Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta12 Aibreán 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Buntáistí luachmhara clár malartaithe oibre idirnáisiúnta

Tá níos mó cuideachtaí ag baint buntáistí as cláir mhalartaithe idirnáisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ina bhealach iontach d’fhostaithe deiseanna nua agus spreagúla a shaothrú. Seo ceithre chúis, dar linn, go bhféadfadh cláir mhalartaithe oibre a bheith foirfe duitse.

The invaluable benefits of international work exchange programmes
Shutterstock

Eispéireas a chuireann le do shaol

Is féidir le tréimhse a chaitheamh thar lear a bheith ina eispéireas a athraíonn do shaol agus a chuireann leis. Cuirfidh na bealaí éagsúla oibre dúshlán romhat agus beidh siad tairbheach duit, rud a chuirfidh ar do chumas scileanna nua a fhoghlaim ar féidir leat a thabhairt ar ais leat. Beidh tuilleadh neamhspleáchais agat agus tú ag cur fút thar lear agus tú in ann tú féin a thumadh i gcultúr eile. B’iontach an deis a bheadh ann chun teanga a fhoghlaim, rud nárbh fhéidir leis ach dul i gcion ar do chomhghleacaithe ag an obair! Ní hamháin go bhfillfidh tú le scileanna agus le hinniúlachtaí nua oibre ach beidh cuimhní agus scéalta iontacha le roinnt agat freisin.

An deis chun líonrú agus teagmhálacha a dhéanamh

Bíonn deiseanna iomadúla i gceist le dul i mbun oibre thar lear. Déan iarracht úsáid a bhaint as aon imeachtaí líonraithe a eagraíonn do chuideachta ionas gur féidir leat bualadh le daoine ó chúlraí éagsúla. Is féidir leis na teagmhálacha a dhéanann tú a bheith ina uirlis chumhachtach. Is féidir leat dul ina muinín nuair a bhíonn tú ag cur iarratas isteach ar phost nua nó is féidir leo tú a chur ar an eolas faoi aon deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ar fáil. Is féidir deiseanna a thapú nach raibh ar fáil duit roimh ré má leathnaíonn tú d’fhócas trí theagmhálacha idirnáisiúnta a dhéanamh, rud a ligeann duit do ghairm bheatha a ardú go dtí an chéad leibhéal eile.

Iontach le haghaidh do CV

Ceann de na buntáistí móra a bhaineann le clár malartaithe oibre idirnáisiúnta is ea cé chomh hiontach is atá sé le haghaidh do CV. Léiríonn sé go bhfuil tú réamhghníomhach agus toilteanach rioscaí a ghlacadh. Léiríonn sé freisin go bhfuil tú tiomanta cur le do scileanna gairmiúla. Má tá tú ag cur isteach ar phost le cuideachta ag a bhfuil tionchar domhanda, is féidir le do thaithí idirnáisiúnta cabhrú leat seasamh amach i measc iarrthóirí eile. Cuirfidh fostóirí spéis i do CV agus beidh suim acu tuilleadh a fhoghlaim faoi d’eispéireas. Má ghlaotar chun agallaimh thú, b’iontach an deis í labhairt faoin am a chaith tú ag obair thar lear, faoi na scileanna gairmiúla agus pearsanta a ghnóthaigh tú, agus faoin gcaoi a mbíonn siad tairbhiúil do d’fhostóir.

Rochtain ar an margadh domhanda fostaíochta

Tá a fhios againn go léir gur féidir é a bheith deacair go leor post a chuardach agus gur féidir an-chuid ama a chaitheamh air. Mar sin féin, is é a bhíonn mar thoradh ar do thaithí idirnáisiúnta go seasann tú amach i measc iarrthóirí eile i margadh fostaíochta atá ag éirí níos iomaíche. Fágann cláir mhalartaithe oibre go mbíonn an-tóir ort ag fostóirí, ní hamháin i gcás earcaitheoirí náisiúnta ach freisin i gcás earcaitheoirí idirnáisiúnta i ngeilleagair nua agus i ngeilleagair atá ag teacht chun cinn. Tá cuideachtaí idirnáisiúnta ag iarraidh a ngnó a leathnú i gcónaí le daoine a bhfuil taithí oibre ilchultúrtha acu. Bíonn an cumas agat freisin tuarastal níos airde a thuilleamh mar go bhfuil an margadh fostaíochta domhanda saibhir ó thaobh ionchas de. Mar sin, má tá tú ag lorg eachtra nua nó má thagann tú ar an deis fhoirfe ghairme, d’fhéadfadh do chlár malartaithe oibre a bheith ina bhua mór.

An bhfuil tú ar tí tabhairt faoi do thuras gairme? Féach ar chuid de na scileanna digiteacha is mó éileamh ar mhargadh an tsaothair faoi láthair.

 

Naisc ghaolmhara:

Is féidir leis na scileanna digiteacha seo d’infhostaitheacht a fheabhsú

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Treochtaí earcaíochta
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.