Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta4 Bealtaine 2022An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Naoi rud ar cheart a bheith ar eolas ag céimithe nua nuair a thosaíonn siad ag cuardach poist

Níl gá leis an gcuardach do do chéad phost a bheith scanrúil má thugann tú faoi leis an dearcadh ceart agus le haigne oscailte. Breathnaigh ar ár leideanna leis an gcuardach poist a dhéanamh níos taitneamhaí agus níos táirgiúla.

Nine things new graduates should know when they start job searching

Déan nós de bheith ag seiceáil le haghaidh folúntais phoist go rialta

Cibé tairseacha poist a úsáideann tú chun folúntais a aimsiú, bí cinnte iad a sheiceáil gach lá, go háirithe ar laethanta oibre. Déan iarratas ar fholúntais a luaithe a fheicfidh tú iad. Faigheann roinnt fostóirí na céadta iarratas, agus mura bhfuil tú ar dhuine de na chéad iarratasóirí, d’fhéadfá cailleadh amach ar an bpost.

Is bealach maith chun tús a chur leis an lá a scrollbharra tríd na bhfolúntas poist is déanaí agus cupán caife á ól agat ar maidin.

Cuardaigh róshonracha agus róleathana a sheachaint

Nuair atá tú i mbun cuardach i gcomhair deiseanna ar thairseacha poist, bí cinnte na roghanna scagtha a úsáid, le go mbeidh tú in ann na folúntais ábhartha uile a fheiceáil. Cabhróidh sé seo leat folúntais oiriúnacha a aimsiú níos tapúla. Bí cúramach gan do chuardach a dhéanamh róshonrach, mar is fíorbheagán torthaí cuardaigh a bheidh ann dá bharr sin.

Do CV a chur in oiriúint

Botún coitianta a dhéanann cuardaitheoirí poist is ea nach mbíonn acu ach CV amháin, ina bhfuil a gcuid scileanna, eolas maidir lena gcúlra agus a dtaithí go léir. Déan deimhin de go bhfuil do CV curtha in oiriúint don chineál poist a bhfuil tú ag cur isteach air agus ná cuir san áireamh ach faisnéis a bhaineann leis an réimse sin. Má tá iarratas á dhéanamh agat ar phoist in earnálacha éagsúla, ba cheart CV saincheaptha a bheith agat do gach ceann acu.

Ag brath ar an bpost a bhfuil tú ag cur isteach air, is féidir leat liosta de do láidreachtaí nó d’fhillteán tionscadail a chur leis freisin.

Ná déan dearmad aon eispéireas ábhartha ar an obair dheonach a chur san áireamh.

Bí oscailte le haghaidh intéirneachtaí/cúrsaí oiliúna a dhéanamh

Is bealach iontach iad intéirneachtaí agus tréimhsí oiliúna chun tús a chur le do thuras gairme. B’fhéidir nach n-íocfaidh siad mórán (ná nach n-íocfaidh siad ar chor ar bith), ach is féidir leo taithí oibre luachmhar a thabhairt duit, taithí is féidir leat a úsáid chun post lánaimseartha a fháil. Cuireann a lán fostóirí a gconarthaí buana ar fáil freisin ag deireadh na tréimhse intéirneachta má bhí siad sásta lena gcuid oibre.

Bain úsáid as Europass agus EURES chun do CV a chur le chéile agus chun cur isteach ar phoist

Le breis agus 3 mhilliún folúntas, is í tairseach EURES an áit is fearr chun do chéad phost a aimsiú. Téigh i dteagmháil le Comhairleoir EURES i do thír le tuilleadh a fhoghlaim maidir le conas is féidir le EURES cabhrú leat dul isteach sa mhargadh saothair.

Bain úsáid as uirlisí Europass chun CV láidir agus litir chlúdaigh a chur le chéile a mbeidh tionchar aici agus a fhágfaidh go seasfaidh tú amach ó na hiarratasóirí eile.

Snas a chur ar do láithreacht ar na meáin shóisialta

Anois agus tú ar an margadh fostaíochta, ba cheart a fhios a bheith agat go bhfuil go leor fostóirí agus oifigigh acmhainní daonna ag cuardach ainmneacha na n-iarratasóirí ar na meáin shóisialta. Téigh siar ar do chuntais agus a bain/cuir srian le haon phostálacha nach mian leat go bhfeicfeadh d’fhostóir féideartha iad. Bí cinnte go nuashonraíonn tú do phróifíl LinkedIn chomh maith!

Cuir tús le bheith ag líonrú

Tá tábhacht ag gabháil le líonrú do chuardaitheoirí poist agus d’oibrithe araon. Cuidíonn sé leat a bheith ar an eolas faoi na forbairtí is déanaí i d’earnáil, ach is bealach iontach é freisin chun foghlaim faoi dheiseanna fostaíochta nua. Mar chéim thosaigh, is féidir leat dul ar LinkedIn agus féachaint ar ghrúpaí éagsúla tionscail a d’fhéadfá a bheith páirteach iontu.

Is féidir leat fiú iarraidh ar nasc LinkedIn (mar shampla, duine de d’iarmhúinteoirí, d’ollúna nó do chomhdhaltaí) chun moladh a scríobh ar do phróifíl chun lena dhéanamh níos inchreidte.

Glac leis go mb’fhéidir nach mbeidh do chéad phost an post is ansa leat

Is beag duine a fhanann ina gcéad phost le blianta fada. Is gnách go leor do phost a athrú nuair a thagann deis níos fearr chun cinn agus nuair nach féidir leat a thuilleadh a fhoghlaim ag do phost reatha. Mar chéimí nua, is é an rud is tábhachtaí tús a chur le bheith ag obair, ionas gur féidir leat tosú amach ar thaithí a fháil agus ar do líonra gairmiúil a thógáil.

Ná lig do dhiúltú tú a chur in ísle brí

B’fhéidir go mbeifeá ar an iarratasóir is cáilithe le haghaidh folúntas poist, ach i saol domhandaithe an lae inniu, d’fhéadfá a bheith ag dul san iomaíocht leis na gcéadta iarratasóir díreach cosúil leatsa. Ná caill an misneach agus coinnigh ort ag cuardach. Faigheann gach duine a gcéad phost ar deireadh thiar.

Cé go bhfuilimid i ré dhigiteach, is iomaí folúntas poist nach ndéantar a fhógairt go poiblí go fóill. Ina ionad sin, líontar iad trí atreoruithe agus trí líonrú gairmiúil. Féach Na 6 leid is fearr maidir le líonrú éifeachtach ar líne.

I gcomhpháirt le EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile.

 

Naisc ghaolmhara:

Tairseach EURES

Europass

Comhairleoirí EURES a chuardach

Na 6 leid is fearr maidir le líonrú éifeachtach ar líne

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

LinkedIn

 

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.