan aon rud a bheith ag cur isteach ort.
Spriocanna réalaíocha a leagan síos
Nuair a bhíonn an t-ualach oibre ró-throm, is tábhachtach an rud é a chur i gcuimhne duit féin nach meaisín thú. D’fhéadfadh sé go dtógfaidh an obair níos faide ort ná mar a bhí beartaithe ar dtús, agus tá sé sin ceart go leor. Bíonn spriocdháta réalaíoch más ceann é lena dtugtar aitheantas dó nach mbeidh tú lán-éifeachtach agus tú ag obair agus lena gcuirfear sin san áireamh. Níl le déanamh agat ach níos mó ama a leagan amach ná mar a theastaíonn uait, agus is lú an méid struis a bheith ort faoi bheith réitithe roimh an spriocdháta. Tairbhe eile fós is ea go mbeidh níos mó ama agat chun athbhreithniú a dhéanamh ar do chuid oibre agus b’fhéidir fiú go rachaidh tú i bhfeidhm ar chomhghleacaithe leat tríd an obair a chríochnú go luath!
Déileáil le hiarrataí práinneacha
Fiú má bhíonn do chuid ama leagtha amach go cruinn ceart agat, b’fhéidir go n-iarrfar ort píosa práinneach oibre a dhéanamh agus nach mbeidh an t-am agat tabhairt faoi. Nuair a tharlaíonn sé sin, tá sé rí-thábhachtach é sin a chur in iúl do do bhainisteoir líne. Is féidir leat iarraidh ar an té sin cabhrú leat do liosta cúraimí a atheagrú chun an obair phráinneach a chur in ionad cúraimí nach mbaineann an tábhacht chéanna leo. Tá sé ríthábhachtach a chur in iúl go soiléir céard atá ar do chumas a dhéanamh agus fágfaidh sé nach mbeidh strus ort agus tú ag iarraidh gach uile shórt rud a dhéanamh agus é ag cliseadh ort. Más bainisteoir thú, labhair le do bhaill foirne agus cabhraigh leo a gcuid cúraimí a atheagrú nó déan comhordú ar roinnt na hoibre i measc na mball eile den fhoireann.
Idirbheartaíocht a dhéanamh maidir le spriocdhátaí
Nuair a leagtar cúram ort, is nádúrtha an rud é nár mhian leat díomá a chur ar dhaoine, mar sin b’fhéidir go nglacfá trí thimpiste le spriocdháta nach féidir cloí leis. D’fhéadfadh an chuma a bheith ar an scéal gur bealach éasca é sin chun éalú ó sheasamh i gcoinne duine agus cúram a dhiúltú, ach seans gur in olcas a rachadh cúrsaí ansin toisc go dtógann sé níos mó ama idirbheartaíocht a dhéanamh maidir le spriocdháta nua. Mura féidir leat do spriocdháta a chomhlíonadh, cuir in iúl do do chomhghleacaí roimh ré é go mbeidh síneadh ama ag teastáil uait. Dá luaithe a bheidh a fhios sin aige nó aici, is ea is mó ama a bheidh aige nó aici chun rudaí a chur in oiriúint agus is ea is tuisceanaí a bheidh sé nó sí.
Sosanna gearra a thógáil go rialta
Agus an méid sin go léir thuas déanta agat, má thugann tú faoi deara go bhfuil tú ag stánadh ar an scáileán, gan é ar do chumas díriú ar an obair, nó ag cur cúraimí ar an méar fhada, b’fhéidir go bhfuil sos ag teastáil uait. Fiú má bhraitheann tú go bhfuil an méid atá á dhéanamh agat chomh tábhachtach sin nach bhféadfaí é a fhágáil i leataobh ar feadh nóiméid, d’fhéadfadh an oiread struis a bheith ort nach mbeidh tú ag obair ar bhealach éifeachtach. Bain triail as éirí ón deasc ar feadh cúig nóiméad, dul amach faoin aer seal, nó deoch uisce a fháil. Cabhróidh sosanna gearra leat do scíth a ligean agus gan smaoineamh ar an obair, agus d’fhéadfadh sé, aisteach go leor, gurb é sin díreach an rud is gá duit a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcur chuige atá agat ó thaobh na hoibre.
Bíonn scileanna boga éagsúla i gceist le bheith ag obair go héifeachtach le daoine eile, agus cumarsáid, bainistíocht ama agus réiteach fadhbanna ina measc. Cé go bhféadfadh an chuma a bheith air go bhfuil na scileanna sin ag roinnt daoine ó dhúchas, is féidir leat iad a threisiú ar roinnt bealaí simplí. Féach ar an alt seo chun níos mó a fhoghlaim.
Naisc ghaolmhara:
Ní gá go mbeadh sé deacair do scileanna boga a neartú
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Coinníollacha maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 21 Samhain 2022
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / Fiontraíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Leideanna agus Moltaí
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles