Séanadh
Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.
Scagadh de réir
Nuacht (475)
RSSBhí an-tóir ar fholláine le linn na paindéime, agus tá go fóill, mar a bhreathnaíonn fostaithe ar fud an domhain ar chothromaíocht nua oibre is saoil agus iad ag obair ón mbaile. Léigh ár gcúig leid is fearr lena chinntiú go mbeidh baill foirne sábháilte agus sláintiúil tar éis na géarchéime.
Is iad tuarastal níos mó nó caighdeáin mhaireachtála níos fearr, agus iad sin amháin, na buntáistí a bhaineann le bheith ag obair thar lear dar le cuid mhór daoine. Ach is mó i bhfad an tairbhe a bhaineann le taithí idirnáisiúnta a fháil ná mar a cheapann daoine.
Is iomaí duine againn a bhí ag obair ón mbaile le linn na paindéime, ach ag breathnú amach romhainn, tá an tseift shealadach seo ag éirí níos normálta. Léigh ár gcúig leid iontacha ar na rudaí a mbeadh le cuimhneamh orthu agus tú ag athrú go cianobair.
Sa lá atá inniu ann, níos mó ná riamh, tá sé coitianta d’fhostóirí agus d’earcaitheoirí eolas ar earcaigh a chuardach ar líne. Anseo in EURES, tá roinnt leideanna curtha le chéile againn chun cabhrú leat láithreacht ar líne ghlan agus ghairmiúil a thógáil agus a choinneáil chun tú féin a thaispeáint ar an gcaoi ‘fhíorúil’ is fearr.
An é mian do chroí gnó a thosú? Tá go leor againn den tuairim gur deas a bheith i do mháistir ort féin, ach ní éasca teacht ar an smaoineamh gnó ceart ná é a shaothrú. Seo iad ár leideanna maidir le smaoineamh gnó a fhorbairt a oibríonn duit féin.
An saoránach AE nó náisiúnach tríú tír thú a bhfuil post séasúrach á lorg agat sa Ghearmáin? Sheol EURES na Gearmáine leathanach tuirlingthe nua le déanaí chun na ceisteanna is tábhachtaí atá agat a fhreagairt.
Tá níos mó agus níos mó suirbhéanna ag léiriú gur fearr le fostaithe an obair hibrideach – sin an tsolúbthacht agus an fhéidearthacht a gcuid ama a roinnt idir a mbaile agus an láthair oibre.
Cé go bhfuilimid i ré dhigiteach, is iomaí folúntas poist nach ndéantar a fhógairt go poiblí go fóill. Ina ionad sin, líontar iad trí atreoruithe agus trí líonrú gairmiúil. San airteagal seo, roinnfimid roinnt leideanna maidir le conas a bheith i do ghréasánaí éifeachtach ar líne.
Tar éis obair as an gcistin, as seomraí suite agus fiú as seomraí leapa le linn phaindéim COVID-19, is féidir le filleadh ar an oifig a bheith scáfar dúinn. Léigh ár gcúig nod is fearr maidir le haistriú ar ais chuig an ionad oibre go réidh.
Agus rátaí vacsaínithe COVID-19 ag ardú go seasta, tá an Eoraip ag filleadh ar an ngnáthshaol de réir a chéile. Mar sin féin, tá athrú as cuimse tagtha ar shaol na hoibre de bharr na paindéime, go háirithe i dtaobh earcaíochta agus fruilithe. Seo a leanas roinnt de na hathruithe sin a cheapaimid a bheidh linn go deo.