Bí diongbháilte
Cé go raibh ganntanas chefanna ann sa Bhruiséil, bhí sé dian ar Ahmed post a fháil. “Déarfainn gur sheol mé thart ar 100 iarratas. Ní bhfuair mé ach dhá nó trí fhreagra, agus bhí gach ceann díobh diúltach. Is deacair coinneáil inspreagtha nuair nach bhfaigheann tú aon fhreagraí, ach ní raibh mé ag iarraidh gan faic a dhéanamh,” arsa Ahmed.
Ba ag an am sin a chinn an chef óg dul sa tóir ar phost i dtír eile, agus chuaigh sé i dteagmháil le Comhairleoirí EURES ag Actiris International − rannóg soghluaisteachta idirnáisiúnta na Seirbhíse Fostaíochta Poiblí do Réigiún na Bruiséile.
“Nuair a fuair mé tairiscint ó Actiris International chun post séasúrach a dhéanamh in ionad saoire san Fhionlainn, rinne mé iarratas láithreach. Díreach tar éis dom agallamh a dhéanamh le foireann EURES, seoladh m’iarratas chuig an bhfostóir.”
Bogadh laistigh de sheachtain amháin
Tar éis an chéad agallaimh, d’athraigh rudaí go han-tapa do Ahmed. “Bhí agallamh teileafóin agam leis an bhfostóir an chéad lá eile agus d’éirigh go geal liom ann. Bhain mé an Laplainn amach an chéad seachtain eile. Seoladh an próiseas iarratais ar fad trí Bhéarla. Nílim dátheangach, ach is cosúil go raibh mo chuid Béarla maith go leor,” a deir an chef Beilgeach.
Fostaíodh Ahmed mar chef ionaid. “Cé gur rothlaigh mé idir roinnt ról difriúil, bhí mé freagrach go príomha as milseoga agus cístí a dhéanamh. Bia de chineál idirnáisiúnta a bhí ann, ach d’fhoghlaim mé conas béilí traidisiúnta Fionlannacha a dhéanamh freisin.”
An phaindéim
Cé go raibh conradh Ahmed le maireachtáil idir mí na Nollag 2019 agus Aibreán 2020, ba ghá don ionad saoire dúnadh nuair a bhuail an phaindéim an Fhionlainn i mí an Mhárta. In ionad filleadh ar an mBruiséil, chinn Ahmed leanúint ar aghaidh lena aistear, agus é spreagtha ag an eispéireas a bhí aige sa Laplainn.
“D'aistrigh mé go Heilsincí agus, tar éis cúpla seachtain, fuair mé post i mbialann súisí. D’fhoghlaim mé conas iasc a ghearradh agus súisí a dhéanamh. Bhí sé an-spéisiúil! Dúnadh gach bialann, áfach, nuair a bhuail COVID-19 an Fhionlainn den dara huair. An babhta sin, ní raibh an dara rogha agam ach filleadh ar an mBeilg,” a deir Ahmed.
D’ainneoin na ndúshlán a tháinig roimhe le linn na paindéime, níl aiféala ar Ahmed an cinneadh dul chun na Fionlainne. “Bhí mé an-sásta san Fhionlainn agus táim ag smaoineamh faoi dhul ar ais a luaithe a bheidh an seans agam. Taitníonn aigne na Lochlannach go mór liom – tá siad an-fháilteach agus an-oscailte. Mholfainn d’aon duine atá ag smaoineamh ar obair i dtír eile dul sa seans. Is eispéireas an-dearfach é.”
An bhfuil fonn ort dul ag eachtraíocht i dtír eile? Beag beann ar an bpaindéim, tá Comhairleoirí EURES réidh le comhairle agus tacaíocht a thabhairt do chuardaitheoirí poist ionas gur féidir leo deiseanna a aimsiú ar fud na hEorpa. Téigh i dteagmháil le deasc chabhrachEURES chun tús a chur leis an bpróiseas inniu.
Naisc ghaolmhara:
Actiris International
Téigh i dteagmháil le deasc chabhrach EURES
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 7 Bealtaine 2021
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Cleachtas is fearr EURESScéalta rathaÓige
- Cuid(eanna) gaolmhara
- Maireachtáil & Obair
- Earnáil
- Accomodation and food service activitiesActivities of extraterritorial organisations and bodiesActivities of households as employers, undifferentiated goods- and servicesAdministrative and support service activitiesAgriculture, forestry and fishingArts, entertainment and recreationConstructionEducationElectricity, gas, steam and air conditioning supplyFinancial and insurance activitiesHuman health and social work activitiesInformation and communicationManufacturingMining and quarryingOther service activitiesProfessional, scientific and technical activitiesPublic administration and defence; compulsory social securityReal estate activitiesTransportation and storageWater supply, sewerage, waste management and remediation activitiesWholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles