
Is cuid thábhachtach de gheilleagar an Aontais é tionscal na tógála, ina bhfostaítear níos mó ná 13 mhilliún duine. Mar sin féin, tá an tionscal sin ar an ‘liosta de ghanntanais’ le blianta fada anuas, agus tá easpa leanúnach gairmithe oilte ann. Ós rud é go bhfuil an chaoi a mairimid agus a n‑oibrímid á hathrú go gasta a bhuíochas den aistriú dúbailte éiceolaíoch agus digiteach, tá sé níos tábhachtaí ná riamh an bhearna ó thaobh na scileanna sin de a dhúnadh, an earnáil a threisiú agus deiseanna gairme a fheabhsú feadh na slí.
Scileanna a shealbhú ar feadh an tsaoil
Cúis mhór le marbhántacht scileanna in earnáil na tógála is ea go mbíonn sé deacair ar fhostaithe coinneáil suas le riachtanais a bhíonn de shíor ag athrú. Is bac atá sa litearthacht dhigiteach – nó, chun é a chur ar bhealach níos cruinne, an easpa litearthachta. Ní féidir aghaidh a thabhairt ar na ceanglais nua le modhanna oiliúna atá as dáta, mar shampla eolas ar an bpróiseas samhaltaithe faisnéise foirgneamh (BIM) nó an cumas vdul i ngleic le timpeallachtaí digiteacha bainistithe tionscadal.
Is é clár an Aontais LIFE príomhionstraim an Aontais Eorpaigh lena spreagtar athrú bunúsach trí dhíriú ar thionscnaimh maidir le gníomhú ar son na haeráide. Cén chaoi a bhfuil sé sin nasctha leis an bhfoirgníocht? Príomhghné d’earnáil na tógála atá athléimneach agus inbhuanaithe is ea an fócas atá inti ar fhoirgnimh a chomhlíonann caighdeáin feidhmíochta fuinnimh an Aontais. Chuige sin, tá tacaíocht tugtha faoin gclár don tionscnamh BUILD UP Skills chun na hinniúlachtaí is gá san earnáil a chothú d’fhonn an t‑aistriú chuig éifeachtúlacht fuinnimh agus aeráidneodracht a chur chun cinn. Is ionannn é sin agus an lucht saothair a uas-sciliú agus a athsciliú de réir mar is gá, agus léargas á thabhairt ag an am céanna ar na deiseanna a bheidh ar fáil sa ré nua.
Áirítear le plean BUILD UP Skills le haghaidh 2024-2025 cuidiú le tíortha a dtreochláir náisiúnta scileanna a thabhairt cothrom le dáta chun tacú leis an tionscal tógála agus d’fhonn ailíniú lena spriocanna glasa. Bhain an Ostair, an Bhulgáir, an Chróit, an tSeicia, an Fhrainc, an Ghréig, an Ungáir, Éire, an Iodáil, an Liotuáin, an Ísiltír, an Pholainn, an Rómáin agus an Spáinn tairbhe as sin, trí bhearnaí a bhí ann cheana a shainaithint agus trí ghníomhú chun ganntanais a mhaolú.
Plean gníomhaíochta a thógáil
Tá tacaíocht tugtha ag BUILD UP Skills do bhreis agus 100 tionscadal agus do níos mó ná 50 000 duine aonair ar a dturas gairmiúil i slabhraí luacha earnáil na tógála agus an athchóirithe. I measc na n‑uirlisí agus na gcur chuige a forbraíodh tá:
- oiliúint i bpríomhréimsí cosúil le tógáil atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de (nZEB), athchóiriú domhain agus BIM;
- modhanna oiliúna nuálacha, mar shampla cláir oiliúna ar an láthair nó cláir dhigiteacha oiliúna;
- straitéisí scileanna arna bhforbairt agus arna gcur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta le hionchur ó pháirtithe leasmhara ábhartha;
- eolas agus saineolas a chomhroinnt le gairmithe eile sa réimse trí chruinnithe eagraithe agus tríd an ardán BUILD UP;
- rochtain ar dheiseanna maoiniúcháin le haghaidh oiliúint bhreise agus cáilíochtaí breise.
Trí pháirt a ghlacadh in BUILD UP Skills, is féidir leat do thacair scileanna a uasghrádú agus do shaineolas a fheabhsú i gceann de na hearnálacha is claochlaithí san Eoraip. Ní hamháin go gcuirtear feabhas ar d’ionchais ghairme ar an dóigh sin, ach cuirfear le timpeallacht thógtha níos inbhuanaithe atá ailínithe le spriocanna glan-nialasacha an Aontais dá bharr freisin.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thionscadail a bhaineann le scileanna tógála i do thír féin, tabhair cuairt ar an leathanach BUILD UP Skills Projects.
An bhfuil tú ag smaoineamh faoi ghairm san earnáil tógála? Léigh ár n‑ailt ar an gcúis gur smaoineamh den scoth é agus conas do chéad phost a fháil.
Naisc ghaolmhara:
Construction Blueprint Project [Tionscadal Treoirphlean Foirgníochta]
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar sonraí post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire imeachtaí EURES
Imeachtaí ar líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
EURES ar Instagram
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 3 Meán Fómhair 2025
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Leideanna agus Moltaí
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Cúnamh agus tacaíocht
- Eolas faoin margadh saothair
- Earnáil
- Construction