Aimsigh rud éigin a mbaineann tú taitneamh as
Samhlaímid go léir i rud faoina bhfuilimid paiseanta a iompú ina ghairm. Má tá tú chun do ghnó féin a thosú, beidh an deis agat amhlaidh a dhéanamh. Ar ndóigh, seans go bhfuil smaoineamh gnó inmharthana agat nach cuid de do chaithimh aimsire agus ná de na rudaí a gcuireann tú spéis iontu go hiondúil é, ach déan cinnte go mbainfidh tú taitneamh as ar bhonn laethúil. Murach é, d’fhéadfá do shuim ann a chailleadh nó d’fhéadfaí go staonfá de bheith ag creidiúint i do smaoineamh.
Bain úsáid as do chuid scileanna
Smaoinigh ar na nithe a gcuireann tú spéis iontu, ach ar na rudaí a bhfuil tú go maith acu chomh maith. D’fhéadfá a bheith gafa le bia, mar shampla, ach ní smaoineamh maith é bialann a oscailt mura féidir leat cócaráil. Ná bíodh imní ort faoi na scileanna nach bhfuil agat. Ina ionad sin, dírigh ar do chuid láidreachtaí agus aimsigh bealach chun an leas is mó is féidir a bhaint astu.
Smaoinigh ar do chuid spriocanna
Cad ba mhaith leat go ndéanfadh do ghnólacht ionadaíocht dó? Mar a thógann tú do ghnó agus do bhranda, ba chóir duit smaoineamh ar do chroíluachanna agus cloí leo. Dréachtaigh ráiteas misin soiléir agus bí ag smaoineamh ar an gcineál gnó is mian leat a bheith agat. Mar shampla, má tá tú paiseanta faoi chosaint na timpeallachta, b’fhéidir gur mhaith leat tosaíocht a thabhairt don inbhuanaitheacht. D’fhéadfadh sé cabhrú leat freisin breathnú ar ghnólachtaí eile a spreagann tú agus ceachtanna a fhoghlaim ón gcaoi a n-oibríonn siad.
Ná bí dúghafa le húrnuacht
Is mian leis na fiontraithe uile an chéad aireagán mór eile a chruthú. I ndáiríre, áfach, is beag gnólacht a bhaineann é sin amach. Cuireann go leor gnólachtaí rathúla táirgí nó seirbhísí den chineál céanna ar fáil do dhaoine eile, mar a tharlaíonn. Go hidéalach, ba chóir go mbeadh sé mar aidhm agat bearna a aimsiú sa mhargadh agus earnálacha sáithithe a bhfuil go leor iomaitheoirí iontu a sheachaint, ach is é an rud is tábhachtaí do tháirge féin a shuí san áit cheart ar an margadh. An féidir le do ghnólacht a bheith ar cheann de na gnólachtaí a réitíonn fadhb nach rabhthas in ann a réiteach roimhe seo? Mura féidir, seans gur féidir leat ar a laghad táirge nó seirbhís níos fearr a chur ar fáil ar phraghas níos saoire?
Coinnigh rudaí simplí
Dírigh ar ar mian leat le haghaigh do ghnó agus déan iarracht gan é a dhéanamh róchasta. Teastaíonn gné uathúil dhíolacháin ó gach gnó, go háirithe ag an tús. Má éiríonn go maith le cúrsaí ansin is féidir leat do ghnó a leathnú i réimsí nua níos déanaí, ach ar dtús ní mór duit branda soiléir a thógáil chun bonn custaiméirí a bhunú. Má chuireann do smaoineamh mearbhall ort féin, beidh mearbhall ar do chustaiméirí dá bharr freisin.
Faigh comhairle – agus éist léi!
Má tá tú ag tosú gnó de do chuid féin, d’fhéadfadh comhairle a lorg cúrsaí a éascú le go mbeifeá in ann smaoineamh go soiléir agus díriú ar do chuid spriocanna pearsanta. Mar sin féin, ná bíodh eagla ort roimh chomhairle a lorg. Bí muiníneach i do smaoineamh, ach ná dearmad éisteacht le tuairimí daoine eile. Cuir do smaoineamh i láthair do dhaoine, lig dóibh iarracht a bhaint as do tháirge, taispeáin an bhrandáil dóibh. An mó méid an tsampla is ea is fearr a bheidh na torthaí air. B’fhéidir go mbeifeá in ann comhairle ghairmiúil áirithe a fháil, ach ná déan dearmad labhairt leis na daoine is mó a bhfuil meas agat ar a gcuid tuairimí freisin. Is dócha go mbeidh dlúthchairde nó baill teaghlaigh macánta leat, mar sin déan cinnte go n-éistfidh tú leo!
Má bhain tú taitneamh as an alt seo, léigh ár leideanna d’fhiontraithe óga.
I gcomhpháirt le EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile.
Naisc ghaolmhara:
8 leideanna d’fhiontraithe óga.
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí Post EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 19 Samhain 2021
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / FiontraíochtNa meáin shóisialtaÓige
- Earnáil
- Accomodation and food service activitiesActivities of extraterritorial organisations and bodiesActivities of households as employers, undifferentiated goods- and servicesAdministrative and support service activitiesAgriculture, forestry and fishingArts, entertainment and recreationConstructionEducationElectricity, gas, steam and air conditioning supplyFinancial and insurance activitiesHuman health and social work activitiesInformation and communicationManufacturingMining and quarryingOther service activitiesProfessional, scientific and technical activitiesPublic administration and defence; compulsory social securityReal estate activitiesTransportation and storageWater supply, sewerage, waste management and remediation activitiesWholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles