
Samhlaigh go bhfuil an post faighte agat agus an t‑árasán aimsithe agat, ach sula bpacálann tú do mhálaí, ba cheart duit smaoineamh faoi cá mhéad airgid a bheidh uait láithreach nuair a leaindeálann tú, agus le linn na gcéad chúpla seachtain a bheidh tú thar sáile. Nuair a thosaíonn daoine iad féin a réiteach le haghaidh bogadh thar lear, is gnách dóibh díriú ar na costais fhollasacha ar nós costas míosúil d’áit chónaithe. Ach ní hé cíos bun agus barr an scéil. Beidh ort cuimhneamh ar roinnt costas eile.
Na costais tosaigh atá i bhfolach
I roinnt mhaith Ballstát den Aontas, éilíonn tiarnaí talún éarlais slándála atá comhionann le cíos 2 nó 3 mhí, móide cíos na chéad míosa roimh ré. Sin suas le 4 mhí de chostais tithíochta dlite sula dtéann tú thar tairseach fiú. Gan trácht ar na fóntais. Is minic a bhíonn táillí nasctha nó éarlaisí tosaigh i gceist le fóntais amhail leictreachas, gás, idirlíon agus uisce a chur ar bun, go háirithe mura bhfuil stair chreidmheasa áitiúil nó conradh buan agat. Chomh maith leis sin, ná déan dearmad ar chostais iompair. An mbeidh ort pas míosúil a cheannach láithreach? Nó carr athláimhe, b’fhéidir, murab é is fearr an t‑iompar poiblí sa Bhallstát ina bhfuil tú?
Is féidir leis na caiteachais tosaigh sin a bheith idir EUR 3 000 agus EUR 5 000 i gcathracha ar nós Bheirlín nó Barcelona. I bpríomhchathracha níos costasaí amhail Baile Átha Cliath nó Cóbanhávan, d’fhéadfadh an figiúr sin a bheith i bhfad ní b’airde fós. Mura bhfuil an tsuim sin curtha ar leataobh agat mar mhaolán, d’fhéadfá a bheith i bponc ón tús.
An chéad mhí gan tuarastal iomlán
Seo é fírinne an scéil: gach seans nach bhfaighidh tú do chéad duillín pá an tráth a bheidh tú ag súil leis. Íocann go leor cuideachtaí riaráistí, rud a chiallaíonn go mbíonn ort oibriú mí Mheán Fómhair ar fad ach nach n‑íoctar thú don mhí sin go dtí dheireadh mhí Dheireadh Fómhair. Is é sin le rá, má bhogann tú go luath i mí Mheán Fómhair, beidh dóthain coigiltis de dhíth ort chun idir 6 agus 8 seachtaine de chostais mhaireachtála a chumhdach, ní hamháin 4 seachtaine.
Cuir i dteannta leis sin an costas a bhaineann le doiciméid riachtanacha. Ag brath ar an mBallstát, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort íoc as clárúcháin chónaithe, uimhreacha cánach, árachas sláinte breise (mura bhfuil tú cumhdaithe láithreach ag d’fhostóir), nó fiú aistriúcháin dheimhnithe ar do dhioplómaí, mar shampla. Bíonn na táillí riaracháin sin ag carnadh i ngan fhios duit, fiú.
Chomh maith leis sin, má bhogann do theaghlach leat, bíonn táillí clárúcháin scoile nó éarlaisí cúraim leanaí le cur san áireamh fosta. In éagmais maolán airgeadais, d’fhéadfadh an mhoill sin idir an t‑aistriú agus do chéad duillín pá an-chuid struis a chur ort.
Conas is féidir le EURES cabhrú leat ullmhú lena aghaidh sin
Is deacair na baic airgeadais sin a thuiscint i d’aonar, ach ní gá gur mar sin dó. Sa roinn Dálaí maireachtála agus oibre san Eoraip ar thairseach EURES, cuirtear a lán faisnéise luachmhaire ar fáil ar ábhair thábhachtacha amhail cóiríocht, scolaíocht, cánacha, costas maireachtála, sláinte, reachtaíocht shóisialta agus aitheantas do cháilíochtaí a aimsiú.
Is foinse luachmhar eile treoraíochta agus tacaíochta iad Comhairleoirí EURES. Is féidir leo faisnéis thírshonrach a chur ar fáil duit, cuir i gcás maidir le héarlaisí cíosa, costais fóntais agus timthriallta tipiciúla agus meánacha íocaíochta don Bhallstát a bhfuil tú ag triall air. Chomh maith leis sin, is féidir leo a shoiléiriú cé na doiciméid a theastaíonn uait sula bhfágann tú, agus cé acu atá nó nach bhfuil tú incháilithe d’aon liúntais athlonnaithe nó d’aon tacaíocht eile. Ach teagmháil a dhéanamh le Comhairleoir EURES go luath, is féidir leat buiséad a thógáil lena gcinnteofar go dtosóidh d’eachtra nua le muinín seachas le fiachas.
Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil maidir le cuardach tí san Aontas? Seo seicliosta chun cabhrú leat.
Naisc ghaolmhara:
Dálaí maireachtála agus oibre san Eoraip
Ag cuardach tí san Aontas Eorpach? Seo an áit le tosú
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Ag maireachtáil agus ag obair i dtíortha EURES
Bunachar sonraí post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar líne atá ar na bacáin
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
- Dáta foilsithe
- 22 Deireadh Fómhair 2026
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / Fiontraíocht
- Bosca uirlisí AE le haghaidh soghluaisteachta
- Leideanna agus Moltaí
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Seirbhísí EURES
- Cúnamh agus tacaíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Eolas faoin margadh saothair
- Maireachtáil & Obair
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles