Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 4 Meán Fómhair 2024
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

Conas nascleanúint go rathúil ag aonach gairme

Is fóinteach an suíomh iad aontaí gairme do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí araon chun idirghníomhú agus chun naisc rathúla a bhunú. Seo mar is féidir leat an leas is fearr a bhaint as freastal ar aonach gairme.

How to successfully navigate a career fair

Cibé an céimí nua thú ag lorg do chéad phoist nó an ag iarraidh athrú gairme atá tú, is féidir leis an tóir ar phost a bheith strusmhar. Ag aontaí gairme, tugtar fostóirí ionchasacha éagsúla le chéile san aon áit amháin, rud a fhágann go mbíonn sé i bhfad níos fusa nascadh le chéile. Tugann siad deis duit roghanna éagsúla a fhiosrú san earnáil/sna hearnálacha a bhfuil spéis agat inti/iontu, líonrú a dhéanamh le hearcaitheoirí nó gairmithe eile ar bhonn aghaidh ar aghaidh, agus, má bhíonn an t‑ádh ort, agallaimh a fháil le togha agus rogha na ngnólachtaí. Léigh ar aghaidh chun fáil amach conas an leas is fearr a bhaint as do chuairt ar aonach gairme.

Bí ullamh

Ós rud é go bhfuil tú ag iarraidh líonrú chun do chéad phost eile a fháil, bí cinnte go bhfuil snas agus blas curtha agat ar do CV Europass agus go bhfuil sé sin, maille le do phróifíl LinkedIn nó aon ardán gairmiúil eile atá á úsáid agat, tugtha chun dáta agat fosta. Más rud é go bhfuil se ar intinn agat díriú ar roinnt tionscal éagsúil, déan do mhachnamh ar do CV a chur in oiriúint le haghaidh gach cinn acu chun an tsraith scileanna atá agat atá ábhartha do gach ceann de na réimsí as a chéile a bhfuil tú ag díriú orthu a thaispeáint. Ina theannta sin, déan cleachtadh roinnt ceisteanna tipiciúla fút féin, faoi do thaithí agus faoi do mhianta reatha a fhreagairt. Is smaoineamh den scoth é ‘cur i láthair ardaitheora’ a ullmhú chun an taobh is fearr díot féin a chur in iúl agus chun an seans a uasmhéadú go seasfaidh tú amach ón slua.

Roghnaigh do chuid spriocanna

Is imeachtaí measartha mór iad mórthaispeántais ghairme de ghnáth, agus ní furasta é, go praiticiúil, cuairt a thabhairt ar gach seastán nó bothán. Dá bhrí sin, tá sé ciallmhar píosa beag taighde a dhéanamh roimh am maidir le cé a bheidh ann. Ar an gcaoi sin beidh tú in ann díriú ach ar na cuideachtaí is mó a bhfuil spéis agat iontu agus ar féidir leat idirghníomhú leo go réalaíoch le linn do chuairte. Nuair a bheidh do rogha déanta agat, déan cuardach cúlra; méadóidh tú ar an dóigh sin do dheiseanna tuiscint bhuan a dhéanamh más féidir leat a léiriú gur thóg tú an t‑am chun aithne níos fearr a chur ar earcaitheoir.

Bíodh cuma ghairmiúil ort agus gníomhaigh go gairmiúil fosta

Ní gá a rá gur suíomhanna gairmiúla iad aontaí gairme, rud a éilíonn ort tú féin a iompar ar bhealach cuí. Cad a chiallaíonn sé sin, go praiticiúil? Ba cheart duit a bheith gléasta go cuí, is é sin mar a bheifeá gléasta dá mbeifeá ag freastal ar agallamh poist; mura bhfuil sé soiléir fós, coinnigh an riail óir i gcuimhne: is fearr i gcónaí a bheith róghléasta ná leathghléasta. Thairis sin, cleacht croitheadh láimhe daingean agus déan teagmháil dhíreach súl leis an té lena bhfuil tú ag idirghabháil; sin dá rud shimplí lena gcuirtear in iúl féinmhuinín agus lena n‑éilítear meas ort.

Go díreach i ndiaidh an aonaigh gairme

Go hidéalach, imeoidh tú ón aonach poist le líon maith teagmhálacha agus nasc nua cruinnithe agat. Sa chás is fearr, beidh pleananna déanta agat freisin le haghaidh tuilleadh plé tar éis an aoanaigh. Is maith an smaoineamh é obair leantach a dhéanamh ar na teagmhálacha sin laistigh de lá nó dhó, mura bhfuil ann ach buíochas a ghabháil leo as a gcuid ama chun meabhrú go bog dóibh faoin spéis atá agat iontu. Má tá earcaitheoir ag earcú go gníomhach, déan cinnte go gcuireann tú do CV isteach de réir a dtreoracha laistigh de chúpla lá ón imeacht.

Is fíor go gcuireann aontaí gairme a bheith scáfar ar dtús. Mar sin féin, leis an ullmhúchán ceart, b’fhéidir go gcuirfidís aicearra áisiúil ar fáil duit tríd an ngnáthphróiseas earcaíochta. Go n‑éirí an bóthar leat!

 

An bhfuil tú cinnte gur céim mhaith ar do thuras gairmiúil í freastal ar aonach gairme? Brabhsáil liosta na n‑imeachtaí a bheidh ar siúl go luath a fhoilsítear go rialta ar shuíomh gréasáin Laethanta Fostaíochta na hEorpa.

 

Naisc ghaolmhara:

Aimsigh post san Eoraip

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Treochtaí earcaíochta
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Cúnamh agus tacaíocht
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.