Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta8 Samhain 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Seas amach ón slua leis na smaointe neamhghnácha seo le haghaidh do litreach cumhdaigh

I saol iomaíoch na gcuardach poist, tá sé ríthábhachtach go seasann do litir chumhdaigh amach. Cé go mbíonn litreacha cumhdaigh traidisiúnta fiúntach go leor, is trí smaoineamh ar rudaí as an nua a tharraingeoidh tú aire an earcóra. Féach na seacht smaoineamh seo.

Stand out from the crowd with these unconventional cover letter ideas

Tosaigh le scéilín

Cuir tús le do litir chumhdaigh le scéilín pearsanta nó gairmiúil an-láidir a bhaineann go díreach leis an bpost ar a bhfuil tú ag cur isteach. Tá sé de chumhacht ag scéilín maith aire an léitheora a tharraingt agus nasc a bhunú láithreach.

Bí scaoilte leis an bhformáid

Ag brath ar an bpost áirithe ar a bhfuil tú ag cur isteach, smaoinigh ar chruth uathúil a chur ar do litir chumhdaigh. Mar shampla, d’fhéadfaí é a scríobh i bhfoirm phreaseisiúna nó alt nuachta chun a mholadh cén fáth ar cheart don chuideachta post a thairiscint duit. D’fhéadfá fiú teistiméireacht ghonta nó sliocht ó iarfhostóir a bheith mar chuid di mar mhionmholadh a chur ar fáil a leagann béim ar d’inniúlachtaí.

Bí scaoilte ó thaobh an dearaidh de

Déan grafaic faisnéise tharraingteach de do litir chumhdaigh a ligfidh don earcaitheoir do scileanna, do thaithí agus do láidreachtaí a thuiscint go héasca. Ní gá duit a bheith i do shaineolaí dearaidh toisc go bhfuil go leor uirlisí iomasacha ar fáil ar líne amhail Visme, Canva agus Piktochart, mar shampla. De rogha air sin, smaoinigh ar dhearadh fógráin nó bróisiúir a úsáid, rud a cheadóidh tuilleadh ábhar téacsúil a ionchorprú ná grafaic faisnéise agus gnéithe a chur leis ó thaobh amhairc de san am céanna.

Déan físeán díot féin

Déanann earcaitheoirí athbhreithniú ar na céadta litreacha cumhdaigh ina gcuid oibre. Is féidir le litir chumhdaigh físe dea-léirithe a bheith ina seift idéalach chun tú féin a idirdhealú ó iarrthóirí eile agus chun do chumas smaointeoireachta cruthaithí a léiriú.

Bain úsáid as gnéithe ó thaobh an amhairc de

Déan do litir chumhdaigh níos fearr le gnéithe cosúil le lógó pearsanta, íomhá cheanntáisc nó boscaí téacs agus cairteacha, go fiú. Is féidir leis na híomhánna den chineál sin cabhrú le hionannas an téacs a bhriseadh agus do litir chumhdaigh a dhéanamh níos tarraingtí ó thaobh an amhairc de.

Smaoinigh ar na meáin shóisialta

Cruthaigh bréagleathanach próifíle ar na meáin shóisialta a mbeadh orthu cruth na n‑ardán amhail LinkedIn nó X air ar a gcuirfidh tú ar taispeáint do chuid éachtaí, scileanna agus tréithe pearsantachta. Is féidir leis an bhformáid spraíúil sin do cháilíochtaí a léiriú ar bhealach éifeachtach agus léamh nua-aimseartha a thabhairt orthu.

Cruthaigh liosta ‘deich gcinn is fearr’

Déan de do litir chumhdaigh liosta de na deich gcúis is fearr gur tusa an t‑iarrthóir foirfe don phost. Úsáid teanga ghonta spleodrach chun do cháilíochtaí a chur in iúl agus chun aire a tharraingt ar na nithe a idirdhealaíonn tú ó dhaoine eile. De rogha air sin, is féidir leat do litir chumhdaigh a leagan amach mar liosta de cheisteanna agus de fhreagraí nó de cheisteanna coitianta.

Is féidir le siondróm an phasadóra an-dochar a dhéanamh don mheas atá agat ort féin agus do do mhuinín ag an obair. Breathnaigh ar na cúig chineál de shiondróm an phasadóra, mar aon leis gcaoi ar féidir leat glacadh leis agus an lámh in uachtar a fháil air chun bheith in ann do chumas iomlán a bhaint amach.

 

Naisc ghaolmhara:

Visme

Canva

Piktochart

Conas glacadh leis na cúig chineál de shiondróm an phasadóra agus conas an lámh in uachtar a fháil orthu

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Treochtaí earcaíochta
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.