Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)
  • Alt nuachta
  • 29 Deireadh Fómhair 2025
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

An bhfuil tú réidh chun deiseanna gairme a thapú thar lear? Téigh chuig EURES ar dtús

Le tríocha bliain anuas, tá EURES ina fhoinse eolais do mhic léinn, do chéimithe agus do dhaoine óga a bhfuil post á chuardach acu ar mhargadh fostaíochta na hEorpa den chéad uair. Tá feachtas nua ag EURES chun tacú leo tús a chur lena ngairm bheatha thar lear.

Ready to go places with your career? Make EURES your first stop

An mac léinn ollscoile thú, nó ar bhain tú céim amach le déanaí, nó an bhfuil tú i mbun gairmoiliúna? B’fhéidir gur duine fásta óg thú atá ag lorg deiseanna gairme nua, nó b’fhéidir nach bhfuil tú fostaithe ná i mbun oideachais ná oiliúna, ach go bhfuil tú ag iarraidh a dhéanamh amach cén ghairm a oireann duit féin? Tá an feachtas seo, a mhairfidh 5 mhí, dírithe go tréan ar thacaíocht a thabhairt duit feadh na slí, agus ar an mbearna a líonadh idir tusa agus an post is ansa leat.

Cad é an feachtas, agus conas is féidir liom tairbhe a bhaint as?

Ón 29 Deireadh Fómhair go dtí deireadh mhí an Mhárta 2026, faoin bhfeachtas ‘Tapaigh deiseanna gairme thar lear’ atá á eagrú ag EURES, táthar ag iarraidh a chinntiú go bhfuil rochtain chomhionann ag daoine idir 18 agus 35 bliana d’aois ar oiliúint, ar phrintíseachtaí nó ar fhostaíocht in 31 tír (27 tír an Aontais Eorpaigh, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis). Gheobhaidh tú amach faoi na seirbhísí go léir a chuireann EURES ar fáil chun cabhrú leat tabhairt faoin aistear spreagúil sin.

Sa tréimhse cúig mhí amach romhainn, bain tairbhe as an iliomad gníomhaíochtaí agus imeachtaí earcaíochta atá beartaithe ar líne agus as líne. Faigh leideanna maidir le conas do chéad phost nó do chéad phrintíseacht a aimsiú thar lear, cuir eolas ar na cearta atá agat, féach na deiseanna atá le tapú, agus faigh an tacaíocht is gá chun an ceann is fearr a fháil ar na bacainní atá romhatsa agus roimh dhaoine óga eile.

Cé dóibh an feachtas?

  • Mic léinn ollscoile agus mic léinn atá ag gabháil don ghairmoideachas
  • Céimithe, oiliúnaithe agus printísigh úra
  • Daoine fásta óga (18-35 bliana d’aois) atá ag lorg deiseanna nua
  • Daoine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna

Ar mhaith leat tús maith a chur le d’aistear gairme le EURES?

Is féidir le EURES cabhrú leat ar go leor bealaí éagsúla. Tá beagnach 1 000 Comhairleoir EURES sna 31 tír réidh chun do cheisteanna a fhreagairt agus chun eolas a chur ar fáil faoi réimse leathan ábhar, agus iad seo a leanas ina measc:

Féach beagnach 4 mhilliún post ar thairseach EURES! Is poist ar an leibhéal iontrála iad a lán acu, gan mórán taithí ag teastáil ina leith.

Cad iad na dúshláin atá roimh dhaoine fásta óga?

Ní mór do dhaoine óga roinnt constaicí a shárú agus iad ag dul isteach sa mhargadh saothair. Is ann don fheachtas seo chun tacú leo agus iad ag iarraidh a mbealach a dhéanamh.

Seo a leanas spléachadh ar chuid de na fadhbanna a bhíonn i gceist. In 2022, sainaithníodh gur daoine a d’fhág a gcuid oideachais nó a gcuid oiliúna go luath a bhí in 22 % díobh siúd idir 18-24 bliana d’aois a bhí ag dul chuig tír eile ar chúinsí oibre. D’fhág sé sin gur lú an seans a bhí acu post a fháil a sheasfadh achar réasúnta ama. An bhliain chéanna sin, i measc na ndaoine idir 25-35 bliana d’aois a d’aistrigh chuig tír eile, níor thug ach 3 % acu faoi oiliúint bhreise, rud a d’fhág gur lú an seans a bhí ann go dtairgfí deis níos fearr dóibh ina dhiaidh sin.

Is mó an tionchar a bhíonn ag dálaí deacra maireachtála agus oibre, ar nós costais arda tithíochta agus mhaireachtála, ar dhaoine fásta óga a roghnaíonn tabhairt faoi phost thar lear ná mar a bhíonn ar mhuintir na tíre féin. Bíonn siad níos leochailí freisin i leith eisiamh sóisialta agus i leith an tionchair a bhíonn aige ar a meabhairshláinte. Más rud é go bhfuil do chúrsa ollscoile críochnaithe agat agus nach bhfuil tú fostaithe go fóill, d’fhéadfá tairbhe mhór a bhaint as eolas agus acmhainní a bheidh ar fáil faoin bhfeachtas, ar cinn iad a bheidh in oiriúint do do chúinsí féin.

Bí ag faire amach do na haischlibeanna #leEURES agus #poistEURES ar na meáin shóisialta chun tú a chur i dtreo na ngníomhaíochtaí ábhartha.

I gcomhair eolais, an scéala is déanaí, imeachtaí fíorúla agus imeachtaí ar an láthair, téigh chuig leathanach gréasáin an fheachtais anseo.

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar sonraí post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • #withEURES
  • Leideanna agus Moltaí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.