Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta15 Iúil 2022An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Conas do tháirgiúlacht ag an obair a mhéadú

I saol oibre an lae inniu, ní mór déileáil le go leor cur isteach féideartha. Uaireanta, is féidir a bhrath go bhfuil sé dodhéanta tasc ar bith a chur i gcrích. San alt seo, roinnfimid cuid dár leideanna chun cabhrú leat a bheith dírithe agus a bheith níos táirgiúla ag an obair.

How to boost your productivity at work

Do spás oibre a eagrú agus an tranglam a ghlanadh amach

Glac cúpla nóiméad gach lá chun do spás oibre a eagrú agus an tranglam a ghlanadh amach. Agus spás oibre glan slachtmhar agat inar féidir leat rochtain a fháil ar a bhfuil uait, laghdófar an méid struis atá ort agus cabhróidh sé leat do tháirgiúlacht ag an obair a fheabhsú.

Pleanáil roimh ré

Bain úsáid as pleanálaí (féilire pleanála nó pleanálaí digiteach) chun tascanna a chur in áirithint roimh ré. Cuideoidh sé sin lena chinntiú nach dtabharfaidh tú an iomarca gealltanas don obair nach bhfuil an t‑am agat iad a chur i gcrích, agus beidh sé ina thagairt éasca chun an méid atá le déanamh agat gach lá a chur i gcuimhne duit. Cé gur fearr le roinnt daoine a dtascanna a scríobh amach de láimh, má bhaineann tú úsáid as uirlis phleanála dhigiteach, cosúil le ResourceGuru nó Float, beidh sé níos fusa rochtain a fháil ar d’fhéilire agus tú ar do bhoinn (agus ní chuirfear isteach ort má dhéanann tú dearmad ar do leabhar nótaí!).

Tascanna beaga nithiúla a shocrú

Is féidir le spriocanna foriomlána fadtéarmacha a scaradh ina dtascanna beaga nithiúla chun cabhrú le d’ualach oibre a dhéanamh níos soláimhsithe agus indéanta. Laghdaíonn sé freisin an dóchúlacht go gcuirfidh tú tascanna ar an méar fhada nó go gcuirfidh tú siar iad toisc nach mbíonn tú cinnte maidir le cé acu ar chóir duit a dhéanamh ar dtús.

Sosanna rialta a ghlacadh

Cé go bhféadfadh sé go mbraithfeá go mbeifeá ag déanamh tuilleadh oibre agus uaireanta oibre níos faide á gcur isteach agat, tiocfaidh laghdú ar cháilíocht do chuid oibre gan sosanna rialta a ghlacadh. Léiríonn staidéir go gcuireann sosanna rialta giúmar níos fearr ort agus go gcuireann siad leis an aird a bhfuil tú in ann a dhíriú ar do chuid oibre. Mar sin, téigh ag siúl timpeall na hoifige chun do chosa a shíneadh idir tascanna, nó glac 15 nóiméad chun cupán tae nó caife a fháil – rachaidh sé chun leasa do chuid oibre!

Na tréimhsí is táirgiúla s’agat a aithint

Bíonn daoine éagsúla níos táirgiúla ná a chéile le linn amanna éagsúla den lá. D’fhéadfadh roinnt daoine spreagadh a fháil ar maidin, mar shampla, agus d’fhéadfadh daoine eile an spreagadh sin a fháil san iarnóin nó um thráthnóna. Cad iad na huaireanta den lá is mó a bhraitheann tú ar an airdeall agus aireach, agus déan iad sin a thiomnú do na tascanna is tábhachtaí agus/nó is casta atá le déanamh agat.

Fógraí nach bhfuil gá leo a mhúchadh

In ionad gach teachtaireacht agus gach ríomhphost a fhaigheann tú a léamh, múch na fógraí nuair atá tú ag díriú ar thasc. Is féidir le foláirimh leanúnacha a phreabann aníos ar do ghuthán nó ar do bharr deisce cur isteach ar d’fhócas, fiú mura bhfuil siad práinneach. Má tá imní ort faoi theachtaireacht nó glao tábhachtach a chailleadh, bíodh a fhios agat go dtugann go leor ardán (ar nós Teams agus Slack) deis duit fógraí a mhúchadh agus a chur ar siúl arís bunaithe ar an gcainéal, ar an bhfoireann nó ar an duine lena mbaineann.

Le haghaidh tuilleadh leideanna chun cabhrú leat rath a bheith ort i saol nua-aimseartha na hoibre, féach ár n‑alt maidir le Sé scil bhoga a bhfuil gá leo san ionad oibre iarphaindéime.

 

Naisc ghaolmhara:

Sé scil bhoga a bhfuil gá leo san ionad oibre iarphaindéime

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne atá le teacht

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.