Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta14 Nollaig 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

An rud is ceart a dhéanamh má mhothaíonn tú go bhfuil gach rud sa mhullach ort ag an obair

Agus luas mór faoin saol oibre sa lá atá inniu ann, is minic a thagann gach rud sa mhullach orainn, idir spriocdhátaí, chúraimí éagsúla a láimhseáil le chéile agus ardleibhéal táirgeachta a choinneáil ar bun. Tá roinnt bealaí á moladh againn anseo chun dul i ngleic leis sin.

What to do when you feel overwhelmed at work

Cuir cúraimí in ord tosaíochta agus eagraigh iad

Chun ualach ollmhór oibre a bhainistiú, ceann de na chéad chéimeanna is ea na cúraimí atá ort a chur in ord tosaíochta. Déan amach cé na cúraimí is tábhachtaí agus is práinní agus dírigh ar na cúraimí sin a chur i gcrích ar dtús.

Roinn tionscadail mhóra ina gcodanna beaga soláimhsithe chun plean a leagan amach duit féin le leanúint. D’fhéadfadh sé sásamh a thabhairt duit tic a chur le mír i do phlean, agus tú a spreagadh chun leanúint ar aghaidh i dtreo na sprice deiridh.

Bain úsáid as áiseanna cosúil le liosta de rudaí atá le déanamh, féilirí, agus aipeanna bainistíochta tionscadal le bheith eagraithe agus leis an dul chun cinn a rianú.

Leag síos spriocanna réalaíocha

Tá sé tábhachtach spriocanna réalaíocha a leagann síos duit féin, agus a chur in iúl do chomhghleacaithe nó cliaint mura bhfuil an méid atá á iarraidh acu indéanta. Trí spriocanna réalaíocha a leagan síos agus gan ligean do dhaoine an iomarca a éileamh, is féidir strus a laghdú agus cur leis an sásamh a bhaineann tú as an obair.

Foghlaim conas cúraimí a leagan ar dhaoine eile

Leag cúraimí cuí ar do chomhghleacaithe chun d’ualach oibre a laghdú agus cuidiú leis an gcomhoibriú a chothú sa timpeallacht oibre. Má roinntear cúraimí go héifeachtach, ní hé amháin go ndáiltear an t-ualach oibre ar bhealach níos cothroime, ach cuirtear chun cinn obair foirne agus forbairt scileanna i measc na mball foirne.

Déan bainistíocht ar do chuid ama

Tá bainistíocht ama éifeachtach ríthábhachtach chun dul i ngleic le hualach ollmhór oibre. Roinn do lá oibre ina sheisiúin oibre atá dírithe ar ghnéithe áirithe, agus cuir tréimhsí ama ar leith i leataobh do chúraimí éagsúla. Bain úsáid as teicnící cosúil le Pomodoro, ina mbíonn tú ag obair ar feadh tréimhse shocraithe ama agus ina nglacann tú sos gearr ina diaidh. Is féidir leis an gcur chuige sin cur leis an táirgiúlacht agus cuidiú leat gan éirí spíonta.

Glac sosanna agus tabhair aire duit féin

Tá sé an-tábhachtach sosanna rialta a ghlacadh i rith an lae ionas go mbeidh tú in ann díriú ar an obair agus a bheith táirgiúil. D’fhéadfá an deasc a fhágáil chun dul ar shiúlóid ghearr, nó sos beag a thógáil chun cleachtaí domhainanálaithe a dhéanamh agus d’intinn a ghlanadh. Chomh maith leis sin, tabhair tús áite do ghníomhaíochtaí féinchúraim cosúil le spórt, nósanna maithe ó thaobh an chodlata de, agus tabhairt faoi na caithimh aimsire is fearr leat chun cuidiú leat an strus a bhainistiú agus aire a thabhairt do d’fholláine.

Leag síos teorainneacha

I ré dhigiteach na linne seo, is furasta a bheith ceangailte leis an obair i gcónaí tríd an ríomhphost agus trí aipeanna lena seoltar teachtaireachtaí. Leag síos teorainneacha soiléire idir an saol oibre agus an saol pearsanta trína sheachaint go léifeá teachtaireachtaí oibre i d’am saor, agus trí am a leagan amach i gcomhair gníomhaíochtaí a chuidíonn leat do scíth a ligean.

Lorg cabhair

Má bhíonn gach uile rud sa mhullach ort, ná bíodh drogall ort cabhair a lorg ó do chomhghleacaithe, ó chairde leat, nó ó dhaoine muinteartha leat. Is féidir dearcthaí agus léargas luachmhar a fháil ach na deacrachtaí atá agat a phlé le daoine eile. Chomh maith leis sin, seans go bhfuil áiseanna ag d’áit oibre chun cuidiú leat strus a bhainistiú, ar nós seirbhísí comhairleoireachta nó cláir chúnaimh d’fhostaithe.

Is iomaí duine a mhothaíonn go dtagann gach uile rud sa mhullach orthu ag an obair, ach tá sé ríthábhachtach na comharthaí a aithint agus bearta gníomhacha a dhéanamh chun dul i ngleic leis sin. Trí thascanna a chur in ord tosaíochta, spriocanna réalaíocha a leagan síos, agus am a bhainistiú ar bhealach éifeachtach, is féidir leat níos mó cothromaíochta a bhaint amach sa saol oibre agus sásamh níos mó a bhaint as. Ní hé amháin gur chun do thairbhe féin é súil a choinneáil ar d’fholláine, ach cothaíonn sé timpeallacht oibre níos dearfaí agus níos táirgiúla freisin.

Réidh le haghaidh athrú? Féach ar an alt atá againn faoi ‘Conas gairmeacha beatha a athrú gan aon taithí’.
 

Naisc ghaolmhara:

Conas gairmeacha beatha a athrú gan aon taithí

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.