Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta26 Márta 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Ceithre ní ba cheart a bheith ar eolas agat faoi obair shéasúrach sa bhliain 2021

Dóigh iontach le triail a bhaint as maireachtáil agus obair thar lear is ea poist shéasúracha. Má tú ag smaoineamh ar phost samhraidh a fháil san Eoraip i mbliana, tá seans ann go bhfuil tú éiginnte faoin staid reatha. Is iad seo ceithre ní ba cheart a bheith ar eolas agat faoi obair shéasúrach i mbliana.

Four things you should know about seasonal work in 2021
Shutterstock

1.Gabhann a lán buntáistí le hobair shéasúrach

Ar an gcéad dul síos, is ann do mhórán dea-chúiseanna ar cheart duit smaoineamh ar obair shéasúrach a dhéanamh.  Is féidir léi cabhrú leat scileanna nua a fhoghlaim, gairm nua a thriail, teacht ar dheiseanna nua agus bualadh le daoine nua.  Anuas air sin, is dóigh iontach í le tréimhse a chaitheamh i dtír eile, agus íocaíocht á fáil agat as an eispéireas!

Is féidir le hobair shéasúrach cabhrú leat taithí luachmhar a fháil gan gealltanas fadtéarmach a thabhairt. Dá bhrí sin, is rogha shármhaith í más mac léinn nó duine óg thú atá ag lorg post téarma shocraithe le linn an tsamhraidh.

Bíonn níos mó ball foirne ag teastáil óna lán fostóirí le linn an bhuaicshéasúir sin. Beidh áthas orthu, mar sin de, más rud é go mbeidh tú in ann teacht agus obair dóibh ar feadh tréimhse ghairid agus filleadh abhaile ina dhiaidh sin.

2.Beidh deiseanna ar fáil

Ar ndóigh, bliain neamhghnách do gach duine ba ea an bhliain atá imithe thart. Tá seans ann go mbeidh tú buartha nach mbeidh poist shéasúracha ar fáil de bharr COVID-19. Dá ainneoin sin, is dócha go mbeidh baill foirne shéasúracha á lorg ag fostóirí fós.

Is in earnálacha amhail turasóireacht, fáilteachas, siamsaíocht agus talmhaíocht atá an chuid is mó de phoist shéasúracha. Tá na hearnálacha sin ríthábhachtach do gheilleagar AE. Mar sin de, is féidir linn a bheith ag súil leis go gcuirfidh siad borradh faoina gcuid gníomhaíochta nuair a bheidh sé sábháilte déanamh amhlaidh.

Ar choinníoll go mbeidh áiteanna amhail óstáin, ionaid saoire, bialanna agus tithe tábhairne in ann athoscailt roimh an samhradh, beidh orthu dul i mbun earcaíochta go tapa roimh thréimhse ghnóthach an tsamhraidh. Sa chás sin, is féidir gur tusa an duine atá á lorg acu!

3.Tá cearta agat mar oibrí séasúrach in AE

Mar oibrí séasúrach, tá an ceart agat chun leas a bhaint as na coinníollacha cothroma oibre céanna is atá ag oibrithe áitiúla. Áirítear leo sin gnéithe amhail pá, uaireanta oibre, agus sláinte agus sábháilteacht.

Chomh maith leis sin, d’iarr AE ar a chuid Ballstát le déanaí cosaint níos fearr a thabhairt d’oibrithe séasúracha. Mar shampla, ba cheart bearta oiriúnacha scartha shóisialta agus sláinteachais a bheith i bhfeidhm i d’áit oibre chun tú a chosaint ar rioscaí COVID-19.

Tá seans ann go bhfaighidh tú amach nach dtairgeann roinnt áiteanna oibre beaga conradh foirmiúil duit ar thosú ar an bpost duit. Ná lig dóibh teacht i dtír ort, áfach. Cuimhnigh ar na cearta atá agat mar oibrí séasúrach agus cuir in iúl go soiléir go bhfuil tú ag súil leis go gcloífidh d’fhostóir leis an gcomhaontú eadraibh.

Féach an rannán Maireachtáil agus Obair de thairseach EURES chun faisnéis a fháil maidir le cóiríocht nó scoileanna, cánacha, costas maireachtála, sláinte, reachtaíocht shóisialta agus inchomparáideacht cáilíochtaí don tír a bhfuil spéis agat inti.

4.Bíonn an staid ag athrú i gcónaí

Más rud é go bhfuil tú ag dul thar lear – fiú ar son oibre – ba cheart duit leanúint le súil a chaitheamh ar na treoirlínte agus srianta taistil atá i bhfeidhm i do thír bhaile agus sa tír a bhfuil tú ag taistil chuici.  Uirlis shármhaith chun tú a choinneáil ar an eolas faoin gcomhairle taistil is déanaí is ea Re-open EU.

Tá daoine á vacsaíniú ar fud na hEorpa anois, ach is mó dul chun cinn atá déanta ag roinnt tíortha ina leith sin ná é sin atá déanta ag tíortha eile. Tá seans ann freisin go ndéanfaidh sé sin difear do cé chomh tapa agus a fhéadfar áiteanna amhail bialanna, óstáin, tithe tábhairne, féilte agus nithe is díol spéise do thurasóirí a athoscailt.

An rud is mó fós, tá sé doiligh a thuar cad é an chéad rud eile a tharlóidh i dtaca leis an víreas. Dá bhrí sin, déan iarracht bheith solúbtha agus stuama. Bíodh intinn oscailte agat i leith deiseanna difriúla agus bíodh plean malartach agat ar eagla go dtiocfadh athrú ar an staid.

Tá súil againn gur ghnóthaigh tú roinnt leideanna úsáideacha faoi obair shéasúrach sa bhliain 2021 ón alt seo.  Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi dheiseanna i dtíortha eile, déan teagmháil le Comhairleoir EURES áitiúil inniu.

I gcomhpháirt le EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile.

 

Naisc ghaolmhara:

8 gcúis ar cheart duit smaoineamh ar obair shéasúrach a dhéanamh

Coróinvíreas: Iarrann an Coimisiún Eorpach gníomhaíocht maidir le hoibrithe séasúracha a chosaint

Ar mhaith leat taisteal go sábháilte chuig tír eile AE? Tá an t-eolas a theastaíonn uait le fáil in uirlis idirghníomhach nua

Comhairleoirí EURES a chuardach

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Treochtaí earcaíochta
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.