Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)

Fós óg agus díreach ag tosú amach ar do ghairm bheatha? Is duitse a fhónfaidh réabhlóid na hintleachta saorga!

Tá imní ar go leor daoine go bhfuil an intleacht shaorga ag bagairt ar a bpoist ach, i gcás Eorpaigh óga, tá conairí gairme agus deiseanna úrnua á n‑oscailt aici. 

  • Alt nuachta
  • 12 Feabhra 2026
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad
Young and just starting your career? The AI revolution is built for you!

Níl an intleacht shaorga ina bagairt mar a mhaíonn an saol mór, ná baol air; tá sí ag tabhairt ré nua deiseanna isteach, go háirithe dóibh siúd ata ag dul isteach i ndomhan na hoibre a bhfuil líofacht dhigiteach, inoiriúnaitheacht, ilteangachas agus an misneach acu bealaí nua a fhiosrú. Ní hamháin go bhfuil tionscail á n‑athrú ó bhonn ag aistrithe digiteacha agus glasa an Aontais – tá conairí gairme úrnua á gcruthú acu, agus tá deis iontach ag daoine óga a bheith ar thús cadhnaíochta i dtaca leo.

Poist nua ar na bacáin

Samhlaigh todhchaí ina mhúnlaíonn do chruthaitheacht dearadh comhéadan intleachta saorga, ina sholáthraíonn do phaisean don inbhuanaitheacht cathracha cliste, nó ina nascann do scileanna ilteangacha foirne cúraim sláinte bunaithe ar an intleacht shaorga thar theorainneacha. Tá an todhchaí sin ag teacht chun cinn cheana féin – agus is duitse atá sí deartha.

Faoi 2030, cruthófar níos mó post leis an intleacht shaorga ná mar a chuirfear deireadh leo, go háirithe in earnálacha ardfháis amhail an teicneolaíocht ghlas, nuálaíocht cúraim sláinte, seirbhísí digiteacha agus na meáin chruthaitheacha. Ní raibh poist ar nós eiticeoir intleachta saorga, dearthóir eispéiris meiteachruinne, innealtóir gabhála carbóin ná speisialtóir cianchúraim chriticiúil ann 10 mbliana ó shin, nó bhí siad thar a bheith neamhchoitianta ar a laghad. Faoi 2040, is gnáthphoist a bheidh sna poist sin, agus beidh éileamh mór orthu. Táthar á thuar i dtuarascáil nua ón gCoimisiún Eorpach go dtiocfaidh fás suntasach ar fhostaíocht don aos óg, go háirithe sna hearnálacha teicneolaíochta agus glasa atá ag teacht chun cinn, i gcásanna ina mbíonn uirlisí intleachta saorga forleathan.

Is iad bhur láidreachtaí bhur sárchumhacht

Mar dhaoine óga atá ar thóir poist, tá go leor buntáistí agaibh. D’fhás sibh aníos le fóin chliste, le haipeanna agus le nascacht dhomhanda. Cuireann sibh sibh féin in oiriúint go tapa d’uirlisí nua, agus bíonn sibh ag foghlaim ó phobail ar líne. Labhraíonn sibh roinnt teangacha, agus tá fonn oraibh fadhbanna fíorshaoil a réiteach. Is príomhinniúlachtaí iad sin go léir atá ag teastáil i lucht saothair an lae amárach, agus is é sin go díreach atá á lorg ag fostóirí ar fud na hEorpa. Teastaíonn uathu oibrithe ar féidir leo dul i ngleic leis an athrú, comhoibriú le cultúir éagsúla agus smaoineamh go criticiúil taobh le meaisíní.

Is buntáiste eile í bhur n‑oscailteacht don tsoghluaisteacht. Is cuma más as an Aithin, as Liospóin nó as Taillinn sibh, is féidir le bhur ngairm bheatha sibh féin a thabhairt i bhfad – i ndáiríre. Tá moil intleachta saorga ag teacht chun cinn anois i gcathracha amhail an Ghinéiv, Kraków agus Eindhoven – rud lena gcuirtear róil ar fáil sa teicneolaíocht aeráide, sa teicneolaíocht airgeadais agus san uathoibriú tionsclaíoch.

Ní hamháin go ndéanann EURES an tsoghluaisteacht sin indéanta, ach déanann sé sábháilte í agus tacaíonn sé léi fosta. Trí EURES, is féidir printíseachtaí, cúrsaí oiliúna agus poist ar leibhéal iontrála a aimsiú ar fud 31 tír Eorpach. Le tairseach EURES nasctar sibh freisin le folúntais ardfháis, cuirtear faisnéis maidir le dálaí maireachtála agus oibre ar fud na hEorpa ar fáil daoibh, chomh maith le léargais ar an margadh saothair atá curtha in oiriúint do raon leathan réimsí.

Ní le dul in iomaíocht le meaisíní a bhaineann an todhchaí ach le bheith in ann comhoibriú leo. Láimhseálann an intleacht shaorga gnáthchúraimí – rud a fhágann go mbítear in ann díriú ar an nuálaíocht, straitéisí a fhorbairt agus a bheith cruthaitheach. Is é sin bhur luach, agus is ansin a bheidh na poist is luachmhaire.

Mar sin, cá háit ar cheart duit tosú? Féach ar thairseach poist EURES le haghaidh tréimhsí oiliúna a bhaineann leis an intleacht shaorga sa teicneolaíocht, poist ghlasa san innealtóireacht nó róil sna meáin dhigiteacha i dtionscail chruthaitheacha. Freastail ar imeacht Lá Fostaíochta Eorpach chun bualadh le fostóirí ar bhonn aghaidh ar aghaidh nó go fíorúil. Breathnaigh ar rannán nuachta thairseach EURES le haghaidh ailt ar an intleacht shaorga, scileanna glasa agus digiteacha, an teicneolaíocht agus tuilleadh. Cuimhnigh nach é go bhfuil réabhlóid na hintleachta saorga fós le teacht. Tá sí anseo, agus is ar do shon a fhónann sí.

Tá an feachtas ‘Your career takes you places’ tiomnaithe do thacú le mic léinn ollscoile nó gairmoiliúna, le daoine faoi oiliúint agus le printísigh atá ag lorg a gcéad phoist thar lear. Tabhair cuairt ar an leathanach gréasáin tiomnaithe chun nuashonruithe rialta a fháil ar dheiseanna nua, agus bí ag faire amach do na haischlibeanna #withEURES agus #EURESjobs ar na meáin shóisialta.

 

Naisc ghaolmhara:

The future employment impact of artificial intelligence and emerging digital technologies in Europe [Tionchar amach anseo san Eoraip na fostaíochta intleachta saorga agus na dteicneolaíochtaí digiteacha atá ag teacht chun cinn]

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • #withEURES
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Leideanna agus Moltaí
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
  • Treochtaí earcaíochta
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.