
Agus tú ag ullmhú le haghaidh aistriú go tír nua, tabharfaidh tú faoi deara nach iarracht gan chostas é. Taobh amuigh de na costais a mbeifeá ag súil leo, amhail an taisteal atá i gceist agus áit a fháil le cur fút inti, tiocfaidh go leor costas eile chun cinn feadh an bhealaigh. Má bhíonn straitéis buiséadaithe láidir i bhfeidhm agat roimh an aistriú, tabharfaidh sé suaimhneas intinne duit, agus d’fhéadfadh sé airgead a spáráil ort san fhadtréimhse, fiú.
Costais a bhaineann le haistriú: seicliosta
Taisteal. Is cuma cén chaoi a roghnaíonn tú do cheann scríbe a bhaint amach, beidh ort costais taistil a chur san áireamh. Chun na rátaí is fearr is féidir a fháil, is féidir leat suíochán a chur in áirithe i bhfad roimh ré, na mílte taistil atá carntha agat a úsáid, nó dul sa tóir ar mhargadh níos fearr sula gcuireann tú suíochán in áirithe. Cuireann suímh ghréasáin comparáide eitiltí ar do chumas foláirimh a shocrú a luaithe a thiteann praghsanna ar chúrsaí taistil roghnaithe.
Athlonnú peataí. Uaireanta is féidir le costais taistil do chompánach clúmhach a bheith níos airde ná costais do thaistil féin. Riachtanais amhail micrishliseadh agus vacsaínithe agus cóireálacha sonracha roimh thaisteal, sa bhreis ar na costais taistil iarbhír, féadann siad a bheith suntasach ó thaobh costais.
Do chuid giuirléidí a thabhairt leat. Agus tú ag bogadh thar lear, gach seans go dteastóidh uait an chuid is mó de do chuid giuirléidí a bhreith leat. Chuige sin, beidh ort cuideachta ghairmiúil aistrithe a fhostú, íoc as ábhair phacála speisialta, agus as árachas aistrithe chun caillteanas nó damáiste féideartha a chumhdach. Braithfidh praghas an aistrithe ar fhad an aistir agus ar an méid giuirléidí atá agat. Cuimhnigh go mbeidh ort táillí stórála breise a íoc, b’fhéidir, má shroicheann do ghiuirléidí do cheann scríbe romhat, nó sula n-aimsíonn tú áit chónaithe.
Earraí speisialta. Ar mhaith leat do charr, saothair ealaíne nó pianó a bhreith leat? De bhrí go mbeidh socruithe nó cúram speisialta de dhíth chuige sin, d’fhéadfadh costais aistrithe bhreise a bheith i gceist leo.
Cóiríocht. Má tá sé beartaithe agat áit ar cíos a fháil, d’fhéadfaí a iarraidh ort cíos roinnt míonna, agus/nó éarlais slándála, a íoc roimh ré. Má iarrann tú cúnamh ar ghníomhaireacht eastáit réadaigh chun áit chónaithe a fháil, beidh ort coimisiún nó táille a íoc leo.
Lóistín sealadach. Mura n-éiríonn leat áit chónaithe a fháil sula mbogann tú, beidh ort costais óstáin nó socruithe maireachtála sealadacha a chur san áireamh.
Fóntais. Cuid de shocrú isteach in áit chónaithe nua is ea fóntais amhail leictreachas, gás, uisce, fón agus Wi-Fi a íoc. D’fhéadfadh roinnt fóntas a bheith san áireamh sa chíos; sonrófar iad i do chomhaontú tionóntachta.
Costais laethúla. Ag brath ar an áit a bhfuil tú ag dul, d’fhéadfadh an costas maireachtála a bheith i bhfad ní b’airde ná mar atá i do thír dhúchais. Seans maith go léireofar i do thuarastal nua an costas maireachtála sa tír nua, ach go dtí go mbeidh tú socraithe isteach go hiomlán, bí ag súil le níos mó a íoc as na bunrudaí.
Ceannacháin nua. Agus tú ag dul i dtaithí ar d’áit chónaithe agus ar do shaol nua, tiocfaidh riachtanais nua chun cinn: earraí don teach, amhail troscán, éadaí le haghaidh aeráidí níos fuaire nó níos teo, éadaí oiriúnacha don obair agus nithe éagsúla eile nach féidir leat thuar roimh ré.
An bhfuil tú ag smaoineamh ar cibé an rachadh sé chun tairbhe duit bogadh thar lear? Cabhróidh ár n-alt Ar cheart duit an léim a ghearradh agus bogadh thar lear? leat cinneadh a dhéanamh.
Naisc ghaolmhara:
Ag bogadh thar lear? Ullmhaigh do cháipéisí
An Coimisiún EorpachAg bogadh & ag obair san Eoraip
EURES: Dálaí maireachtála agus oibre san Eoraip
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtáil agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar sonraí post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
EURES ar Instagram
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 28 Iúil 2025
- Avtorji
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Leideanna agus Moltaí
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Leideanna agus Moltaí
- Maireachtáil & Obair
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles