1. An bhfuil an trealamh ceart agus an spás ceart agam?
Is é an rud is tábhachtaí le cur san áireamh ná an bhfuil gach rud agat a theastaíonn chun d'obair a dhéanamh go héifeachtach. Ní hamháin ríomhaire agus cathaoir deisce atá i gceist; seans go dteastaíonn idirlíon ardluais nó seomra ciúin freisin inar féidir leat díriú ar do chuid oibre i bhfad ó dhaoine eile den teaghlach. Má tá timpeallacht mhaith oibre agat, ó thaobh teochta, soilsithe agus aerála de, is fearr a dhíreoidh tú d'aird agus is lú seachmall a bheidh ort. Déan iarracht seomra a úsáid ina bhfuil fuinneog a ligeann isteach solas an lae agus doras idir d’áit oibre agus an chuid eile den teach má tá tú sa bhaile.
2. An bhfanfaidh m'uaireanta oibre mar an gcéanna?
In a lán cásanna téann cianobair agus polasaithe oibre solúbtha le chéile, rud a ligeann d’fhostaithe oibriú thart ar chúraimí eile amhail páistí. Níor mhiste smaoineamh ar an dóigh a n-oibreodh sin i do chás féin. Cé go bhféadfadh níos mó solúbthachta a bheith agat, seans go mbeadh d'obair níos dírithe agus níos táirgiúla má chloíonn tú le gnáthamh laethúil rialta. Mar shampla, má dhéanann tú iarracht d'obair a thosú ag an am céanna gach lá, d'fhéadfadh sé dul chun sochair do do phatrún chodlata agus struchtúr a choinneáil i do sheachtain oibre.
3. Conas a chinnteoidh mé go stopfaidh mé den obair ag deireadh an lae?
Is minic a bhíonn scor den obair ag deireadh an lae ar na rudaí is deacra dá mbaineann leis an gcianobair. Bíonn cathú ar a lán fostaithe oibriú níos mó ná a ngnáthuaireanta oibre, ach tá cúpla cleas ann chun an iomarca oibre a sheachaint. Tá sé molta ag saineolaithe do threalamh a chur i bhfearas i seomra difriúil sa teach ionas gur féidir leat d'obair a scaradh ó do shaol sa bhaile, agus doras d'oifige a dhúnadh nuair a shíníonn tú amach.
4. Conas a choinneoidh mé i dteagmháil le mo chomhghleacaithe?
Ní chasfar do chomhghleacaithe ort sa phasáiste a thuilleadh agus tú i mbun cianoibre, ach tá bealaí eile ann chun scéala a fháil uathu. Is féidir ardáin amhail Zoom agus Microsoft Teams a úsáid le haghaidh sosanna caife fíorúla díreach mar a úsáidtear le haghaidh cruinnithe agus comhdhálacha corparáideacha iad. Chun a chinntiú go bhfuil cumarsáid ann fós idir thú féin agus do phiaraí, smaoinigh ar sheisiún seachtainiúil nó coicísiúil a chur le d’fhéilire chun an nuacht is déanaí a mhalartú eadraibh. Cabhróidh sé sin leat fanacht i dteagmháil agus an t-uaigneas a thógáil díot.
5. An bhfuil an t-eolas is deireanaí agam faoi pholasaithe mo chuideachta maidir leis an gcianobair?
Cé gur athraigh formhór na gcuideachtaí chuig an gcianobair le linn na paindéime COVID-19, agus go bhfuil siad ag glacadh léi fós, ní hionann polasaí gach cuideachta ó thaobh cianoibre de. Í a bheith nua do gach cuideachta is mó is cúis leis sin. Bí ar an eolas i gcónaí faoi pholasaithe d’fhostóra, nó fiafraigh de d’fhostóir mura bhfuil tú cinnte cá bhfuil siad le fáil. D'fhéadfadh réimsí mar na huaireanta a oibríonn tú, an trealamh atá ar fáil agus slándáil idirlín a bheith iontu.
Le tuilleadh eolais a fháil ar an gcianobair, léigh ár Cúig leid le haghaidh post nua a thosú go cianda.
Naisc ghaolmhara:
Cúig leid le haghaidh post nua a thosú go cianda
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
- Dáta foilsithe
- 3 Nollaig 2021
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles
