- Barrfheabhsaigh do spás oibre sa bhaile
Roimh do chéad lá, áirithigh go bhfuil an trealamh cuí agat – lena n-áirítear cathaoir, deasc, ceamara, agus micreafón, más gá – agus go bhfuil sé socraithe ar bhealach atá compordach duit. Ós rud é go soláthraíonn a lán áiteanna oibre trealamh sonrach, déan cinnte de go bhfiafróidh tú de d’fhostóir nua an bhfuil an trealamh sin ar fáil duit freisin.
Socraigh do stáisiún oibre i seomra gan mórán torainn agus cur isteach amhairc, agus ina bhfuil soilsiú iomchuí. Tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil dea-nascacht idirlín agat agus go bhfuil na cláir agus na bogearraí a theastaíonn uait suiteáilte.
- Ullmhaigh d’ionduchtú cianda
Roimh do chéad lá, léigh aon ábhair ábhartha ionduchtúcháin a comhroinneadh leat. Más féidir, déan iarracht ainm agus ról na ndaoine a mbeidh tú ag obair leo ar bhonn tráthrialta, go háirithe a mhéid a bhaineann a ról le do ról féin, a fhoghlaim. Ina lán cásanna, tá an fhaisnéis sin ar fáil ar LinkedIn. Is féidir leat taighde a dhéanamh ar an gcuideachta, a héiteas agus a mórthionscadail freisin chun dul i dtaithí ar an gcultúr san áit oibre.
- Foghlaim sainroghanna pearsanta cumarsáide do chomhghleacaithe
Oibríonn cuideachtaí agus foirne difriúla ar bhealaí difriúla. Fágann an obair chianda go mbíonn sé ag éirí níos tábhachtaí i gcónaí breithniú a dhéanamh ar an dóigh ar fearr le do chomhghleacaithe cumarsáid a dhéanamh. An dtaitníonn ríomhphoist fhada mhionsonraithe leo, mar shampla, nó an fearr leo labhairt thar an bhfón? Cé chomh minic agus a bhíonn siad ag iarraidh an t-eolas is deireanaí a fháil le linn cúraimí? An dtaitníonn físghlaonna leo nó arbh fhearr leo cumarsáid a dhéanamh trí theachtaireachtaí meandracha? Is dóigh go bhfaighidh tú na freagraí ar na ceisteanna sin le linn d’ionduchtúcháin agus le linn do chuid oibre ina dhiaidh sin. Más rud é go mbeidh tú éiginnte choíche, áfach, fiafraigh díobh! Ar an nóta sin…
- Labhair amach ar do shon agus ná bíodh aon drogall ort ceisteanna a chur
Agus tú ag obair go cianda, ní bhíonn an deis agat idirghníomhú le daoine san oifig agus ceisteanna a chur ar an dóigh ar ghnách leat a dhéanamh roimhe seo. Anois, is gá duit glao a chur nó ríomhphost nó teachtaireacht a sheoladh má theastaíonn comhairle uait. Tá sé tábhachtach é sin a dhéanamh chun a áirithiú go leanfaidh tú le do chuid oibre a fheabhsú agus nach bhfaighidh do chuid oibre an ceann is fearr ort agus nach ndéanfaidh tú botúin inseachanta.
Murar tairgeadh an deis duit cheana féin, déan iarracht cruinnithe tráthrialta a sceidealú le do bhainisteoir chun dul chun cinn a phlé nó chun an scéala is déanaí a fháil. Tabharfaidh sé sin deis mhinic duit aiseolas a lorg go réamhghníomhach, spriocanna a leagan síos do do chuid oibre amach anseo, agus cabhair a iarraidh nuair a bhíonn tú éiginnte.
- Coinnigh leideanna cabhracha ar fáil
Scríobh treoir ‘mhearthagartha’ duit féin. D’fhéadfaí an treoir sin a scríobh i leabhar nótaí, i ndoiciméad Word nó ar nótaí atá greamaithe timpeall ar do dheasc, fiú; cibé acu is oiriúnaí duit. Ba cheart an treoir a bheith so-rochtana agus ba cheart meabhrúchán tapa a thabhairt inti ar mhionsonraí tábhachtacha a bhaineann le do chuid oibre (e.g. ainm agus ról do chomhghleacaithe, mórthionscadail, suíomhanna gréasáin ábhartha, seoltaí ríomhphoist teagmhála/uimhreacha fóin, etc.).
Tá súil againn go mbeidh na leideanna sin úsáideach duit agus guímid gach rath ort i do ról nua!
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi thionchar na paindéime ar shaol na hoibre, féach an t-alt uainn dar teideal Conas a d’fhéadfaí difear a dhéanamh do shaol na hoibre sa bhliain 2021 de bharr na paindéime.
Naisc ghaolmhara:
Conas a d’fhéadfadh tionchar a bheith ag an bpaindéim ar shaol na hoibre sa bhliain 2021
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 30 Meitheamh 2021
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / Fiontraíocht
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles