Ó 1994 i leith is féidir le cuardaitheoirí poist post a ghlacadh, agus is féidir le fostóirí iarrthóirí a earcú laistigh de thíortha an Aontais, san Eilvéis, san Íoslainn, i Lichtinstéin agus san Iorua le tacaíocht líonra EURES.
An nuacht is déanaí
Ar tugadh cuireadh duit freastal ar agallamh poist fíorúil? Cé gurb ionann an treoir maidir le hullmhú le haghaidh gach agallaimh a bheag nó a mhór, cibé acu an agallamh fisiciúil nó fíorúil é – más é an dara ceann atá i gceist, tá cúpla rud nach foláir duit aird ar leith a thabhairt orthu.
Tá athrú suntasach tagtha ar an gcaoi a gcomhoibrímid ar fud eagraíochtaí agus laistigh díobh mar gheall ar an réabhlóid dhigiteach agus normalú na cianoibre. Tá leitheadúlacht foirne traschultúrtha ag méadú go tapa – rud lena dtugtar brí nua don chaoi a gcuirtear obair bhuíne i gcrích.
Tá ré na hearcaíochta digití faoi lán seoil, agus tá fostóirí ag fáil níos mó iarratas ná riamh ar phoist. Cad is féidir leat a dhéanamh chun d’iarratas a chur ar bharr an liosta roghnúcháin? D’fhéadfadh sé go ndéanfadh do litir chumhdaigh cúis mhaith.
Cláraigh ar EURES...
...chun teacht ar níos mó roghanna i do chuardach: do phróifílí cuardaigh a shábháil, fógraí a fháil, CVanna a bhrabhsáil (d’fhostóirí), do CV a chruthú agus é a fhoilsiú (do chuardaitheoirí poist), úsáid a bhaint as ár n-inneall meaitseála chun do mheaitseáil foirfe a aimsiú (post nó iarrthóir).
Cliceáil ar cheann de na roghanna thíos chun clárú...