Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES
Alt nuachta2 Márta 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Mílaoisigh agus lucht Ghlúin Z san ionad oibre:

Is cuid mhór d’fhórsa oibre na hEorpa iad na mílaoisigh agus lucht Ghlúin Z, agus tá scileanna agus tréithe uathúla ag an dá ghrúpa araon. Foghlaim tuilleadh faoina gcur chuige i leith a bheith ag obair ionas gur féidir leat fostaithe ón dá dhéimeagrafach sin a earcú, a choinneáil agus a bhainistiú ar shlí níos fearr.

Millennials and Gen Z in the workplace: similarities and differences
Unsplash

Anseo in EURES, tuigimid nach mbaineann na ráitis san alt seo le gach duine de chuid Ghlúin Z ná le gach mílaoiseach. Rinneadh ginearáluithe chun na cosúlachtaí agus na héagsúlachtaí is coitianta idir an dá ghrúpa a léiriú ar shlí níos fearr.

Cé hiad na mílaoisigh agus lucht Ghlúin Z?

Tá sé deacair sainmhíniú cruinn a thabhairt ar an dá dhéimeagrafach sin, ós rud é nach ann do chomhdhearcadh coiteann ina thaobh sin. Tríd is tríd, is féidir a rá gurb iad na mílaoisigh iad siúd a rugadh thart ar an tréimhse ó 1981 go 1995, agus is de chuid Ghlúin Z iad siúd a rugadh thart ar an tréimhse ó 1995 go 2012.

Cosúlachtaí idir na mílaoisigh agus lucht Ghlúin Z san ionad oibre

  • Muinín a chur sa teicneolaíocht

Mar dhúchasaigh dhigiteacha, tá taithí ag na mílaoisigh agus ag lucht Ghlúin Z ar bheith ag foghlaim faoi ghléasanna agus faoi bhogearraí nua agus ar bheith á n-úsáid. Bíonn an dá ghlúin ag súil go ndéantar próisis oibre a dhigitiú nuair is féidir, lena n-áirítear an chumarsáid inmheánach agus sheachtrach (comhráite, ríomhphoist agus closghlaonna nó físghlaonna). Ba cheart d’fhostóirí a bheith in ann freastal air sin más mian leo a bheith níos tarraingtí do chuardaitheoirí poist mílaoiseach agus lucht Ghlúin Z.

  • Cur leis an leas is fearr

De réir an tsuirbhé Global 2022 Gen Z and Millennial Survey de chuid Deloitte, bíonn an fhreagracht shóisialta chorparáideach tábhachtach don dá ghlúin agus ba mhaith leo a bheith ag obair do chuideachtaí agus d’eagraíochtaí lena bhfuil a gcuid luachanna féin i bpáirt acu. Ós rud é gur gnách don dá dhéimeagrafach suim a bheith acu i saincheisteanna polaitiúla agus ó thaobh an chomhshaoil de, tá sé tábhachtach dóibh go ndéanann a bhfostóir difear ina bpobal féin.

  • Aitheantas a thabhairt ar éachtaí láithreach

Bíonn claonadh ag an dá ghlúin a bheith ag súil le haitheantas láithreach as an obair atá déanta acu. Is féidir le haitheantas a thabhairt do bhuanna beaga trí mheán scéim atá bunaithe ar fheidhmíocht, mar shampla, a bheith ina chúis mhór spreagtha do d’fhostaithe.

  • Cumarsáid chomhsheasmhach agus oscailte

Tugtar le fios i staidéir go mbíonn an dá ghlúin ag súil le go ndéanfaidh a bhfostóirí cumarsáid shoiléir leo agus go mbunóidh siad bealaí chun aiseolas a chur ar fáil go rialta (e.g. cruinnithe seachtainiúla chun breith suas ar chúrsaí).

Éagsúlachtaí idir na mílaoisigh agus lucht Ghlúin Z san ionad oibre

  • Cothromaíocht oibre agus saoil i gcoinne dul chun cinn gairme

Cé gur gnách gur mór ag na mílaoisigh an chothromaíocht shláintiúil oibre agus saoil, is gnách go mbíonn lucht Ghlúin Z níos dírithe ar a ngairm bheatha agus gur mó an chúis spreagtha an t-airgead dóibh. Mar sin, más mílaoisigh nó daoine de lucht Ghlúin Z mórchuid d’fhostaithe, dhéanfadh sé cúis mhaith díriú ar shochair a chuirfeadh leis an gcothromaíocht oibre agus saoil agus ar dhreasachtaí airgid.

  • Solúbthacht poist i gcoinne cobhsaíocht sa phost

Tugtar le fios i staidéir gur gnách go mbíonn an tsolúbthacht post ina tosaíocht ag na mílaoisigh, rud a chiallaíonn go mbíonn siad ag súil le poist ar féidir leo iad a chur in oiriúint dóibh féin. Is mó an seans go n-athróidh siad ó phost go chéile mura bhfreastalaíonn post ar a gcuid riachtanas a thuilleadh. Idir an dá linn, buaileadh lucht Ghlúin Z níos measa mar gheall ar an dífhostaíocht, agus sin an fáth gur fearr leosan an chobhsaíocht agus an tslándáil phoist.

  • Aiseolas dearfach i gcoinne aiseolas díreach

Mar a luadh cheana, is mór ag an dá ghlúin aiseolas rialta. Mar sin féin, cé gur fearr le lucht Ghlúin Z aiseolas simplí, bíonn claonadh ag na mílaoisigh a bheith níos íogaire roimh an gcáineadh agus a bheith níos fáiltí roimh aiseolas a chuirtear ar fáil dóibh ar shlí dhearfach a chothaíonn misneach.

  • Cumarsáid scríofa nó amhairc i gcoinne físeán

Is fearr leis an dá ghlúin cineálacha éagsúla cumarsáide bunaithe ar na hardáin meán sóisialta is fearr leo. Mar shampla, is mó an seans go n-úsáidfidh na mílaoisigh Facebook, Twitter agus LinkedIn, mar sin freagraíonn siad níos fearr don chumarsáid téacsbhunaithe agus amhairc (íomhánna). Os a choinne sin, is fearr le lucht Ghlúin Z cumarsáid físe gearrfhoirme, mar is gnách leo tús áite a thabhairt d’ardáin ar nós YouTube agus TikTok. Ba cheart é sin a choinneáil i gcuimhne nuair a bhíonn folúntais poist á bhfógairt nó nuair a bhíonn tú ag ullmhú cumarsáide nó seisiúin oiliúna inmheánacha do d’fhostaithe.

Is féidir le haiseolas diúltach a thabhairt d’fhostaí a bheith dúshlánach ach is cuid thábhachtach den bhainistíocht a dhéantar ar fhostaithe í agus is féidir an caidreamh idir tusa agus an fostaí a neartú ach an t-aiseolas a thabhairt i gceart. Coinnigh ort ag léamh chun fáil amach conas is féidir leat é sin a bhaint amach.

 

Naisc ghaolmhara:

Gen Z 'Stans' Feedback - Here's How to Structure It Best

Conas aiseolas diúltach a thabhairt d’fhostaithe ar bhealach tuisceanach

The Deloitte Global 2022 Gen Z and Millennial Survey

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
Gnó / FiontraíochtLeideanna agus MoltaíTreochtaí earcaíochta
Cuid(eanna) gaolmhara
Leideanna agus MoltaíEolas faoin margadh saothair
Earnáil
Accomodation and food service activitiesActivities of extraterritorial organisations and bodiesActivities of households as employers, undifferentiated goods- and servicesAdministrative and support service activitiesAgriculture, forestry and fishingArts, entertainment and recreationConstructionEducationElectricity, gas, steam and air conditioning supplyFinancial and insurance activitiesHuman health and social work activitiesInformation and communicationManufacturingMining and quarryingOther service activitiesProfessional, scientific and technical activitiesPublic administration and defence; compulsory social securityReal estate activitiesTransportation and storageWater supply, sewerage, waste management and remediation activitiesWholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.