
Margaíocht dhigiteach
Le dul chun cinn na teicneolaíochta agus na meán sóisialta, níl an chuid is mó de chuideachtaí ag brath ach ar an mhargaíocht thraidisiúnta a thuilleadh. Sa lá atá inniu ann, mura bhfógraíonn cuideachta a cuid seirbhísí go digiteach, beidh sé deacair aici aird na gcustaiméirí a tharraingt. Baintear úsáid as margaíocht dhigiteach chun táirgí agus seirbhísí cuideachtaí a chur chun cinn trí fhógraíocht ar na meáin shóisialta, optamú na n‑inneall cuardaigh, uirlisí anailísíochta, feachtais ríomhphoist agus araile.
Anailísíocht sonraí
Bailíonn cuideachtaí méideanna móra sonraí luachmhara óna gcustaiméirí. Bíonn daoine ag teastáil uathu ar féidir leo na sonraí sin a léirmhíniú, ionas gur féidir leo tuiscint níos fearr a fháil ar a gcustaiméirí, feabhas a chur ar a gcuid táirgí agus díolacháin a uasmhéadú. Ós rud é go bhfuil sonraí mar chuid riachtanach de na seirbhísí digiteacha go léir, is scil ar éileamh í anailís sonraí a bheidh ann go deo.
Bainistiú tionscadal digiteach
Cuid ríthábhachtach d’fhorbairt táirgí agus seirbhísí digiteacha is ea bainistiú tionscadal digiteach. Ní mór do bhainisteoirí tionscadal digiteach eolas cuimsitheach a bheith acu ar an bpróiseas ina iomláine − ón smaoineamh go forbairt an táirge nó na seirbhíse deiridh. Déanann bainisteoir tionscadal digiteach maoirseacht ar an bpróiseas ar fad, ag cinntiú go gcomhlíontar gach sprioc-am agus go bhfuil an táirge nó an tseirbhís ar an gcaighdeán cuí.
Ríomhchlárú, forbairt gréasáin agus aipeanna
Tá méadú ag teacht ar líon na gcuideachtaí a bhfuil forbróirí gréasáin de dhíth orthu, toisc go bhfuil códú ríthábhachtach chun aon táirge teicneolaíochta, seirbhís dhigiteach nó suíomh gréasáin a chruthú. Sin é an fáth gur minic a liostaítear ríomhchlárú agus forbairt gréasáin nó aipeanna i measc na scileanna is mó éileamh ar LinkedIn.
Na meáin shóisialta
Tuigeann go leor cuideachtaí go gcaithfidh siad láithreacht ghairmiúil a bheith acu ar na meáin shóisialta. Déanann bainisteoir meán sóisialta deimhin de go ndéantar ionadaíocht éifeachtach ar tháirgí agus ar ghníomhaíochtaí na cuideachta ar na meáin shóisialta. Má dhéanann siad a bpost i gceart, is féidir leo bonn cliant agus díolacháin na cuideachta a leathnú go fiú.
Físeáin a dhéanamh
Le blianta beaga anuas, tá a lán de na mórmheáin shóisialta tar éis tús áite a thabhairt d’ábhar físe ar íomhánna agus ar théacs. Bíonn ábhar físe níos fearr do thomhaltóirí agus bíonn sé níos siamsúla agus níos tarraingtí do gach aoisghrúpa. Tá go leor cuideachtaí ag earcú daoine a bhfuil scileanna déanta físeán acu chun cabhrú leo a gcuid táirgí a chur chun cinn, agus físeáin teagaisc a chur ar fáil dá gcustaiméirí nó oiliúint a chur ar fáil don fhoireann.
Dearadh gréasáin
Déanann dearthóirí gréasáin cinnte de go mbíonn táirgí gréasáin agus láithreáin ghréasáin ní hamháin feidhmiúil ach go mbíonn cuma mhaith orthu freisin agus go mbíonn siad furasta le húsáid. Is gné thábhachtach é sin don rath a mbeidh ar aon chuideachta theicneolaíochta. Beidh daoine a bhfuil dea-scileanna deartha gréasáin acu ag teastáil ó aon chuideachta atá ag iarraidh go mbeadh cuma shlachtmhar ghairmiúil ar a láithreacht gréasáin.
Is féidir le EURES cabhrú leat
Más mian leat scil nua a fhoghlaim ach nach bhfuil tú cinnte cá háit le tosú, féach ar ár n‑alt Na 6 ardán saor in aisce is fearr do chúrsaí ar líne. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin le Comhairleoirí EURES ar féidir leo cabhrú leat do láidreachtaí agus do leasanna a aithint, agus tacóidh siad leat poist a chuardach agus iarratas a chur isteach orthu.
Cuardaigh Comhairleoir EURES i do réigiún féin nó déan teagmháil le do Chomhairleoir áitiúil EURES trí chomhrá a dhéanamh leo.
I gcomhpháirt le EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile.
Naisc ghaolmhara:
Déan comhrá le Comhairleoirí EURES
Na scileanna crua agus boga is mó éileamh in 2020
Na 6 ardáin saor in aisce is fearr do chúrsaí ar líne
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 26 Deireadh Fómhair 2022
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Leideanna agus Moltaí
- Treochtaí earcaíochta
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Cúnamh agus tacaíocht
- Leideanna agus Moltaí
- Eolas faoin margadh saothair
- Foghlaim
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles