Chun iarrthóirí a chuardach agus gnéithe fostóra eile a úsáid, tá cuntas fostóra ag teastáil uait.
Is féidir leat:
- do chuntas fostóra féin (bainisteoir cuntais fostóra) a chruthú agus a bhainistiú, nó
- bheith páirteach i gcuntas fostóra atá ann cheana mar theagmhálaí nua (teagmhálaí fostóra).
Tabhair do d’aire nach mór duit sa dá chás do chuntas EU Login a chruthú. Déan é a nascadh le do sheoladh ríomhphoist oibre féin – an ceann ina bhfuil d’ainm, ní bosca poist comhroinnte mar info[at]company.de nó recruitment[at]employer.it.
- Bainisteoir cuntais fostóra
Chun do chuntas fostóra EURES a chruthú, líon isteach sonraí do chuideachta, amhail an uimhir chlárúcháin náisiúnta agus an seoladh atá cláraithe go dlíthiúil.
Déantar gach iarratas a scagadh ar bhonn aonair chun a áirithiú go bhfuil sé fíor.
Seolfaimid fógra ríomhphoist chugat nuair a bheidh do chlárúchán á phróiseáil againn. De ghnáth, tógann sé seo 3 lá oibre.
Tabhair do d’aire, ar chúiseanna slándála sonraí, ní ghlacaimid ach le fostóirí aonair; ní ghlacaimid le grúpaí, scáthchuideachtaí ná comhghuaillíochtaí cuideachta.
- Teagmhálaí fostóra
Chun a bheith i do theagmhálaí fostóra atá nasctha le cuntas fostóra EURES atá ann cheana, téigh i dteagmháil leis an mbainisteoir cuntais fostóra EURES a bheidh in ann cuireadh a thabhairt duit.
Mura bhfuil a fhios agat cé hé nó cé hí do bhainisteoir cuntais fostóra EURES, téigh i dteagmháil le Deasc Chabhrach EURES, a bheidh in ann dul i dteagmháil leis an mbainisteoir cuntais fostóra ar do shon.
Mar theagmhálaí fostóra, beidh rochtain agat ar ghnéithe uile an fhostóra amhail iarrthóirí a chuardach, ach ní bheidh tú in ann sonraí an chuntais fostóra a chur in eagar.
Má tá cuntas teagmhála fostóra EURES agat cheana féin agus más mian leat a bheith i do bhainisteoir cuntais fostóra EURES, déan teagmháil le Deasc Chabhrach EURES.