
An raibh a fhios agat nach mbíonn ach idir 3 agus 5 nóiméad ag comhraiceoirí dóiteáin sa lá atá inniu ann chun dul amach go sábháilte as foirgneamh atá trí thine? Tríocha bliain ó shin, b’ionann é sin agus 15 nóiméad – suas le cúig huaire níos faide. Tá an domhan ag athrú – cuir i gcás na hábhair thógála a n‑úsáidimid, téamh an phláinéid, ár nochtadh do ghalair – bíonn tionchar ag na fachtóirí sin go léir, agus go leor eile, ar ár sláinte agus ar ár sábháilteacht san ionad oibre. In eagrán 12 de Just Europe – sraith podchraoltaí de chuid an Aontais ina ndéantar iniúchadh ar na dúshláin atá romhainn ar an mbealach i dtreo Eoraip chothrom agus chuimsitheach a bhaint amach – déantar scrúdú níos géire ar shábháilteacht agus sláinte ceirde, agus ar cad is brí leis sin san 21ú haois.
Tá an domhan ag athrú, agus na rioscaí freisin
Ní hamháin gurb iad na hábhair thógála éagsúla a úsáidtear sa lá atá inniu ann is cúis leis an riosca níos mó a bhaineann le comhrac dóiteáin; bíonn painéil ghréine agus córais leictreacha fuinnimh i bhfoirgnimh anois freisin. Ná déanaimis dearmad ar fheithiclí leictreacha agus ar na dóiteáin is cúis leo ach an oiread. Bíonn rioscaí nua ann do gach oibrí toisc teicneolaíochtaí nua a bheith ag teacht chun cinn.
Mar a mhíníonn Maria Albin – taighdeoir atá páirteach sa tionscadal EPHOR a fhaigheann maoiniú ón Aontas – tá dlúthbhaint ag go leor nochtuithe le chéile, mar sin má nochtar thú do thoisc amháin is cúis le galar, is minic a nochtar thú do thosca eile is cúis le galar ag an am céanna. Cuir i gcás, le haghaidh oibrithe tógála, mar shampla, múch tháthúcháin, torann, ualach oibre fisiciúil trom a bheadh i gceist – agus déanann beagán mórán, dár ndóigh.
Tá ról an athraithe aeráide, agus an aistrithe ghlais freisin, níos tábhachtaí i gcónaí i dtaobh rioscaí sláinte agus sábháilteachta ceirde a athrú. De réir William Cockburn Salazar, Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar EU-OSHA, bíonn duine as gach triúr oibrithe i roinnt tíortha Eorpacha thíos le teocht an-ard nó ó dhroch-chaighdeán aeir. Bíonn ar chomhraiceoirí dóiteáin déileáil le níos mó falscaithe, bíonn oibrithe foraoiseachta buailte ag galair nua muiscíte-iompartha, agus bíonn tumadóirí tráchtála a bhíonn i mbun feirmeacha gaoithe amach ón gcósta a thógáil agus a dheisiú dul i ngleic le contúirtí cosúil le leictreachas ardvoltais, dul i bhfostú i gcáblaí agus tinnis a bhaineann le brú uisce.
Mar sin, cé chomh dea-ullmhaithe is atáimid inniu chun nochtadh comhcheangailte seo a bhainistiú? Dar le Klaus Heeger, Ard-Rúnaí Chónaidhm Eorpach na gCeardchumann Neamhspleách, is éasca a rá go dteorannaímid nochtadh do ghuais ar leith ach sealanna a oiriúnú, an trealamh cuí a úsáid agus leas a bhaint as an intleacht shaorga chun obair a eagrú ar bhealach níos fearr. Dar leis, tagann deacracht chun cinn nuair nach féidir nochtadh ar leith a laghdú a thuilleadh, i.e. nuair is gá a shainaithint cad is féidir a dhéanamh fós chun an riosca a chosc.
Conas timpeallacht oibre níos sábháilte a thógáil
Dar le Rober Marinkovic, Comhairleoir de chuid Eagraíocht Idirnáisiúnta na bhFostóirí, níl aon réiteach draíochta ar an scéal. Mar sin féin, tá sé tábhachtach córas bailithe sonraí agus uirlisí diagnóiseacha a bheith i bhfeidhm, cultúr maith cumarsáide idir oibrithe agus fostóirí, agus timpeallacht ina mbraitheann oibrithe go bhfuil siad sábháilte chun saincheisteanna a phlé.
I mbeagán focal, chun lucht oibre sábháilte agus sláintiúil a chinntiú:
- déan measúnú ar na rioscaí a bhaineann leis an bpost;
- cuir comhairle ar do chuid oibrithe (is mó an t‑eolas atá acu ar na rioscaí atá rompu ná mar atá ag aon duine eile);
- cuir bearta cosanta i bhhfeidhm;
- déan faireachán ar shláinte na bhfostaithe; agus
- cuir oiliúint ar fáil, agus ullmhaigh le haghaidh éigeandálaí.
Ar mhaith leat tuilleadh a fhoghlaim faoi thimpeallacht oibre shláintiúil a chruthú? Léigh faoin gcaoi ar féidir le teicneolaíochtaí digiteacha sábháilteacht agus sláinte san ionad oibre a chur chun cinn.
Naisc ghaolmhara:
Idir tharracóirí uathrialaitheacha agus róbait IS: Spásanna oibre sláintiúla a chothú san Aontas
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar líne atá ar na bacáin
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 11 Meitheamh 2026
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / Fiontraíocht
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles