Dearcthaí nua a fháil
Le himeacht ama, bíonn roinnt cuideachtaí (go háirithe gnólachtaí beaga) ar na seandóigheanna. Uaireanta, bíonn fostaithe chomh dírithe sin ar a ngnólacht a reáchtáil go dtugann siad neamhaird ar cé chomh tábhachtach is atá sé a gcuid dearcthaí a athnuachan agus fanacht cothrom le dáta leis na treochtaí is déanaí sa tionscal. Is bealach iontach iad na hintéirnigh maidir le smaointe agus tuairimí nua a thabhairt isteach i do chuideachta. De ghnáth, tá eolas nua faighte acu ar an tionscal agus, in éineacht leis an dearcadh dearfach atá acu maidir lena gcumas féin, is féidir leo a bheith ina bhfoinse de smaointe cruthaitheacha agus de réitigh nuálacha. Mar sin, a luaithe is a bheidh siad ar bord agat, ná déan dearmad iad a spreagadh chun a gcuid tuairimí a roinnt. Inis dóibh go bhfuil an dearcadh atá acu ag teastáil.
Ualach oibre d’fhostaithe a laghdú
Trí intéirnigh a fhostú, is féidir tacú le do ghnó agus le d’fhostaithe, go háirithe le linn tréimhsí níos gnóthaí. Is gnách go ndéanann intéirnigh dualgais riaracháin éadroma, rud a laghdaíonn ualach oibre d’fhostaithe ionas gur féidir leo díriú ar chúraimí eile. Ach ní cúntóirí riaracháin amháin iad na hintéirnigh − leis an meantóireacht agus an mhaoirseacht cheart, is féidir leo cúraimí níos dáiríre eile a dhéanamh freisin.
Oiliúint a chur ar fhostaithe lánaimseartha féideartha
D’fhéadfadh intéirneacht a bheith ina slí iontach chun oiliúint a chur ar dhuine, eolas a chur orthu ar do ghnólacht, agus a gcumas a thástáil sula bhfostófá go lánaimseartha iad. Féach ar an intéirneacht mar thréimhse thrialach a ligeann duit féin agus don intéirneach a chinneadh cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil do chuideachta ag teacht leo. Is rud maith eile maidir le fostaithe lánaimseartha a dhéanamh d’intéirnigh go bhfuil aithne acu cheana féin ar na baill foirne. Tá siad eolach cheana ar an timpeallacht oibre, mar sin ní bheidh tréimhse oiriúnaithe ann.
Do ghnólacht a chur chun cinn i measc cuardaitheoirí poist a d’fhéadfadh a bheith ann
Má dhéanann tú go maith mar fhostóir, agus má bhíonn d’intéirneach sásta ag deireadh na hintéirneachta, tá an-dóchúlacht ann go n-inseoidh siad do dhaoine eile faoi. Is féidir scéal scéil a bheith ina uirlis chumhachtach chun an teachtaireacht a scaipeadh gur fostóir iontaofa thú agus gur féidir brath ort. Mar thoradh air sin, b’fhéidir go mbeadh níos mó iarratas agat ar fholúntais phoist agus ar intéirneachtaí eile.
Scileanna ceannaireachta d’fhostaithe a threisiú
Ba cheart intéirnigh a phéireáil i gcónaí le meantóirí nó le maoirseoirí chun a áirithiú go bhfuil scileanna nua á bhfoghlaim acu agus go bhfuil jab maith á dhéanamh acu. Is deis iontach é seo chun deis a thabhairt do chuid de d'fhoireann lánaimseartha a scileanna ceannaireachta a thaispeáint agus a fhorbairt. Feicfidh tú na daoine a bhfuil cumas bainistíochta acu i gcás go bhfuil tú ag smaoineamh ar ardú céime a thabhairt do dhuine.
Aimsigh intéirnigh ar EURES
Bain úsáid as Tairseach EURES chun iarrthóirí féideartha ó gach cearn den Eoraip a aimsiú. Ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil le Comhairleoir EURES má bhíonn ceisteanna agat.
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Coinníollacha maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 20 Bealtaine 2022
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / Fiontraíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Treochtaí earcaíochta
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Leideanna agus Moltaí
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles