Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta7 Deireadh Fómhair 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Na hocht gceist i dtaca le COVID-19 ba cheart do gach cuardaitheoir poist a chur le linn agallaimh

Ó thús phaindéim COVID-19, tá athrú tagtha ar an mbealach a n-oibríonn an-chuid gnólachtaí, cuir i gcás na bearta sábháilteachta éagsúla nó na bealaí chun obair a chur i gcrích go cianda atá tugtha isteach acu. Seo ocht gceist thábhachtacha i dtaca le COVID-19 a d’fhéadfá a chur ar d’fhostóir le linn agallamh poist amach anseo.

Top 8 COVID-19 questions every jobseeker should ask at interviews
Unsplash

Is minic a bhíonn agallaimh phoist cosúil le ceistiúchán don iarrthóir. D’fhonn go mbeadh an dá pháirtí in ann cinneadh an bhfuil siad in oiriúint dá chéile, b’fhearr go mbeadh an t-agallamh ní ba chosúla le comhrá. Ina theannta sin, trí cheisteanna ábhartha a chur, is léir spéis agus inniúlacht na gcuardaitheoirí poist, rud a théann i bhfeidhm ar an agallóir ar bhealach dearfach agus iad ag bualadh leat den chéad uair.

Cuimhnigh gur gnách go dtugtar an deis d’iarrthóirí a gceisteanna a chur ag an deireadh, agus mar sin ba chóir duit cead a thabhairt don fhostóir an t-agallamh a threorú. Ceann de na treoracha ginearálta is fearr ná idir dhá agus ceithre cheist a bheith ullmhaithe agat roimh ré. A fhaide ar aghaidh tríd an bpróiseas agallaimh a théann tú, is ea is mó na ceisteanna is féidir leat a chur.

Cad iad na ceachtanna a d’fhoghlaim an chuideachta a bhuí leis an ngéarchéim?

Ní raibh formhór na ngnólachtaí ullmhaithe le glacadh leis an gcaoi a ndeachaigh an phaindéim i bhfeidhm ar shaol na hoibre. Mar sin féin, tá go leor fostóirí tar éis a gcur chuige a chur in oiriúint do na cúinsí nua sin go tapa. Tá sé tábhachtach a fháil amach cad iad na ceachtanna atá foghlamtha ag an bhfostóir, ionas gur féidir leat cinneadh cé chomh ullmhaithe is atá siad freagairt do ghéarchéimeanna den chineál céanna amach anseo nó an bhfuil siad i bhfabhar cianoibrithe.

Cén chaoi a bhfuil fostaithe á gcoinneáil sábháilte agat le linn díospóidí custaiméara maidir le rialacha sábháilteachta?

Is féidir le díospóidí maidir le maisc aghaidhe agus rialacha sábháilteachta eile a bheith coitianta go leor i bpoist atá dírithe ar chliaint, amhail cúntóirí siopa agus baristas. Tá sé tábhachtach go mbeadh treoir ag an bhfostóir maidir le hargóintí den sórt sin a bhainistiú agus a bheachtú.

Má tholgann fostaí de do chuid COVID-19, cad é beartas na cuideachta chun an chuid eile den fhoireann a choinneáil slán?

In ainneoin gach réamhchúram sábháilteachta agus na rátaí arda vacsaínithe, is dócha go fóill gur féidir le fostaí a bheith ionfhabhtaithe le COVID-19. Beidh prótacal i bhfeidhm ag dea-fhostóirí lena chinntiú go mbeidh an chuid eile den fhoireann sábháilte, mar shampla trí thástáil rialta nó trí bheartas maidir le bheith in ann obair ón mbaile, etc.

An gcuireann tú aon tacaíocht ar fáil nuair is gá d’fhostaithe aire a thabhairt do bhall teaghlaigh atá breoite?

Má tá ball de do theaghlach i mbaol an víris, is tábhachtaí fós é an cheist sin a chur. Ar an drochuair, nuair a bhíonn orainn aire a thabhairt do bhall teaghlaigh atá breoite, d’fhéadfadh sé nach mbeadh fostóirí áirithe chomh tuisceanach lena chéile. Féach an bhfuil beartas ag d’fhostóir maidir le cásanna den sórt sin.

Cad é beartas do chuideachta maidir le bheith ag obair ón mbaile?

Ag tús na paindéime, b’éigean do go leor gnólachtaí iarraidh ar a gcuid fostaithe obair ón mbaile. Mar sin féin, tá deireadh á chur le srianta ar fud na hEorpa de réir a chéile, agus is féidir le cuid mhaith cuideachtaí anois a rogha slí oibre a chur i bhfeidhm. Má tá sé tábhachtach duitse, iarr ar d’fhostóir an bhfuil rogha fadtéarmach solúbtha nó chianoibre acu (nó an bhfuil sé i gceist acu na roghanna sin a chur chun feidhme).

Cén tacaíocht a thugann tú d’oibrithe cianda?

Cuireann an-chuid fostóirí pacáistí folláine, oiliúint agus trealamh (e.g. ríomhairí glúine oibre, ríomhairí deisce, ceamaraí gréasáin) ar fáil chun cabhrú lena bhfostaithe a gcuid post a dhéanamh go cianda. Déan deimhin de go n-iarrfaidh tú ar an bhfostóir cén tacaíocht a gcuireann siad ar fáil dóibh siúd a oibríonn ón mbaile.

Cén tionchar a bhí ag COVID-19 ar an ról?

Tá sé tábhachtach a chinneadh cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bpaindéim nó ag géarchéimeanna comhchosúla ar do ról. Fiafraigh de d’fhostóir ar athraigh príomhchúraimí do róil le linn na paindéime agus cén chaoi ar athraíodh iad. Tabharfaidh sé sin léargas duit ar cad ba cheart a bheith ag súil leis amach anseo.

An gceapann tú go mbeidh an ról seo slán go fadtéarmach?

Baineann sé sin go díreach leis an gceist roimhe seo. Sa tréimhse éiginnte seo, tá slándáil poist an-tábhachtach d’aon chuardaitheoir poist. Fiafraigh de d’fhostóir an mbeidh an ról sin slán fhadtéarma dar leo. Fad is go bhfuil solúbthacht ag gabháil le do phost, agus go léiríonn an fostóir go bhfuil siad sásta coigeartú agus a gcur chuige a chur in oiriúint do chúinsí tromchúiseacha, tá seans maith ann go mbeidh tú ceart go leor.

Is féidir agallamh poist ar líne a bheith scáfar. Mar sin, tá roinnt leideanna chun cabhrú leat dul i bhfeidhm ar d’fhostóir amach anseo agus chun tú féin a chur i láthair sa treo ‘fíorúil’ is fearr is féidir.

 

Naisc ghaolmhara:

Conas seasamh amach le linn agallamh poist ar líne

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Treochtaí earcaíochta
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.