Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta3 Bealtaine 2024An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Bí páirteach sa chomórtas físeán EURES30 agus buaigh turas chun na Bratasláive!

Tá EURES ag ceiliúradh 30 bliain de sheirbhísí soghluaisteachta poist ar ardchaighdeán agus é mar fhís aige go mbeidh an Eoraip ina ceann scríbe gairme tarraingteach do chuardaitheoirí poist óga. Is é is aidhm don Chomórtas Físe Óige #EURES30 tú a thabhairt céim níos gaire do do rogha poist.

Enter the EURES30 video competition and win a trip to Bratislava!

An bhfuil tú idir 18 agus 30 bliain d’aois agus i do shaoránach nó i do chónaitheoir i gceann de na 31 tír faoi scáth EURES? Más rud é go bhfuil, tá tú i dteideal páirt a ghlacadh sa chomórtas físeáin a iarrann ar dhaoine óga a scéal féin a roinnt agus an scéal faoi sheirbhísí EURES a scaipeadh.

Ar mhaith leat dul ag obair thar lear san Eoraip? An scoláire ardscoile nó céimí ollscoile le déanaí thú atá ag lorg do chéad phoist? An bhfuil tú ag lorg deis ar leith a thabharfaidh tú áiteanna, sa chiall atá leis an bhfocal ó cheart agus go meafarach? Más rud é go bhfuil, bí cinnte páirt a ghlacadh sa chomórtas físeáin EURES do dhaoine óga tréitheacha anseo!

Anseo thíos gheobhaidh tú roinnt eolais phraiticiúil:

Cad ba cheart a bheith mar ábhar m’fhíseáin?

Tá an físeán seo fút féin agus faoi do phearsantacht uathúil, do mhianta agus do bhuanna. Is mian le EURES a fháil amach conas is féidir leis cabhrú leat do rogha poist a fháil san Eoraip. Bí cruthaitheach!

Cad iad na sonraíochtaí?

Ba cheart d’fhíseáin a bheith dhá nóiméad ar fad ar a mhéad agus is féidir iad a thaifeadadh in aon teanga de chuid EURES. Níl sé éigeantach fotheidil a chur leo, ach ba cheart duit tras-scríbhinn i mBéarla a chur ar fáil. Ba cheart físeáin a uaslódáil ar chainéal atá infheicthe go poiblí ar YouTube, leis an nasc atá le soláthar i d’iarratas.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le do fhíseán a thaifeadadh, féach ar an treoirleabhar seo.

Conas a dhéanfar mé a mheas?

Roghnófar cúigear a bheidh sa bhabhta ceannais trí vótáil oscailte ar ardán tiomnaithe EURES idir an 16 Iúil agus an 12 Lúnasa. Roghnóidh EURES agus an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA) i gcomhar le bainisteoir an chomórtais na trí fhíseán buaiteacha as na cúig fhíseán is mó a fuair vótaí bunaithe ar chritéir éagsúla (ábharthacht, soiléireacht, úrnuacht, cruthaitheacht). Fógrófar na buaiteoirí le linn Sheachtain Soghluaisteachta an AE i mí Dheireadh Fómhair. Scaip an scéal agus faigh níos mó vótaí!

Cén tairbhe atá ann dom?

Má tá tú i measc na mbuaiteoirí, beidh deis agat cuairt a thabhairt ar áitreabh ELA sa Bhratasláiv, bualadh le foireann EURES agus comhairle ghairme luachmhar a fháil ó Chomhairleoirí EURES. Deis atá ann nach bhfaigheann duine ach uair amháin ina shaol!

Agus... aicsean!

Cuir iarratas isteach anois, faigh tairbhí ollmhóra agus cuidigh leis an teachtaireacht a scaipeadh go bhfuil an post ceart ag EURESdo gach duine, áit ar bith san Eoraip!

Sprioc-am le haghaidh iarratas: 5 Iúil 2024

Sula gcuirfidh tú d’iarratas isteach, bí cinnte go léifidh tú na téarmaí agus na coinníollacha anseo.

 

Léigh tuilleadh faoin gComórtas Físeáin Óige #EURES3anseo.

 

Naisc ghaolmhara:

Tá EURES 30 bliain ar an bhfód!

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar X

EURES ar LinkedIn

EURES ar Instagram

Ábhair
  • EURES30
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.