Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)

Cruthaigh cuntas fostóra: leathanach eolais

Chun rochtain a fháil ar gach gné a bhaineann le fostóir ar thairseach EURES, amhail iarrthóirí a chuardach, ba cheart go mbeadh tú nasctha le cuntas fostóra. Is féidir leat do chuntas fostóra féin a chruthú agus é a bhainistiú (mar ‘bhainisteoir cuntais fostóra’) nó é a chur san áireamh mar theagmhálaí le cuntas fostóra atá ann cheana (mar ‘teagmhálaí fostóra’).

Tabhair do d’aire, sa dá chás, go dteastaíonn cuntas EU Login uait atá nasctha le do sheoladh ríomhphoist pearsantaithe gairmiúil, agus ní le do sheoladh ríomhphoist príobháideach ná le bosca ríomhphoist feidhmiúil amhail info@ nó recruitment@. (Cliceáil anseo chun do chuntas EU login a chruthú.)

Bainisteoir cuntais fostóra:

Cruthaigh do chuntas fostóra EURES trí shonraí do chuideachta a sholáthar, amhail uimhir chlárúcháin náisiúnta, seoladh atá cláraithe go dlíthiúil, etc. Déantar gach iarratas a scagadh ina aonar chun iontaofacht a áirithiú. Seolfar fógra ríomhphoist chugat nuair a bheidh do chlárúchán próiseáilte. Ba cheart go ndéanfaí é sin laistigh de trí lá oibre.

Tabhair do d’aire, ar chúiseanna slándála sonraí, ní ghlacaimid ach le fostóirí aonair – ní ghlacaimid le grúpaí, scáthchuideachtaí ná comhghuaillíochtaí cuideachta.

Cruthaigh cuntas fostóra EURES

Teagmhálaí fostóra:

Chun a bheith i do theagmhálaí fostóra atá nasctha le cuntas fostóra EURES atá bunaithe cheana, téigh i dteagmháil le bainisteoir cuntais fostóra EURES, a bheidh in ann cuireadh a thabhairt duit.

Mura bhfuil a fhios agat cé hé nó cé hí do bhainisteoir cuntais fostóra EURES, téigh i dteagmháil le Deasc Chabhrach EURES, a bheidh in ann dul i dteagmháil leis an mbainisteoir cuntais fostóra ar do shon.

Mar theagmhálaí fostóra, beidh rochtain agat ar ghnéithe uile an fhostóra amhail iarrthóirí a chuardach, ach ní bheidh tú in ann sonraí an chuntais fostóra a chur in eagar.

Téigh i dteagmháil le Deasc Chabhrach EURES

Má tá cuntas teagmhála fostóra EURES agat cheana féin agus más mian leat a bheith i do bhainisteoir cuntais fostóra EURES, téigh i dteagmháil le Deasc Chabhrach EURES.