Cé go bhfuil thart ar 87 milliún duine faoi mhíchumas san Aontas, is minic a chaitear ar bhealach neamhchothrom leo nó a dhéantar leithcheal orthu. Tá an ráta fostaíochta i measc daoine faoi mhíchumas go mór faoi bhun mheánráta fostaíochta an Aontais − níl ach 50 % i gceist leis. Rochtain íseal a bhíonn ag na daoine sin ar an oideachas freisin agus níl ardoideachas ach ar níos lú ná 30 % díobh. Ina theannta sin, tá breis agus an ceathrú cuid díobh i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta.
Tá an tAontas ag obair go crua chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin trí bhearta éagsúla. Tá Ballstáit uile an Aontais tiomanta do shaol daoine faoi mhíchumas a fheabhsú, ag tógáil ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Colún Eorpach na gCeart Sóisialta
Sonraítear i bPrionsabal 17 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil an ceart ag daoine faoi mhíchumas tacaíocht ioncaim a fháil lena gcinntítear gur féidir leo maireachtáil faoi dhínit, seirbhísí a fháil lena gcuirtear ar a gcumas dóibh a bheith rannpháirteach i margadh an tsaothair agus sa tsochaí, agus timpeallacht oibre a bheith acu atá curtha in oiriúint dá gcuid riachtanas.
Faigh tuilleadh eolais maidir leis an gColún Eorpach na gCeart Sóisialta.
An Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021−2030
I mí an Mhárta 2021, chuir an Coimisiún Eorpach i láthair freisin an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021− 2030, straitéis a bhfuil uaillmhian ag baint léi. Is é is aidhm don straitéis féachaint chuige go mbeidh páirt iomlán sa tsochaí ag daoine faoi mhíchumas, ar bhonn comhionann le daoine eile san Aontas agus níos faide i gcéin. Bhí an méid atá sa straitéis faoi anáil ag Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, atá sínithe ag na Ballstáit uile.
Faigh tuilleadh eolais maidir leis an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021−2030.
An Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta
Agus é ag rannchuidiú leis an straitéis, féachtar chuige leis an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta go bhfuil rochtain ag cách ar réimse táirgí agus seirbhísí laethúla. Mar chuid den Ionstraim sin, tá go dtí 2025 ag cuideachtaí anois chun a gcuid seirbhísí agus táirgí a chur i gcomhréir le ceanglais choiteanna inrochtaineachta an Aontais.
Faigh tuilleadh eolais maidir leis an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta .
Cistiú
Cuireann an tAontas deontais bhliantúla ar fáil do roinnt eagraíochtaí Eorpacha i gcomhair daoine faoi mhíchumas agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha. Is é is aidhm do na deontais cur le hacmhainneacht na n-eagraíochtaí agus é a fhágáil níos éasca acu a bheith rannpháirteach i bpróisis ar leibhéal an Aontais (e.g. tuairimí a thabhairt maidir leis an bhforbairt ar dhlíthe agus beartais an Aontais).
Faigh tuilleadh eolais maidir leis an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna.
Roghnaigh EURES
Má tá deacrachtaí agat ó thaobh post a aimsiú nó más mian leat post nua a aimsiú, déan teagmháil le Comhairleoir EURES i do thír féin. Agus os cionn 3.9 milliún folúntas fógartha ar EURES, b’fhéidir nach bhfuil ach cúpla clic idir tú féin agus gairm nua.
Téigh chuig an leathanach seo chun tuilleadh a léamh faoin méid a dhéanann an tAontas Eorpach chun tacú le daoine faoi mhíchumas.
Naisc ghaolmhara:
An Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021− 2030
Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
Comhairleoir EURES i do thír féin
An Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta
Colún Eorpach na gCeart Sóisialta
Faigh tuilleadh eolais maidir leis an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna
An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 30 Samhain 2022
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
- Óige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles