1. Bain úsáid as troscán oifige athláimhe
Cé nár shamhlaigh cuid mhór dínn roimh an bpaindéim go mbeimis ag obair ón mbaile, thuigeamar roimh i bhfad nach rabhamar ullamh do dhéanamh amhlaidh. Le himeacht ama, chonaiceamar nach raibh sé inbhuanaithe ár gcuid oibre a dhéanamh ag an tábla cistine agus gur theastaigh leagan amach níos compordaí uainn. In ionad deasca nua agus cathaoireacha oifige nua a cheannach, déan iarracht deasca agus cathaoireacha athláimhe a aimsiú ar líne nó i siopaí carthanais. Bíodh samhail seanré nó samhail nua iontu, ní bheidh a fhios agat cad a aimseoidh tú!
2. Athraigh go gléasanna atá coigilteach ar fhuinneamh
In ionad gach rud a fhágáil casta as agus tú ag taisteal chun na hoibre, is féidir go mbeidh ort do shoilse a fhágáil ar siúl i d’oifig bhaile le linn an lae chun do chuid oibre a dhéanamh. Ní nach ionadh, beidh cumhacht bhreise ag teastáil chun na soilse a fhágáil ar siúl agus chun gléasanna amhail ríomhairí a chumhachtú le linn an lae agus is dóigh go mbeidh tionchar aige sin ar do bhille leictreachais. Cé gur féidir go ndéanfaidh d’fhostóir ranníocaíocht i leith do bhillí méadaithe, d’fhéadfá difear a dhéanamh trí athruithe beaga a dhéanamh, amhail d’oifig a shuí in aice le fuinneog lena ligtear a lán solais nádúrtha isteach nó bolgáin LED atá tíosach ar fhuinneamh a úsáid, agus d’fhéadfá cabhrú leis an bpláinéad an tráth céanna.
3. Ná húsáid printéir
Is féidir leat dochar mór a dhéanamh don chomhshaol nuair a úsáideann tú printéir sa bhaile, toisc nach n-athchúrsáiltear cartúis dúigh i bhformhór na gcásanna. Mura féidir leat déanamh gan phrintéir, déan breithniú ar chartúis athchúrsáilte a athlíontar agus a athdhíoltar a úsáid. Ní hamháin go bhfuil siad sin níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, ach tá siad níos saoire i bhformhór na gcásanna freisin! Is féidir leat breithniú a dhéanamh ar pháipéar athchúrsáilte a úsáid freisin, mura ndearna tú amhlaidh cheana féin.
4. Ná ceannaigh do lón gach lá
Cé go bhfuil sé éasca agus áisiúil lón a cheannach ar an mbealach chun na hoibre, go háirithe i gcás ina bhfuil d’oifig lonnaithe in aice le siopaí grósaera agus le caiféanna, is minic a bhíonn a lán pacáistíochta plaistí i gceist le ceapairí agus sailéid atá le tabhairt leat. Bealach simplí chun do dhramhaíl laethúil a laghdú agus chun airgead a choigilt is ea béilí a ullmhú sa bhaile gach lá. Is féidir leat dramhaíl a laghdú freisin trí do chupán tae nó caife féin a dhéanamh sa bhaile gach maidin seachas é a cheannach ar an mbealach chun na hoibre. Trí shrian a chur leis an úsáid a bhaineann tú as cupáin agus pacáistíocht indiúscartha, coigleoidh tú fuinneamh agus cabhróidh tú le truailliú a laghdú. Más gá duit do lón a chlúdach, b’fhiú go mór duit coimeádáin in-athúsáidte agus málaí ceapaire in-athúsáidte a úsáid seachas plaisteach aonúsáide.
5. Infheistigh sa dúlra
Is féidir leat do spás oibre a dhéanamh níos glaise go meafarach agus go fírinneach araon! Ní hamháin go gcuirfidh plandaí cuma níos fearr ar d’oifig, ach cuirfidh siad feabhas ar cháilíocht d’aeir freisin. Íonghlanann plandaí an t-aer timpeall ort agus athraíonn roinnt díobh dé-ocsaíd charbóin ina hocsaigin. Cabhraíonn sé sin leat strus a laghdú, a fhágann go mbeidh an timpeallacht níos sláintiúla agus go mbeidh tú féin níos sásta! Agus an-éileamh orthu, cuireann lile na síochána agus clóraifíteam go mór leis an áit oibre.
Is iad sin cúig cinn de na leideanna is fearr uainn le haghaidh d’oifig bhaile a dhéanamh níos glaise. Déan iarracht iad a chur i ngníomh anois!
Cuireadh an t-alt seo le chéile i gcomhpháirt le EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile.
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 28 Bealtaine 2021
- Höfundar
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles