Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)

Ní gá go mbeadh sé deacair do chuid scileanna boga a neartú

Bíonn scileanna boga éagsúla i gceist le bheith ag obair go héifeachtach le daoine eile, ina measc cumarsáid, bainistíocht ama agus réiteach fadhbanna. Cé go bhféadfadh an chuma a bheith air go bhfuil na scileanna sin ag roinnt daoine ó dhúchas, is féidir leat iad a threisiú ar roinnt bealaí simplí.

  • Alt nuachta
  • 10 Lúnasa 2022
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad
Strengthening your soft skills doesn’t need to be hard

1. Lorg aiseolas

Is féidir leis a bheith deacair meon oibiachtúil a bheith agat faoi do chuid oibre féin. Iarr ar chomhghleacaithe a mbíonn tú ag obair leo go rialta agus a bhfuil muinín agat astu píosa gairid aiseolais a thabhairt. Mar shampla, d’fhéadfaidís trí láidreacht a lua agus trí réimse ina bhfuil deis feabhais agat. D’fhéadfadh sé gur ag deireadh tionscadail thábhachtaigh an t‑am oiriúnach chun é sin a dhéanamh, nó le linn tréimhse roimh athbhreithniú feidhmíochta. Is féidir leis sin cabhrú leat díriú ar na scileanna boga nach mór duit a fhorbairt tuilleadh.

2. Foghlaim ó dhaoine eile

Déan iarracht aithris a dhéanamh ar iompar na ndaoine ar fearr leat a bheith ag obair leo. Smaoinigh ar na tréithe atá ag comhghleacaí nó cliant ar leith a fhágann gur breá an rud a bheith ag obair leo. B’fhéidir go bhfuil an-chumas acu guaim a choinneáil orthu féin agus iad faoi bhrú, nó b’fhéidir go dtugann siad aiseolas cuiditheach atá an-úsáideach? Cibé rud é féin, bíodh sé ina aidhm agat é a bheith ina ghné den chur chuige atá agatsa i leith na hoibre.

3. Glac páirt in oiliúint

Bain leas as aon am breise a d’fhéadfadh a bheith agat le linn do lae oibre chun páirt a ghlacadh in oiliúint ar líne agus do chuid scileanna boga a fhorbairt. Mar shampla, cuireann LinkedIn Learning Conair Foghlama ar fáil dar teideal “In-Demand Professional Soft Skills” [Scileanna Boga a bhfuil Éileamh orthu], agus soláthraíonn Udemy cúrsa dar teideal “11 Essential Career Soft Skills” [11 Scil Ghairme Bhoga Riachtanacha].

4. Bí ag cleachtadh i do chuid ama shaoir

Glac páirt i ngníomhaíocht aghaidh ar aghaidh chun do chuid scileanna boga a chleachtadh taobh amuigh den obair. Mar shampla, bí i do bhall d’fhoireann spóirt, nó déan obair dheonach do charthanas áitiúil. Cleachtadh a dhéanann máistreacht, tar éis an tsaoil, agus is féidir leis sin a bheith ina dheis iontach chun triail a bhaint as do chuid scileanna i dtimpeallacht ísealbhrú.

5. Bíodh an meon agat gur deiseanna machnaimh agus forbartha iad ‘botúin’

Nuair nach dtéann rudaí mar ba chóir, bíodh sé sin ina dheis duit chun machnamh a dhéanamh ar conas is féidir leat na fadhbanna céanna a sheachaint nó a íoslaghdú amach anseo, agus d’iompar a chur in oiriúint dá réir. Cabhróidh sé sin lena chinntiú go mbeidh do chuid scileanna boga seasta á bhforbairt agus á bhfeabhsú agat.

I gcomhpháirtíocht le EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile.

 

Naisc ghaolmhara:

Conair Foghlama LinkedIn — ‘In-Demand Professional Soft Skills’ [Scileanna Boga a bhfuil Éileamh orthu]

Udemy — ‘11 Essential Career Soft Skills’ [11 Scil Bhog Riachtanach Ghairme]

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Dáta foilsithe
10 Lúnasa 2022
Údair
An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.