Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta12 Bealtaine 2022An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Bliain Eorpach na hÓige: Obair dheonach

Mar chuid de Bhliain Eorpach na hÓige (EYY2022), táimid chun súil a chaitheamh ar na deiseanna atá ar fáil do dhaoine óga san Aontas Eorpach. Is bealach iontach í an obair dheonach chun taithí a fháil ar áiteanna, ar chultúir agus ar scileanna nua, agus chun cabhrú le daoine eile san am céanna.

The European Year of Youth: Volunteering

Tá go leor deiseanna ann chun obair dheonach a dhéanamh in earnálacha agus in eagraíochtaí éagsúla a ghníomhaíonn ar son gach cineáil chúise. Breathnóimid anseo ar roinnt de na rudaí ar cheart duit a bheith ag smaoineamh fúthu má tá spéis agat obair dheonach a dhéanamh.

An deis cheart duitse a shainaithint

Nuair a bheidh cinneadh déanta agat gur mian leat obair dheonach a dhéanamh, cuir na ceisteanna seo a leanas ort féin:

  • Cad iad na spriocanna agus na hionchais atá agam?
  • Cá mhéad ama shaoir atá agam chuige sin?
  • Cén cineál cúraimí ba mhaith liom a bheith orm?
  • Cad iad na scileanna atá le tairiscint agam?

Tá go leor bealaí inar féidir leat obair dheonach a dhéanamh, lena n-áirítear obair dheonach a dhéanamh i do phobal féin, ar líne nó thar lear. Chun cabhrú leat díriú ar na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach duitse, tá tráth na gceist ar líne forbartha ag Eurodesk a thugann samplaí de chláir ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ina n-údar spreagtha duit.

Ach sula dtosaíonn tú ag réiteach do chuid málaí…

Seiceálacha cúlra a dhéanamh

Cé go bhfuil go leor eagraíochtaí ann a bhfuil fíorghá acu le tacaíocht, ba cheart duit a chinntiú i gcónaí go bhfuil na heagraíochtaí a ndéanann tú iarratas ina leith iontaofa. Tá na céadta láithreán gréasáin amuigh ann d’eagraíochtaí nach bhfuil ar an bhfód a thuilleadh, nó nach raibh riamh ann i ndáiríre, nó nach ndéanann an obair a mhaíonn siad go mbítear á déanamh acu. Tá eagraíochtaí príobháideacha ann freisin a ghearrann táille as obair dheonach a dhéanamh thar lear, agus is féidir leis sin a bheith an-chostasach.

sraith uirlisí foilsithe ag Ionad Oibrithe Deonacha na hEorpa (CEV) chun cabhrú leat cáilíocht na ndeiseanna oibre deonaí a mheas.

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

Leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach (ESC), cuireann an tAontas Eorpach deiseanna iontacha oibre deonaí ar fáil, idir dheiseanna áitiúla agus idirnáisiúnta. Féadfaidh tú clárú san ESC má tá tú idir 17 agus 30 bliain d’aois, ach ní mór duit a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad chun páirt a ghlacadh i dtionscadal oibre deonaí.

Cuireann bunachar sonraí ESC d’eagraíochtaí creidiúnaithe ar do chumas teacht ar shonraí teagmhála na n-eagraíochtaí agus na dtionscadal a bhfuil oibrithe deonacha uathu, agus féadann tú freisin iarratas a dhéanamh go díreach ar an láithreán gréasáin. Nuair a roghnófar le haghaidh tionscadail thú, beidh gach rud socraithe duit. Mura bhfuil tú cinnte cén cineál gníomhaíochta is mian leat a roghnú, déan tráth na gceist an ESC!

Eagraíochtaí oibre deonaí eile

Chomh maith leis an ESC, is féidir leat teacht ar dheiseanna oibre deonaí ag na naisc seo a leanas:

Obair dheonach ar líne

Má tá sé thar a bheith deacair duit obair dheonach a dhéanamh ar an láthair, d’fhéadfá obair dheonach a dhéanamh ar líne. Tá deiseanna oibre deonaí ar líne ar fáil le heagraíochtaí agus le tionscnaimh amhail an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil, a chuireann tacaíocht ar líne ar fáil d’eagraíochtaí cabhrach daonnúla, agus Saorálaithe NA Ar Líne.

Ógshaorálaithe na Náisiún Aontaithe

Chomh maith lena scéim oibre deonaí ar líne, reáchtálann na Náisiúin Aontaithe (NA) Ógshaorálaithe na Náisiún Aontaithe – clár sonrach do dhaoine óga idir 18 agus 29 bliain d’aois ar mian leo páirt a ghlacadh i dtionscnaimh forbraíochta agus shíochána ar fud an domhain.

Mar Ógshaorálaí NA, is féidir leat a bheith ag obair i réimsí éagsúla amhail cearta an duine, oiriúnú don athrú aeráide, bainistiú tubaistí, cothú na síochána, rannpháirtíocht na hóige, agus go leor eile leis. Déantar tascanna a fhógairt ar láithreán gréasáin na Náisiún Aontaithe faoi ‘Glaonna Speisialta do Shaorálaithe’, agus ar Facebook, ar Twitter agus ar LinkedIn.

Más spéis leat tuilleadh eolais a fháil faoi thréimhsí oiliúna san Aontas Eorpach, téigh chuig Tairseach Eorpach na hÓige. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Bhliain Eorpach na hÓige, caith súil ar ár n-alt maidir le Tréimhsí Oiliúna.

 

Naisc ghaolmhara:

Eurodesk

Tráth na gCeist Eurodesk

Ionad Oibrithe Deonacha na hEorpa

Sraith uirlisí CEV

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

Tráth na gCeist ESC

Worldwide Opportunities on Organic Farms

Clár do Shaoráláithe Ógánach agus do Dhaoine faoi Oiliúint de chuid an Chiste Dhomhanda Fiadhúlra (WWF)

Coiste Comhordaithe na Seirbhíse Deonaí Idirnáisiúnta (CCIVS)

Saorálaithe Oidhreachta Domhanda UNESCO

Saorálaithe Oidhreachta Eorpacha

Service Civil International

Comhghuaillíocht na nEagraíochtaí Seirbhíse Deonaí Eorpacha

Saorálaithe Cabhrach AE

Saorálaithe NA Ar Líne

Náisiúin Aontaithe

Ógshaorálaithe NA

Tairseach Eorpach na hÓige

Tréimhsí Oiliúna

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.