Leibhéal náisiúnta - Éire
* Tá éagsúlacht sna blianta dá dtagraítear sa tuarascáil seo, ós rud é go bhfuil na sonraí bunaithe ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta atá ar fáil le haghaidh gach táscaire, amhail ó mhí na Nollag 2024.
Margadh saothair
Amhail ón 1 Eanáir 2024, bhí thart ar 5.3 milliún duine ina gcónaí in Éirinn. Ba é an olltáirgeacht intíre in aghaidh an áitritheora cothrom le EUR 99 000 in 2022, is é sin, 179.7 % níos airde ná an meán de EUR 35 400 in aghaidh an áitritheora in AE27. Ó 2018 go 2022, tháinig méadú 47 % ar an olltáirgeacht intíre in aghaidh an duine.
Olltáirgeacht intíre (oti) in aghaidh an áitritheora in eur | 2019 | 2020 | 2021 | 2022 | 2023 |
---|---|---|---|---|---|
Éire | 72 300 | 75 300 | 86 500 | 99 000 | NA |
AE27 | 31 300 | 30 100 | 32 700 | 35 400 | NA |
Note: nama_10r_2gdp, Statistics | Eurostat (europa.eu)
In 2023, bhí ní ba mhó ná 2.8 milliún duine gníomhach sa mhargadh saothair in Éirinn. Bhí an ráta fostaíochta cothrom le 74 %, is é sin, 3.6 pointe céatadáin níos airde ná meán AE27 agus 5.4 pointe céatadáin níos airde i gcomparáid le 2018. In 2023, i gcás na mban, bhí an ráta fostaíochta cothrom le 69.9 %, i gcás na bhfear, ba é 78.2 % an ráta fostaíochta, agus i gcás an aosa óig, bhí an ráta fostaíochta cothrom le 48.2 %, na rátaí sin go léir os cionn mheán an Aontais.
Ráta fostaíochta (%) | 2019 | 2020 | 2021 | 2022 | 2023 | |
---|---|---|---|---|---|---|
Iomlán | Éire | 69.5 | 67.7 | 69.8 | 73.3 | 74 |
AE27 | 68.4 | 67.5 | 68.3 | 69.8 | 70.4 | |
Fireann | Éire | 75 | 73.2 | 74.3 | 78.2 | 78.2 |
AE27 | 73.8 | 72.8 | 73.3 | 74.7 | 75.1 | |
Mná | Éire | 64.2 | 62.4 | 65.5 | 68.4 | 69.9 |
AE27 | 63.1 | 62.2 | 63.3 | 64.9 | 65.7 | |
Óige | Éire | 41.2 | 37 | 42.7 | 47.4 | 48.2 |
AE27 | 33.4 | 31.4 | 32.7 | 34.7 | 35.2 |
Note: lfst_r_lfe2emprt, data refer to working age population (15-64), youth age group (15-24) Statistics | Eurostat (europa.eu)
In 2023, bhí an ráta dífhostaíochta beagnach ag teacht leis an leibhéal a cláraíodh in 2022. In 2023, níor bhain an ráta dífhostaíochta amach an leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim, nuair a bhí sé cothrom le 5.9 % in 2018, agus 5.1 % in 2019, faoi seach. Tá an ráta dífhostaíochta i gcónaí faoi bhun mheán AE27. In 2023, bhí sé 1.7 pointe céatadáin ní b’ísle in Éirinn ná mar a bhí i gcás AE27.
In 2023, ba as Éirinn a tháinig 70.9 % den lucht saothair gníomhach, ba as Ballstáit eile den Aontas 10.1 % de agus ba as tríú tíortha 18.9 % de. In AE27, amhail ó 2023, is ón tír faoi seach (85 % ar an meán) a thagann an céatadán is airde den lucht saothair, agus, ar an meán, is ó thíortha eachtracha a thagann sciar níos lú de (4.3 % ó Bhallstáit eile den Aontas, agus 10.5 % ó thríú tíortha).
In 2022, bhí formhór na bhfostaithe ag obair i ngnónna an mhórdhíola agus an mhiondíola; an deisithe mótarfheithiclí agus gluaisrothar (18.4 %), agus, ina dhiaidh sin, i ngnónna na monaraíochta (11.8 %), na ngníomhaíochtaí cóiríochta agus na seirbhísí bia (10.3 %), agus na ngníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla (9.3 %). Maidir le líon na bhfiontar, baineann an chuid is mó díobh le gníomhaíochtaí tógála (20.9 %), gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla (13.9 %), agus gnónna an mhórdhíola agus an mhiondíola; agus gnónna an deisithe mótarfheithiclí agus gluaisrothair(13.3 %).
In Éirinn, d’oibrigh an céatadán ab airde d’fhostaithe (32.1 %) i gcuideachtaí móra ag a raibh ní ba mhó ná 250 fostaí. Níorbh ionann na cuideachtaí sin agus ach 0.2 % de na fiontair go léir sa tír, agus gan ach 886 de na gnólachtaí den chineál sin ann. Bhí 26.9 % de dhaoine a bhí fostaithe ag obair i micreachuideachtaí ina raibh suas le naoi bhfostaí, bhí 19.8 % de dhaoine a bhí fostaithe ag obair i gcuideachtaí meánmhéide ag a raibh idir 50 agus 249 bhfostaí, bhí 12.4 % de dhaoine a bhí fostaithe ag obair i gcuideachtaí beaga ag a raibh idir 20 agus 49 bhfostaí, agus bhí 8.8 % de dhaoine a bhí fostaithe ag obair i gcuideachtaí beaga ag a raibh idir 10 agus 19 bhfostaí.
Folúntais
In 2024, in Éirinn, ba iad seo a leanas na grúpaí gairme ina raibh an líon ba mhó ganntanas lucht saothair: Gairmithe eolaíochta agus innealtóireachta, gairmithe teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide agus gairmithe sláinte.
Léigh tuilleadh faoi ghanntanais agus barrachais lucht saothair san Eoraip: Ganntanais agus barrachais lucht saothair san Eoraip 2023? An tÚdarás Eorpach Saothair (europa.eu)
An ráta folúntas
Maidir leis an ráta folúntas (a shainmhínítear mar líon na bhfolúntas arna shloinneadh mar chéatadán de shuim iomlán na bpost arna líonadh agus na bhfolúntas), ba é sin 1.2 % i dtionscal na tógála agus na seirbhísí in 2023, arb ionann é sin agus 1.6 pointe céatadáin níos ísle ná AE27 ar an meán. Tháinig méadú 0.3 pointe céatadáin ar an ráta sin i gcomparáid le 2022 agus tá sé fós os cionn an ráta a bhí ann roimh 2020, nuair nach raibh sé ach ag 1 %.
Ráta folúntas (%) | 2019 | 2020 | 2021 | 2022 | 2023 |
---|---|---|---|---|---|
Éire | 1 | 0.8 | 1.3 | 1.5 | 1.2 |
AE27 | 2.3 | 1.8 | 2.4 | 3 | 2.8 |
Note: jvs_a_rate_r2, Statistics | Eurostat
Ba iad na hearnálacha a raibh na rátaí folúntais ab airde acu ná sláinte an duine agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta; oideachas; na healaíona, siamsaíocht agus áineas; riarachán poiblí agus cosaint; slándáil shóisialta éigeantach; seirbhísí riaracháin agus tacaíochta.
Ráta folúntas de réir earnála | 2019 | 2020 | 2021 | 2022 | 2023 |
---|---|---|---|---|---|
Mianadóireacht agus cairéalacht | 0 | 0 | 0 | 0.5 | 0.8 |
Déantúsaíocht | 0.8 | 0.6 | 1.1 | 1 | 0.9 |
Soláthar leictreachais, gáis, gal agus aerchóirithe | 0.8 | 0 | 0.3 | 0 | 0 |
Soláthar uisce; gníomhaíochtaí séarachais, bainistíochta dramhaíola agus leasúcháin | 0.6 | 0.4 | 0.6 | 1 | 1.1 |
Tógáil | 1 | 0.2 | 1 | 1.3 | 0.7 |
Trádáil mhórdhíola agus mhiondíola; deisiú mótarfheithiclí agus gluaisrothair | 0.6 | 0.5 | 0.8 | 1 | 0.8 |
Iompar agus stóráil | 0.5 | 0.3 | 0.6 | 1.2 | 0.7 |
Gníomhaíochtaí cóiríochta agus seirbhíse bia | 1.1 | 0.4 | 1 | 0.8 | 0.6 |
Faisnéis agus cumarsáid | 1.7 | 1.4 | 2 | 1.9 | 1.1 |
Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais | 2 | 1.3 | 2.2 | 3.5 | 2.1 |
Gníomhaíochtaí eastát réadach | 0.5 | 0.2 | 0.8 | 0.9 | 1.1 |
Gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla | 2.9 | 1.6 | 2.5 | 3.8 | 2.4 |
Gníomhaíochtaí seirbhíse riaracháin agus tacaíochta | 1 | 0.8 | 1.7 | 1.4 | 0.8 |
Oideachas | 0.9 | 1 | 1 | 1.5 | 1.3 |
Gníomhaíochtaí sláinte daonna agus oibre sóisialta | 0.6 | 0.7 | 0.8 | 1 | 1.1 |
Ealaíona, siamsaíocht agus caitheamh aimsire | 1 | 0.5 | 1.1 | 1.4 | 0.9 |
Note: jvs_a_rate_r2, Statistics | Eurostat
Tairseacha poist a úsáidtear go forleathan
Ainm na heagraíochta ar léi an tairseach nó a bhfuil an tairseach á riar aici (ainm sa teanga áitiúil agus i mBéarla) | Cineál eagraíochta (poiblí, príobháideach) | URL/nasc |
---|---|---|
Intreo, DSP | Poiblí | www.JobsIreland.ie |
Indeed | Príobháideach | https://ie.indeed.com/ |
Jobs.ie | Príobháideach | www.jobs.ie |
IrishJobs | Príobháideach | https://www.irishjobs.ie |
Folúntais sa Státseirbhís | Poiblí | http://www.publicjobs.ie/ |
Pá
Pá íosta
Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, socraíodh an pá íosta reachtúil in Éirinn ag EUR 2 146.3.
Meán-olltuilleamh míosúil agus glantuilleamh míosúil
In 2023, b’ionann meántuilleamh comhlán duine aonair agus EUR 4 992, agus ba é EUR 3 417 meán AE27. Ba é EUR 3 596 an glanphá coibhéiseach in Éirinn, i gcomparáid le EUR 2 351 in AE27. I gcomparáid le 2018, tháinig méadú 26.8 % ar an meántuilleamh comhlán in Éirinn agus méadú 19.8 % ar an meántuilleamh in AE27. Le linn na tréimhse céanna, tháinig méadú 22.9 % ar an nglanphá in Éirinn, agus tháinig méadú 22.1 % ar an nglanphá in AE27.
Meán-olltuilleamh agus glantuilleamh míosúil EUR | 2019 | 2020 | 2021 | 2022 | 2023 | |
---|---|---|---|---|---|---|
Tuilleamh comhlán | Éire | 4 404 | 4 497 | 4 672 | 4 788 | 4 992 |
AE27 | 2 930 | 2 918 | 3 018 | 3 162 | 3 417 | |
Glantuilleamh | Éire | 3 188 | 3 237 | 3 328 | 3 422 | 3 596 |
AE27 | 1 983 | 1 992 | 2 076 | 2 178 | 2 351 |
Note: earn_nt_net, Single person earning 100% average, annual rates transformed into 12 monthly payments. Statistics | Eurostat (europa.eu)
Treochtaí
Téigh go díreach chuig Rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair | Socruithe oibre solúbtha | Líon neamhleor de chuardaitheoirí poist a bhfuil na scileanna riachtanacha acu | Saincheisteanna a bhaineann le luach saothair | Cianobair | Tréimhsí oiliúna, intéirneachtaí agus printíseachtaí | Dífhostaíocht
Rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair
Tá méadú ag teacht ar rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair, treocht ar spreag paindéim COVID-19 í. Faoi láthair, tá 61.4 % de mhná atá in aois oibre rannpháirteach sa mhargadh saothair. Tá an bhearna rannpháirtíochta inscne ag an leibhéal is ísle faoi láthair i stair an tSuirbhé ar an bhFórsa Saothair, is é sin, 9.5 pointe céatadáin ar an iomlán, agus 2.7 pointe céatadáin dóibh siúd atá faoi bhun 30 bliain d’aois.
Socruithe oibre solúbtha (a bhaineann le ham oibre, áit oibre nó cineál conartha, mar shampla)
Is gnáthchleachtas anois é an chianobair in Éirinn. In 2024, bhí 36 % d’oibrithe ag obair ón mbaile lá amháin sa tseachtain ar a laghad. Faoi dhlí na hÉireann, is féidir leat cianobair a dhéanamh trí chomhaontú le d’fhostóir (féadfar go mbeidh ort sé mhí de sheirbhís a dhéanamh sula n‑aontóidh d’fhostóir le socrú mar sin).
Líon neamhleor de chuardaitheoirí poist a bhfuil na scileanna riachtanacha acu
Tá ganntanas ar leith de dhaoine in Éirinn a bhfuil na scileanna riachtanacha acu do na poist seo a leanas: Oibrithe tógála, altraí, cuntasóirí, forbróirí bogearraí, innealtóirí (éagsúla), acmhainní daonna/airgeadas/lóistíocht/bainisteoirí táirgeachta bitheolaíochta, oibrithe monarchan, cúntóirí cúraim sláinte, oibrithe cúraim baile altranais.
Saincheisteanna a bhaineann le luach saothair (e.g. pá íosta, pá maireachtála, fóirdheontais)
Is in Éirinn atá an dara pá íosta is airde san Aontas, is é sin, os cionn EUR 2 100 in aghaidh na míosa. Tá an tríú meántuarastal is airde san Aontas ag Éirinn freisin, is é sin, thart ar EUR 58 700 in 2023.
Cianobair
In 2023, d’oibrigh 15.3% de dhaoine fostaithe in Éirinn uaireanta ón mbaile, i gcomparáid le 13.3% san AE27. Ina theannta sin, d’oibrigh 21.4% de dhaoine fostaithe in Éirinn ón mbaile de ghnáth, agus san AE27 b’ionann é agus 8.9%.
Daoine fostaithe atá ag obair ón mbaile mar chéatadán den fhostaíocht iomlán (%) | 2019 | 2020 | 2021 | 2022 | 2023 | |
---|---|---|---|---|---|---|
Uaireanta | Éire | 12.9 | 10.5 | 7.3 | 11.1 | 15.3 |
AE27 | 9 | 8.6 | 10.7 | 12.3 | 13.3 | |
De ghnáth | Éire | 7 | 21.5 | 32.2 | 25.4 | 21.4 |
AE27 | 5.4 | 12.1 | 13.3 | 10 | 8.9 |
Note: lfsa_ehomp, Product - Datasets - Eurostat
Tréimhsí oiliúna, intéirneachtaí agus printíseachtaí
Is féidir le saoránaigh den Aontas Eorpach, den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus den Ríocht Aontaithe cur isteach ar chúrsaí oiliúna agus printíseachtaí in Éirinn. Is féidir le saoránaigh neamh-AE/LEE/na Ríochta Aontaithe iarratas a dhéanamh ar chead fostaíochta má thairgtear post dóibh (seachas post ar an Liosta Gairmeacha Neamh-incháilithe): d’fhéadfaí printíseachtaí nó cúrsaí oiliúna a bheith san áireamh leis sin má chomhlíonann an post na coinníollacha incháilitheachta atá leagtha amach anseo.
Dífhostaíocht (e.g. dífhostaíocht fhadtéarmach, dífhostaíocht an aosa óig, dífhostaíocht na mban, dífhostaíocht struchtúrach nó dífhostaíocht iad siúd atá ar bheagán oiliúna)
Tá leibhéil an-íseal dífhostaíochta i gceist le hÉirinn le roinnt blianta anuas agus tá ardleibhéil stairiúla d’fholúntais le feiceáil ann le trí bliana anuas.
An Tuaisceart agus An Iarthar
Agus 930 208 duine ina gcónaí ann, b’ionann daonra Thuaisceart agus Iarthar na hÉireann agus thart ar 17.6 % de dhaonra na tíre in 2023.
B’ionann an olltáirgeacht intíre in aghaidh an duine, arna choigeartú de réir leibhéil praghsanna (CCC) i dTuaisceart agus in Iarthar na hEorpa, agus 125.4 % de mheán AE27; ráta atá go mór faoi bhun an mheáin náisiúnta de 279.7 %.
In 2023, bhí ní ba mhó ná 479 500 duine gníomhach i margadh saothair an Tuaiscirt agus an Iarthair. Bhí oideachas treasach ag 48.7 % díobh, bhí meánoideachas ag 36.1 % díobh, agus bhí bunoideachas ag 13.3 % díobh. B’ionann an ráta fostaíochta sa Tuaisceart agus san Iarthar agus 61.4 % in 2023, 1.3 pointe céatadáin níos ísle ná an meán náisiúnta in Éirinn agus 1.3 pointe céatadáin níos airde i gcomparáid le 2022.
Ba é 56.1 % an ráta fostaíochta do mhná in 2023, bhí ráta fostaíochta 66.8 % i gceist le fir, agus i gcás aosa óig, bhí an ráta fostaíochta cothrom le 46.3 %; iad uile faoi bhun an mheáin náisiúnta.
Ráta fostaíochta | 2019 | 2020 | 2021 | 2022 | 2023 | |
---|---|---|---|---|---|---|
Iomlán | Éire | 59.3 | 57.7 | 59.5 | 62 | 62.7 |
An Tuaisceart agus An Iarthar | 57.6 | 55.8 | 58.2 | 60.1 | 61.4 | |
Fireann | Éire | 65.1 | 63.6 | 64.8 | 67.6 | 67.7 |
An Tuaisceart agus An Iarthar | 63.7 | 61.8 | 64.4 | 65.8 | 66.8 | |
Mná | Éire | 53.6 | 52 | 54.3 | 56.7 | 57.9 |
An Tuaisceart agus An Iarthar | 51.7 | 49.9 | 52.2 | 54.6 | 56.1 | |
Óige | Éire | 41.2 | 37 | 42.7 | 47.4 | 48.2 |
An Tuaisceart agus An Iarthar | 40 | 33.9 | 41.6 | 43.2 | 46.3 |
Note: lfst_r_lfe2emprt, Statistics | Eurostat (europa.eu), data refer to age group 15 years or over
Ba é 3.8 % an ráta dífhostaíochta i dTuaisceart agus in Iarthar na hÉireann in 2023, i gcomhréir leis an meán náisiúnta sa bhliain chéanna, agus i gcomhréir leis an mbliain roimhe sin.
Ráta dífhostaíochta | 2019 | 2020 | 2021 | 2022 | 2023 |
---|---|---|---|---|---|
Éire | 4.9 | 5.6 | 6.2 | 4.4 | 4.3 |
An Tuaisceart agus An Iarthar | 4.7 | 4.9 | 5 | 4 | 3.8 |
Note: lfst_r_lfu3rt, Statistics | Eurostat, data refer to age group 15 years or over
An Deisceart
Agus 1 741 180 duine ina gcónaí ann, b’ionann daonra an Deiscirt agus thart ar 33 % de dhaonra na hÉireann in 2023.
Ba é an olltáirgeacht intíre in aghaidh an duine, arna coigeartú do leibhéil praghsanna (PPS) sa Deisceart, 339.8 % de mheán AE27; ráta atá i bhfad níos airde ná an meán náisiúnta de 279.7 %.
In 2023, bhí ní ba mhó ná 906 100 duine gníomhach i margadh saothair an Deiscirt. Bhí oideachas treasach ag 48.1 % díobh, bhí meánoideachas ag 38.2 % díobh, agus bhí bunoideachas ag 11.7 % díobh. Bhí an ráta fostaíochta sa Deisceart cothrom le 61 % in 2023, is é sin, 1.7 pointe céatadáin níos ísle ná an meán náisiúnta in Éirinn agus i gcomhréir le figiúirí 2022.
Ba é 56.3 % an ráta fostaíochta do mhná in 2023, bhí ráta fostaíochta 65.9 % i gceist le fir, agus ba é 48.8 % an ráta fostaíochta don aos óg. Bhí na rátaí fostaíochta do mhná agus d’fhir faoi bhun an mheáin náisiúnta, agus bhí an ráta fostaíochta don aos óg os cionn an mheáin náisiúnta.
Ráta fostaíochta | 2019 | 2020 | 2021 | 2022 | 2023 | |
---|---|---|---|---|---|---|
Iomlán | Éire | 59.3 | 57.7 | 59.5 | 62 | 62.7 |
An Deisceart | 56.7 | 56 | 57.4 | 60.3 | 61 | |
Fireann | Éire | 65.1 | 63.6 | 64.8 | 67.6 | 67.7 |
An Deisceart | 62.3 | 61.6 | 62.8 | 65.3 | 65.9 | |
Mná | Éire | 53.6 | 52 | 54.3 | 56.7 | 57.9 |
An Deisceart | 51.2 | 50.4 | 52.1 | 55.4 | 56.3 | |
Óige | Éire | 41.2 | 37 | 42.7 | 47.4 | 48.2 |
An Deisceart | 39.9 | 37.3 | 43 | 47.1 | 48.8 |
Note: lfst_r_lfe2emprt, Statistics | Eurostat (europa.eu), data refer to age group 15 years or over
Ba é 4.2 % an ráta dífhostaíochta sa Deisceart in 2023, i gcomhréir leis an meán náisiúnta sa bhliain chéanna agus ar aon dul leis an mbliain roimhe sin.
Ráta dífhostaíochta | 2019 | 2020 | 2021 | 2022 | 2023 |
---|---|---|---|---|---|
Éire | 4.9 | 5.6 | 6.2 | 4.4 | 4.3 |
An Deisceart | 5.5 | 5.7 | 6.4 | 4.2 | 4.2 |
Note: lfst_r_lfu3rt, Statistics | Eurostat, data refer to age group 15 years or over
An tOirthear agus Lár na Tíre
Agus 2 600 007 nduine ina gcónaí ann, b’ionann daonra an Oirthir agus Lár na Tíre agus thart ar 49.3 % den daonra in Éirinn in 2023.
Ba é 294.1 % de mheán AE27 an olltáirgeacht intíre in aghaidh an duine, arna coigeartú le haghaidh leibhéil praghsanna (CCC) san Oirthear agus i Lár na Tíre, ráta a bhí go mór os cionn an mheáin náisiúnta de 279.7 %.
In 2023, bhí ní ba mhó ná 1 419 200 duine gníomhach i margadh saothair an Oirthir agus Lár na Tíre. Bhí oideachas treasach ag 56.2 % díobh, bhí meánoideachas ag 33.1 % díobh, agus bhí bunoideachas ag 8.9 % díobh. Bhí an ráta fostaíochta san Oirthear agus i Lár na Tíre cothrom le 64.3 % in 2023, is é sin, 1.6 pointe céatadáin níos airde ná an meán náisiúnta in Éirinn agus i gcomhréir le figiúirí 2022.
Ba é 59.6 % an ráta fostaíochta do mhná in 2023, bhí ráta fostaíochta 69.2 % i gceist le fir, agus i gcás an aosa óig, bhí an ráta fostaíochta cothrom le 48.4 %, rátaí atá go léir os cionn an mheáin náisiúnta.
Ráta fostaíochta | 2019 | 2020 | 2021 | 2022 | 2023 | |
---|---|---|---|---|---|---|
Iomlán | Éire | 59.3 | 57.7 | 59.5 | 62 | 62.7 |
An tOirthear agus Lár na Tíre | 61.6 | 59.5 | 61.3 | 63.9 | 64.3 | |
Fireann | Éire | 65.1 | 63.6 | 64.8 | 67.6 | 67.7 |
An tOirthear agus Lár na Tíre | 67.5 | 65.6 | 66.2 | 69.7 | 69.2 | |
Mná | Éire | 53.6 | 52 | 54.3 | 56.7 | 57.9 |
An tOirthear agus Lár na Tíre | 55.9 | 53.7 | 56.6 | 58.3 | 59.6 | |
Óige | Éire | 41.2 | 37 | 42.7 | 47.4 | 48.2 |
An tOirthear agus Lár na Tíre | 42.5 | 37.9 | 42.9 | 49 | 48.4 |
Note: lfst_r_lfe2emprt, Statistics | Eurostat (europa.eu), data refer to age group 15 years or over
Ba é 4.5 % an ráta dífhostaíochta san Oirthear agus i Lár na Tíre in 2023, i gcomhréir leis an meán náisiúnta sa bhliain chéanna agus ar aon dul leis an mbliain roimhe sin.
Ráta dífhostaíochta | 2019 | 2020 | 2021 | 2022 | 2023 |
---|---|---|---|---|---|
Éire | 4.9 | 5.6 | 6.2 | 4.4 | 4.3 |
An tOirthear agus Lár na Tíre | 4.7 | 5.8 | 6.5 | 4.7 | 4.5 |
Note: lfst_r_lfu3rt, Statistics | Eurostat, data refer to age group 15 years or over