Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)

Ní bhíonn sé rómhall riamh athoiliúint agus obair i dtír eile: Scéal Eddy Bomboko

Tar éis dó gairm a shaothrú mar amhránaí agus mar léiritheoir, chinn Eddy ón mBeilg tabhairt faoi athoiliúint mar chef agus é 38 mbliana d’aois. A bhuí le Comhairleoirí EURES, ní hé amháin gur éirigh leis a chuid oiliúna a chríochnú, ach d’éirigh leis obair i dtír eile freisin, rud a bhí sé ag iarraidh a dhéanamh ó bhí sé óg.

  • Alt nuachta
  • 15 Meitheamh 2021
  • An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad
It’s never too late to reskill and work abroad: The story of Eddy Bomboko
EURES

Ní bhíonn sé rómhall riamh triail a bhaint as gairm nua

Cé gur mar amhránaí agus mar léiritheoir a thosaigh Eddy Bomboko a ghairm, chinn sé triail a bhaint as gairm nua tar éis dó roinnt blianta a chaitheamh i dtionscal an cheoil. “Nuair a bhí mé 38 mbliana d’aois, thuig mé nach éasca an rud é gairm ceoil a shaothrú sa Bheilg. Mar sin, chinn mé tabhairt faoi athoiliúint agus a éirí i mo chef,” arsa Eddy.

A bhuí le Actiris International (an rannóg soghluaisteachta idirnáisiúnta de chuid na Seirbhíse Fostaíochta Poiblí sa Bhruiséil, ar ball de EURES í freisin), chríochnaigh Eddy a chuid oiliúna agus, laistigh de mhí amháin, d’aimsigh sé post sa Bhruiséil.

An-fhonn air taithí oibre idirnáisiúnta a fháil

Lá amháin, fuair an chef óg ríomhphost ó Chomhairleoir EURES ó Actiris International faoi dheis an-spéisiúil sa Fhrainc. “Cúrsa oiliúna sé mhí ag an ionad saoire darb ainm Club Med in Haute-Savoie a bhí ann. Ós rud é go raibh fonn orm obair i dtír eile ó bhí mé óg, rinne mé iarratas láithreach. Bhí sé ina dheis iontach freisin níos mó a fhoghlaim faoin dóigh a n-oibríonn bialanna sa Fhrainc.”

Dúirt Eddy gur imir EURES ról lárnach mar idirghabhálaí idir é féin agus an fostóir. Bhí Actiris International i gceannas ar an agallamh poist a eagrú agus ar iarrthóirí a ghearrliostú don fhostóir.

“Gan a gcuid cúnaimh, ní bheinn in ann an deis seo a aimsiú,” arsa an chef óg. Ag féachaint siar dó, cuimhníonn Eddy go raibh an próiseas earcaíochta an-tapa.

“Thug an Comhairleoir ó EURES cuireadh dom dul chuig oifig Actiris chun agallamh a dhéanamh le Club Med. Nuair a bhain mé an oifig amach, bhí thart ar dheichniúr iarrthóirí eile ann. Le linn m’agallaimh, dúirt an fostóir gur shíl sé go raibh mo CV an-spéisiúil mar gheall ar mo chúlra mar ealaíontóir. D’inis an fostóir dom go mbeadh sé i dteagmháil liom go luath ach gur cheart dom tosú ag ullmhú chun bogadh chuig an bhFrainc.”

Tábhacht na taithí idirnáisiúnta

Tar éis dó roinnt taithí a ghnóthú sa Fhrainc, tá an chef óg réidh anois lena chéad eachtra eile. Creideann sé go bhfuil taithí oibre idirnáisiúnta fíor-riachtanach maidir le dul chun cinn gairme: “Cuireann sí a lán deiseanna ar fáil duit. San am i láthair, mar shampla, táim ag an gcéim roghnúcháin deiridh do phost ar an gCongó. Creidim gur chabhraigh mo thaithí in Club Med go mór liom an chéim sin a bhaint amach.”

Creideann Eddy nach éasca an rud é obair i dtír eile. “Is gá duit aibíocht ar leith a bheith agat. Is é sin le rá, is gá duit bheith réidh le bheith ar shiúl ó do theaghlach ar feadh tamaill. Tá sé tábhachtach tacaíocht a fháil ó dhaoine eile agus is cinnte go dteastaíonn dúil san eachtraíocht uait freisin.”

An bhfuil fonn ort dul ag eachtraíocht i dtír eile?  Beag beann ar an bpaindéim, tá Comhairleoirí EURES réidh le comhairle agus tacaíocht a thabhairt do chuardaitheoirí poist ionas gur féidir leo deiseanna a aimsiú ar fud na hEorpa. Téigh i dteagmháil le deasc chabhrach EURES chun tús a chur leis an bpróiseas inniu.

 

Naisc ghaolmhara:

Actiris International

Deasc Chabhrach EURES

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Dáta foilsithe
15 Meitheamh 2021
Údair
An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
Ábhair
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.