
Chun an t‑eispéireas úsáideoirí a fheabhsú agus chun seirbhís gan uaim a sholáthar, déanfar cuntais cuardaitheora poist EURES a dhíghníomhachtú an 31 Márta 2025. Is féidir iad a aistriú chuig Europass, ardán saor in aisce ar a gcuirtear uirlisí digiteacha ar fáil chun CV a thógáil, agus chun tacú le trédhearcacht scileanna, le foghlaim ar feadh an tsaoil, agus le treoir maidir le soghluaisteacht foghlama trasnáisiúnta agus bainistiú gairme.
An méid a athróidh
Dúnfar gach cuntas cuardaitheora poist EURES, Cvanna san áireamh, ar an 31 Márta. Ón 1 Aibreán amach, feidhmeoidh Europass mar an ardán do chuardaitheoirí poist agus d’fhoghlaimeoirí. Is féidir le húsáideoirí thairseach EURES a CVanna a aistriú chuig an ardán sin.
An méid nach n‑athróidh
- Leanfaidh EURES de bhunachar sonraí mór CVanna agus folúntas a choinneáil agus de thacaíocht a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist ó gach ceann den 27 dtír de chuid an Aontais, agus ón Iorua, ón Íoslainn, ó Lichtinstéin agus ón Eilvéis.
- Beidh rochtain fós ag fostóirí agus ag Comhairleoirí EURES ar phróifílí iarrthóirí a aistreofar chuig Europass agus a chomhroinnfear le EURES.
- Leanfaidh EURES dá ról maidir le seirbhísí pearsantaithe meaitseála poist a sholáthar trí Chomhairleoirí EURES, trí chomhairle soghluaisteachta agus trí thacaíocht earcaíochta a chur ar fáil.
Conas do phróifíl EURES a aistriú chuig Europass
Más rud é gur chruthaigh tú do CV ar líne in EURES, is féidir leat do chuid faisnéise a aistriú go héasca chuig Europass roimh an athrú:
- Logáil isteach ar do chuntas EURES.
- Easpórtáil do CV go díreach chuig Europass trí úsáid a bhaint as na huirlisí arna gcur ar fáil.
Tábhachtach: Tar éis an 31 Márta, ní bheifear in ann ábhar a easpórtáil, agus beidh ort do phróifíl a chruthú as an nua go díreach in Europass.
Conas rochtain a fháil ar Europass agus do CV a roinnt le EURES
- Is féidir leat logáil isteach ar Europass trí úsáid a bhaint as na dintiúir EU Login atá agat cheana (na cinn chéanna atá á n‑úsáid agat le haghaidh EURES).
- Nuair a bheidh do chuntas Europass curtha ar bun agat, is féidir leat é a nascadh le EURES chun do phróifíl a roinnt le fostóirí agus le seirbhísí fostaíochta ar fud na hEorpa.
Déantar é sin i do phróifíl Europass:
Cá háit le cúnamh a fháil
Déan teagmháil leis na daoine seo a leanas:
Naisc ghaolmhara:
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar sonraí post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire imeachtaí EURES
Imeachtaí ar líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar X
EURES ar LinkedIn
EURES ar Instagram
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 18 Márta 2025
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Leideanna agus Moltaí
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Leideanna agus Moltaí
- Earnáil
- Accomodation and food service activities
- Activities of extraterritorial organisations and bodies
- Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
- Administrative and support service activities
- Agriculture, forestry and fishing
- Arts, entertainment and recreation
- Construction
- Education
- Electricity, gas, steam and air conditioning supply
- Financial and insurance activities
- Human health and social work activities
- Information and communication
- Manufacturing
- Mining and quarrying
- Other service activities
- Professional, scientific and technical activities
- Public administration and defence; compulsory social security
- Real estate activities
- Transportation and storage
- Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
- Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles