Léiríodh i suirbhé nua ag Eurofound gur fearr le formhór na n-oibrithe AE obair a dhéanamh ón mbaile corruair ar a laghad (mura mbeadh aon srianta COVID-19 ann), agus gurb é an rogha is mó a raibh tóir air ná bealach oibre hibrideach (32%). Tá a lán gnólachtaí fós ag oibriú amach cad a chiallaíonn ‘hibrideach’ ina gcásanna féin, agus conas is féidir leo dul in oiriúint don treocht nua seo le go mbeidh siad éifeachtach i gcónaí.
I gcás fhormhór na gcuideachtaí, le hobair hibrideach á tabhairt isteach beidh gá le hathrú suntasach i gcultúr na hoibre agus le beartais agus cleachtais nua a fhorbairt. Tá na gnólachtaí nach dtacaíonn le bealaí solúbtha oibre ag dul sa seans go mbeidh méadú ar láimhdeachas fostaithe acu mar aon le laghdú ar rannpháirtíocht fostaithe. D’fhéadfadh an chuma a bheith orthu freisin nach bhfuil siad an-tarraingteach do chuardaitheoirí poist agus d’fhostaithe féideartha. Mar sin, cad ba cheart do chuideachtaí a chur san áireamh agus cur chuige hibrideach á chur i bhfeidhm acu?
Measúnú riosca a dhéanamh
Ó thús na paindéime, bhí go leor plé ann maidir le fostóirí ag éisteacht le riachtanais a gcuid fostaithe. Ach tá sé chomh tábhachtach céanna d’úinéirí cuideachtaí éisteacht le riachtanais a ngnó freisin. Sula ndéanann siad beartas ábhartha a fhorbairt, ba cheart d‘fhostóirí smaoineamh ar mheasúnú riosca a dhéanamh chun an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hobair hibrideach a fhiosrú, ní hamháin ar a bhfoireann, ach ar a gcuideachta freisin. Beidh an measúnú seo ina chabhrú le húinéirí gnó cinntí níos eolasaí a dhéanamh maidir leis na róil is féidir a bheith ag obair go cianda, líon na laethanta teilea-oibrithe in aghaidh na seachtaine/na míosa, agus na suíomhanna óna gceadaítear do bhaill foirne oibriú (e.g. má tá an fostaí i gcrios ama eile, d’fhéadfadh go mbeadh gá ann na huaireanta oibre a athrú chun teacht le croí-uaireanta an ghnólachta).
Cóir chomhionann a áirithiú
Agus beartas do chuideachta maidir le hobair hibrideach á fhorbairt agat, áirithigh go bhfuil do threoirlínte cothrom do gach fostaí agus nach ndéanann siad leatrom ar aois, míchumas, inscne, stádas pósta, toircheas agus máithreachas, cine, reiligiún, gnéas ná claonadh gnéasach. Tá sé tábhachtach dul i gcomhairle le do rannóg AD nó le speisialtóir seachtrach ionas nach mbeidh do bheartas nua ina chúis le teannas i measc do chuid fostaithe agus nach mbeidh tú féin faoi dhliteanas do chásanna dlí dá bharr. Ba chóir duit a áirithiú nach gcaitear le teilea-oibrithe ar bhealach difriúil ó oibrithe a bhíonn san oifig go lánaimseartha.
Muinín idir an fostóir agus an fostaí a fhorbairt
Nuair a chuir COVID-19 iallach ar chuideachtaí a gcuid oifigí a dhúnadh agus nuair a cuireadh tús le teilea-oibriú go forleathan, d’ardaigh a lán fostóirí an cheist maidir le monatóireacht a dhéanamh ar theilea-oibriú chun a áirithiú nach mbainfeadh an fhoireann mí-úsáid as a ‘saoirse’ nua. Ina gcuid iarrachtaí le smacht a bhrath, chuir roinnt úinéirí gnó córais mhonatóireachta i bhfeidhm, a measadh a bheith ina sárú ar phríobháideacht na n-oibrithe. Má chreideann fostaithe go mbíonn siad faoi mhonatóireacht i gcónaí, bíonn siad in ísle brí go minic agus bíonn mothúchán neamh-iontaofachta ar an bhfoireann. Ba chóir go mbeadh monatóireacht trédhearcach agus an méid sin amháin is gá don ghnó a chumhdach. Chuige sin, ní mór a áirithiú go bhfuil do chuid fostaithe sábháilte agus go bhfuil cur i gcrích tascanna níos tábhachtaí ná rianú cé mhéad uair an chloig a chaitheann siad ag obair go gníomhach os comhair an ríomhaire.
De réir mar a mhaolaítear srianta, tá fostaithe ag ullmhú don fhilleadh ar an áit oibre agus tá seans ann go bhfuil siad éiginnte faoin gcuma a bheidh air sin. Is iad seo a leanas na ceithre phríomhleid atá againn chun fáilte a chur roimh d’fhoireann ar ais ina n-áit oibre.
Naisc ghaolmhara:
Ceithre leid chun fáilte a chur roimh d’fhoireann ar ais ina n-áit oibre tar éis COVID-19
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 3 Lúnasa 2021
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / Fiontraíocht
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles