Trí oibrithe as tíortha eile de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE), tá deis ag gnóthaí oibrithe oilte tiomanta a aimsiú, go háirithe i gcás ganntanas náisiúnta a bheith ann san fhórsa saothair in earnálacha sonracha den gheilleagar. Thig le fostú den sórt sin a bheith ina chabhair i leith nuálaíochta agus iomaíochais freisin.
Ach d’fhéadfadh sé tarlú gur tasc deacair é oibrithe as tír Eorpach eile a aimsiú i gcás nach bhfuil a leithéid déanta agat roimhe. Conas a chuireann tú tús leis an bpróiseas? Cad iad na nithe atá le breithniú? Cé atá ann chun cabhair agus tacaíocht a thabhairt duit?
Tabharfaidh an seicliosta tríchodach anseo thíos leide duit faoi na bearta is gá a dhéanamh roimh (na bearta taighde), le linn (an próiseas earcaíochta i dtír eile de chuid an LEE) agus tar éis (an próiseas coinneála) earcaíocht a dhéanamh thar lear.
Seicliostaí
Má tá ceist agat faoi earcaíocht a dhéanamh thar lear, cliceáil ar an gcnaipe “Contact a EURES adviser” [“Déan teagmháil le Comhairleoir EURES”] chun an comhairleoir EURES is gaire duit a aimsiú.
Mar inspioráid duit, seo a leanas roinnt tuairimí ó fhostóirí a fuair tairbhe as earcaíocht a dhéanamh thar lear, le cúnamh ó Chomhairleoirí EURES nó ag aontaí earcaíochta arna n-eagrú ag EURES:
"Táimid i mbun oibre le EURES ón mbliain 1996 i leith. Bliain i ndiaidh bliana cabhraíonn go leor comhairleoirí i dtíortha éagsúla linn thart ar 370 fostaí séasúrach a earcú. Bíonn Comhairleoirí EURES i gcónaí an-chairdiúil, ar an eolas agus bíonn a fhios acu conas ár gcuideachta a lonnú ina dtír siúd. Tá go leor muiníne againn i EURES agus is mor an phribhléid dúinn a bheith ag obair leo."
"a mhór an pléisiúr a bhí ann do MISCO Málta páirt a ghlacadh san Aonach Fostaíochta Eorpach sa Bhruiséil. Ba é seo an chéad uair gur ghlac MISCO páirt in aonach fostaíochta idináisiúnta agus ba dhearfach an t-eispéireas é a bhfuilimid ag súil le páirt a ghlacadh ann arís amach anseo. Chuir EURES le rathúlacht an aonaigh fhostaíochta seo agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil leo as ucht a gcuid cabhrach."
"Ag ‘Climax’ is maith linn foireann idirnáisiúnta a bheith againn chun déileáil lenár gcustaiméirí idirnáisiúnta ioamdúla. Mar sin soláthraíonn EURES an tseirbhís fhoirfe le haghaidh ár mbialann agus soláthraítear amhail i mbealach éifeachtúil agus cabhrach. Tá a fhios ag ár gComhairleoir EURES áitiúil go díreach cad a bhíonn á lorg againn nuair a earcaímid foireann agus bíonn sí i gcónaí an-tapa ag dul i dteagmháil linn nuair a thagann sí trasna ar CV suimiúil."