Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 11 Iúil 2024
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

20 bliain ar an bhfód: Fiche bliain de dheiseanna agus d’fhás do Mhálta agus don tSlóivéin

An 1 Bealtaine 2024, rinne an tAontas comóradh 20 bliain ar an méadú ba mhó a bhí aige riamh, le haontachas comhuaineach 10 dtír nua. Faigh amach cén chaoi a bhfuil sé sin tar éis dul i bhfeidhm ar mhargadh an tsaothair i Málta agus sa tSlóivéin.

20 years together: Two decades of opportunity and growth for Malta and Slovenia

Fiche bliain ó shin, chuaigh an Chipir, an tSeicia, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin isteach i gcomhpháirtíocht pholaitiúil, eacnamaíoch agus chultúrtha thar a bheith suntasach. Dá bharr sin, fuair siad rochtain ar shochair amhail saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine, chomh maith le caighdeáin mhaireachtála agus oibre ní b’airde, agus deiseanna ní b’fhearr.

Ón méadú in 2004 i leith:

  • Cruthaíodh 26 mhilliún post nua ar fud an Aontais, agus tá 6 mhilliún díobh sin lonnaithe sna 10 mBallstát nua.
  • Tá os cionn 2.7 milliún duine óg as na 10 dtír nua tar éis páirt a ghlacadh sa chlár Erasmus+.
  • Tá laghdú suntasach tagtha ar an mbochtaineacht sna 10 dtír freisin: síos ó 37 % in 2005 go 17 % in 2020, agus tá na figiúirí sin fós ag dul i laghad.

Málta

Faoi mar a tharla i bhformhór na mBallstát nua san Aontas, tháinig méadú faoi dhó ar gheilleagar Mhálta óna aontachas leis an Aontas, agus bhí tionchar díreach aige sin ar thírdhreach an tsaothair ann – rud a mhéadaigh go mór na deiseanna fostaíochta sa tír sin. 

Tá ról ríthábhachtach ag EURES Málta maidir le tacaíocht agus treoir a thairiscint do Mháltaigh atá ag lorg deiseanna fostaíochta thar lear. Le cúnamh ón líonra, is féidir le cuardaitheoirí poist ó Mhálta rochtain a fháil ar fholúntais, faisnéis a fháil faoi dhálaí maireachtála agus oibre i dtíortha eile san Aontas, agus tairbhe a bhaint as cúnamh pearsantaithe ina gcuardach poist.

De réir Daniela Caruana, feidhmeannach sinsearach le Seirbhísí Earcaíochta EURES Málta:

“Le haontachas Mhálta leis an Aontas, tá a lán deiseanna curtha ar fáil do chuardaitheoirí poist ó Mhálta – rud lena n‑éascaítear rochtain ar mhargadh saothair níos mó agus níos éagsúla. Ina theannta sin, le ballraíocht san Aontas, éascaíodh an t‑aitheantas a thugtar do cháilíochtaí agus scileanna na Máltach ar fud an Aontais – rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca do ghairmithe Máltacha dul chun cinn gairme agus deiseanna a shaothrú thar lear.”

An tSlóivéin

Is tír eile í an tSlóivéin a bhain tairbhe shuntasach as dul isteach san Aontas Eorpach in 2004, agus dá bhrí sin, chuaigh sí isteach in EURES sa bhliain chéanna. 

Deir Nada Senada Plestenjak ó Oifig Náisiúnta Comhordúcháin EURES an tSlóivéin:

“[Trí dhul isteach in EURES] tugadh an deis dúinn tacaíocht chuimsitheach a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist le linn a n-aistir, bíodh sin sula mbogann siad go tír eile, le linn dóibh a bheith ag obair thar lear, nó nuair a fhilleann siad abhaile. Ina theannta sin, tá ról tábhachtach ag líonra EURES maidir le cúnamh pearsantaithe a chur ar fáil d’oibrithe trasteorann.

Chuir Nada tús lena turas EURES in 2008 mar Chomhairleoir EURES in Oifig Réigiúnach na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí i Liúibleána.

“Ag an am sin, d’eagraíomar go leor ceardlann do chuardaitheoirí poist, d’fhostóirí agus do pháirtithe leasmhara eile, go príomha chun feasacht a mhúscailt faoi shoghluaisteacht na hEorpa. Ba ghnách linn go leor tionscadal earcaíochta a dhéanamh le Comhairleoirí EURES ó thíortha eile chun cabhrú le saoránaigh na Slóivéine post oiriúnach a fháil thar lear. [...] Táimid ag gníomhú anois chun an acmhainneacht saothair uile atá ar fáil a ghníomhachtú chun iarrthóirí oiriúnacha a aimsiú d’fhostóirí sa tSlóivéin, agus chun bheith in ann tacaíocht níos saincheaptha á cur ar fáil do chuardaitheoirí poist agus d’fhillithe.”

An bhfuil tú ag lorg oibre san Aontas Eorpach? Tá Comhairleoir EURES ann chun cabhrú leat.

 

Naisc ghaolmhara:

An Chomhairle Eorpach – Comhairle an Aontais Eorpaigh: Méadú 2004: fíricí agus figiúirí

An Chomhairle Eorpach – Comhairle an Aontais Eorpaigh: Comóradh 20 bliain ar Mhéadú an Aontais Eorpaigh 2004 – daoine arb as na Ballstáit iad ag labhairt faoin gcaoi a ndeachaigh an t-aontachas chun tairbhe dá dtír agus faoin gcaoi ar athraigh sé a saol.

Léigh tuilleadh: 

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.