Is cleachtas coitianta anois é an cianfhostú i measc earcaitheoirí, fiú i gcásanna ina mbeadh sé furasta d’iarrthóir a bheith i láthair go pearsanta. Tá agallaimh fhíorúla áisiúil do gach duine – ní bhíonn aon chostais taistil i gceist, ná ní bhíonn aon am comaitéireachta ná aon lóistíocht speisialta le cur san áireamh. Mar sin féin, bíonn a gcuid dúshláin féin i gceist le hidirghníomhaíochtaí fíorúla, go háirithe más rud é go bhfuil tú ag iarraidh go mbeidh chéad imprisean maith díot ag an bhfostóir féideartha agus, dá bhrí sin, an post a fháil.
Anuas ar na saincheisteanna follasacha a bhaineann le cumarsáid fhíorúil (e.g. fabhtanna teicniúla), tá roinnt saincheisteanna níos casta ann freisin. Tá sé deacair duine a ‘léamh’ trí scáileán, agus ní féidir leat atmaisféar ná cultúr na cuideachta a thuiscint i gceart gan cuairt a thabhairt ar an áitreabh agus gan idirghníomhú le fostaithe ann. Ina theannta sin, agus an bhacainn ó thaobh rochtana de bainte anois a bhuí leis an earcaíocht fhíorúil a bheith ina ghnáthrud, tá an iomaíocht tar éis méadú go suntasach.
Cad is féidir leat a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh agallamh fíorúil réidh agus rathúil agat? Léigh leat le haghaidh roinnt leideanna fóinteacha.
Tá ról nach beag ag na bunrudaí
Seans go mbeidh tú ag freastal ar agallamh fíorúil, ach ba cheart duit tú féin a ullmhú roimh ré ar an gcaoi chéanna a d’ullmhófá le haghaidh agallamh aghaidh ar aghaidh. Déan taighde ar an gcuideachta agus ar an bpost a bhfuil tú ag cur isteach air agus tóg roinnt ama chun do chuid freagraí ar ghnáthcheisteanna agallaimha ullmhú. Thairis sin, smaoinigh ar liosta de cheisteanna don earcaitheoir a chur le chéile chun léiriú dóibh go bhfuil suim agat sa ról dáiríre.
Tástáil do chuid uirlisí
Níl aon rud níos measa ná a bheith ullamh agus ansin go dtarlaíonn teip theicniúil gan choinne. Chun an méid sin a sheachaint, seiceáil do luas do cheangail idirlín agus déan cinnte go bhfuil do cheamara agus do mhicreafóin ag feidhmiú. Chomh maith leis sin, déan cinnte go bhfuil tú eolach ar an ardán a bheidh á úsáid agat le haghaidh an agallaimh. Déan glaoch trialach le cara nó le ball teaghlaigh chun rudaí a thástáil.
Cóirigh an spás timpeall ort
Cé nach mbeidh radharc iomlán ag d’idirghabhálaí ar an seomra ina mbeidh tú, is smaoineamh maith é an spás a choinneáil slachtmhar i gcónaí mar go mbaintear seachráin ar an dóigh sin agus toisc go gcabhraíonn sé leat díriú isteach ar an gcomhrá. Bain úsáid as cúlra simplí – bíodh sé fíor nó fíorúil – agus cuir an solas in oiriúint dó, agus déan cinnte go bhfuil an solas os do chomhair, ní taobh thiar duit, ionas go mbeidh an t‑agallóir in ann tú a fheiceáil go soiléir. Ní ga é a rá ach ba chóir briseadh a sheachaint, más féidir. Déan é i seomra ciúin, balbhaigh do ghuthán agus cuir in iúl do dhaoine eile in aice láimhe nár chóir dóibh cur isteach ort.
Caith éadaí oiriúnacha
B’fhéidir go mbeadh cathú ort cibé saghas ruda a chaitheamh a gcuirfeadh cuma néata ort, ach léiríonn taighde sa réimse go mbíonn tionchar ag roghanna i dtaobh éadaí ar ár muinín, ar ár n‑iompar, agus ar ár bhfeidhmíocht chognaíoch fiú. Mar thoradh air sin, is féidir tionchar láidir a bheith ag ár gcuid éadaí ar an gcaoi a dtéimid i bhfeidhm ar dhaoine. Mar sin, cuir ort na héadaí a roghnófá dá mbeifeá ag dul go dtí an oifig le haghaidh lá oibre. Tosaigh amach sa ról ar a bhfuil tú sa tóir trí do chuid éadaí a roghnú go cúramach chun céim eile a ghlacadh i dtreo do chinn scríbe.
Ag iarraidh fanacht ar bharr do mhaitheasa agus tú i mbun cianoibre? Léigh ár n‑alt Conas tuin ghairmiúil a chur in iúl i gcianteachtaireachtaí agus le linn físghlaonna.
Naisc ghaolmhara:
Conas cruthú thar barr in agallamh grúpa
Cúig leid chun cruthú thar barr i d’agallamh
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
EURES ar Instagram
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 26 Aibreán 2024
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Leideanna agus Moltaí
- Treochtaí earcaíochta
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Leideanna agus Moltaí
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles