Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)

Nuacht

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.

Scagadh de réir

Nuacht (400)

RSS
Torthaí ó 140 go 150
  • Alt nuachta

Tar éis di céim a bhaint amach i Stair na hEalaíne, chinn Gaëlle, atá 31 bliain d’aois, an dúspéis atá aici i mbia sláintiúil a shaothrú agus a éirí ina chef. Faigh amach conas a chabhraigh Comhairleoirí EURES dár gcuid le Gaëlle mian a croí a bhaint amach agus taithí idirnáisiúnta a ghnóthú i mbialann mór le rá a bhfuil réaltaí Michelin aici.

  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad
  • Alt nuachta

Agus an vacsaín in aghaidh COVID-19 á fáil ag líon méadaitheach daoine, tá cuideachtaí ar fud na hEorpa ag ullmhú dá n-oifigí a oscailt arís. Mar sin féin, tá imní ar a lán fostaithe faoi fhilleadh ar an oifig. D’ullmhaíomar anseo in EURES roinnt leideanna chun cabhrú leis sin.

  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad
  • Alt nuachta

D’éirigh an obair ón mbaile ina cuid dhílis den ghnáthshaol nua de bharr phaindéim COVID-19 thar an mbliain seo a chuaigh thart agus is amhlaidh a bheidh an scéal do chuid mhór fostaithe go ceann i bhfad. Chun do tháirgiúlacht a uasmhéadú agus chun cabhrú leis an bpláinéad, déan d’oifig bhaile níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol ach na cúig leid shimplí seo uainn a leanúint!

  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad
  • Alt nuachta

Le linn na paindéime, d’oibrigh a lán daoine óna mbaile féin. De réir mar a mhaolaítear srianta, áfach, tá fostaithe ag ullmhú don fhilleadh ar an áit oibre agus tá seans ann go bhfuil siad éiginnte faoin gcuma a bheidh air sin. Is iad seo a leanas na ceithre phríomhleid atá againn le haghaidh baill foirne a thabhairt ar ais ina n-áit oibre.

  • Am léitheoireachta: 5 nóiméad
  • Alt nuachta

Cuirtear ar ár gcumas leis an Réamhaisnéis Scileanna ó Cedefop a shamhlú cén chuma a d’fhéadfadh a bheith ar shaol na hoibre i gceann deich mbliana trí threochtaí fostaíochta sa todhchaí a thuar. Sa tsraith nua alt uainn, pléimid na dúshláin agus na hathruithe a bhféadfadh go mbeadh gairmeacha áirithe ag dul i ngleic leo idir seo agus an bhliain 2030.

  • Am léitheoireachta: 5 nóiméad
  • Alt nuachta

D’ainneoin a sheacht ndícheall a dhéanamh, níor éirigh le Ahmed, 35 bliain d’aois, post a fháil mar chef sa Bhruiséil, a chathair féin, le linn na paindéime. Mar sin, nuair a tairgeadh deis dó taithí ghairmiúil a ghnóthú i dtír eile, ní raibh drogall ar bith air an deis sin a thapú. A bhuí le EURES na Bruiséile, fuair Ahmed post roimh i bhfad sa Laplainn – áit ghalánta atá ar an réigiún is faide ó thuaidh san Fhionlainn.

  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad
  • Alt nuachta

Nuair a chuireann tú tús le do ghairm, bíonn sé deacair fios a bheith agat maidir le cén bealach is fearr le glacadh. Seo iad na sé leid is fearr uainn chun cabhrú leat an chonair ghairme cheart a aimsiú.

  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad
  • Alt nuachta

Bhí fonn ar Amandine obair i dtír eile ó bhí sí óg. Thosaigh an cuardaitheoir poist Beilgeach seo cúrsa oiliúna i Maidrid, an Spáinn, go luath sa bhliain 2020. Ach ba ghá di filleadh abhaile tamaillín ina dhiaidh sin de dheasca phaindéim COVID-19. Dá ainneoin sin, bhain Amandine triail eile as agus fuair sí deis ghairmiúil nua in Valencia.

  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad
  • Alt nuachta

Cosúil le cuid mhór tíortha eile AE, tá ganntanas cúramóirí cáilithe do dhaoine scothaosta sa Ghearmáin le blianta fada anuas. Chinn EURES na Gearmáine aghaidh a thabhairt ar an nganntanas sin trí thionscadal ina gcomhcheanglaítear an obair agus an ghairmoiliúint le chéile san earnáil cúraim gheiriatraigh. Ba iad Sara agus Aitor beirt de na rannpháirtithe sa tionscadal sin.

  • Am léitheoireachta: 5 nóiméad
  • Alt nuachta

De bharr phaindéim COVID-19, tá ár saol ag athrú ar go leor bealaí, go háirithe san obair. Tá an ghéarchéim sláinte ag déanamh difear do sceidil, uirlisí, timpeallachtaí agus tosaíochtaí i saol na hoibre. Léigh ar aghaidh chun a fháil amach cad iad na difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an obair sa bhliain 2021.

  • Am léitheoireachta: 5 nóiméad