Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta12 Márta 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Cúig scéal insprioráideacha ón gcomórtas grianghraf Reactivate

Ó seoladh é sa bhliain 2016 i leith, chabhraigh an tionscnamh Reactivate le breis agus 750 duine post nó cúrsa oiliúna a fháil in AE. Chun aghaidh daoine a chur leis na staitisticí, d’fhógair an fhoireann Reactivate comórtas grianghraf sula raibh an phaindéim ann inar iarradh ar dhaoine a n-eispéireas sa scéim um shoghluaisteacht ó phost go chéile a chomhroinnt.

Five inspiring stories from the Reactivate photo competition
Shutterstock

Iarradh ar rannpháirtithe sa chomórtas pictiúir díobh féin sular ghlac siad páirt sa tionscnamh de chuid AE agus tar éis dóibh páirt a ghlacadh ann a sheoladh isteach agus tuairisc achomair a thabhairt ar a scéal. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil thíos faoin gcúigear buaiteoirí agus faoi na heispéiris inspioráideacha a bhí acu.

Fuair José Miguel, duine 36 bliain d’aois ón Spáinn, post mar chomhtháthaire córais i mbaile beag i lár na hIodáile. Anuas ar an bpacáiste athlonnaithe Reactivate, fuair sé cistiú freisin chun clárú do chúrsa Iodáilise.  D’éirigh go geal le José Miguel ina phost, agus athraíodh a chonradh sé mhí ina dhiaidh sin ina chonradh buan dá bharr. Deir sé go bhfuil dhá rogha ann: na deiseanna sin a thapú nó iad a chailleadh.

Tráth a chláraigh Sarata le Reactivate den chéad uair, bhí sí ag streachailt gan phost ar feadh tréimhse fhada, cé go raibh céim Mháistreachta aici. Bhí imní ar an máthair Fhrancach 43 bliain d’aois faoina mbeadh i ndán di féin agus dá hiníon.  Chabhraigh an fhoireann Reactivate le Sarata cobhsaíocht a fháil i gCorcaigh, Éire, áit ar thosaigh sí ag obair mar speisialtóir eispéireas custaiméirí i gcuideachta ‘gnólacht le gnólacht’.

Cé nár chaill sé dóchas riamh le linn na tréimhse ina raibh sé dífhostaithe, deir Alessandro go bhfuil sé an-bhuíoch de Reactivate. De bharr na scéime um shoghluaisteacht ó phost go chéile, tugadh seans eile sa saol don Iodálach 62 bliain d’aois. Chabhraigh an scéim leis post a fháil mar bhainisteoir ginearálta i gcuideachta gáis agus ola sa Chipir.

Mhol a seanmháthair do Maria, atá 44 bliain d’aois, clárú le Reactivate. Chabhraigh an scéim um shoghluaisteacht ó phost go chéile leis an mbean Spáinneach bogadh chun na Gearmáine, áit a gcónaíonn sí lena teaghlach agus a n-oibríonn sí mar oibrí cúraim anois.

Tráth a chláraigh José Javier, atá 51 bliain d’aois, le Reactivate, bhí sé ag déileáil le tréimhse dhoiligh ina shaol, agus é thíos leis an dífhostaíocht agus le fadhbanna teaghlaigh. A bhuí leis an scéim um shoghluaisteacht ó phost go chéile, fuair an fear Spáinneach post sa Bhruiséil mar fhorbróir i gcuideachta a thairgeann cúrsaí ar líne d’institiúidí AE.  Deir José Javier go mbíonn ag méadú gach lá ar a ghrá don Eoraip.

Is scéim um shoghluaisteacht phoist é Reactivate de chuid an Aontais Eorpaigh, a chabhraíonn le fostóirí teacht ar oibrithe cáilithe agus a chabhraíonn le saoránaigh AE post, cúrsa oiliúna nó printíseacht a aimsiú i mBallstát eile AE.  Tugann an tionscnamh rochtain do chuardaitheoirí poist os cionn 35 bliain d’aois ar dheiseanna fostaíochta, ar acmhainní oiliúna, ar chomhairleoireacht ghairme agus ar thacaíocht airgeadais chun gur féidir leo freastal ar agallaimh, athlonnú agus tabhairt faoi chúrsaí teanga. Faigh tuilleadh faisnéise faoi Scéimeanna Soghluaisteachta Spriocdhírithe EURES.

 

Naisc ghaolmhara:

Scéimeanna Soghluaisteachta Spriocdhírithe EURES

José Miguel

Sarata

Alessandro

Maria

José Javier

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Bosca uirlisí AE le haghaidh soghluaisteachta
  • Nuacht sheachtrach EURES
  • Geallsealbhóirí seachtracha
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Treochtaí earcaíochta
  • Na meáin shóisialta
  • Scéalta ratha
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.