Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó
EURES (EURopean Employment Services)

Maireachtáil & Obair

Ag maireachtáil agus ag obair san Eoraip

Faoi mhaireachtáil & obair

Is féidir mearbhall a chur ort nuair atáthar ag smaoineamh ar chúrsaí praiticiúla, dlíthiúla agus riaracháin a bhfuil tábhacht ag baint leo maidir le bogadh thar lear. Tá sí mar aidhm ag na leathanaigh Maireachtáil & Obair ar thairseach EURES cabhrú chun d’aistriú thar lear a dhéanamh chomh éasca agus is féidir trí an t-eolas iomlán a thabhairt duit roimh ré. 

Tig leat a fháil amach freisin cén earnálacha ina bhfuil éagothromaíocht shuntasach iontu idir folúntais agus oibrithe, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon, rud a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar fhócas do chuardaigh fostaíochta.

Cé gurb é an ceart maireachtála agus oibre i dtír eile de chuid an AE ceann de shaoirsí bunúsacha an AE, agus go mbaineann sé freisin leis an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Eilvéis faoi na comhaontuithe LEE agus CSE, tá saoránaigh ó roinnt tíortha níos nuaí de chuid an AE faoi réir rialacha idirthréimhseacha áirithe. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a gcuirtear na socruithe idirthréimhseacha i bhfeidhm sna tíortha EURES éagsúla trí fhéachaint ar na leathanaigh seo a leanas ar thairseach Europa:

An duine tú a chaitheann líon ama teoranta ag obair do do fhostaí lasmuigh den Bhallstát ina n-oibríonn tú de ghnáth? Más rud é go ndéanann, glactar leat mar "Oibrí Postaithe" agus féadfar a thuilleadh faisnéise a fháil maidir leis na rialacha a rialaíonn do chuid dálaí oibre sa mhír i leith ‘Oibrithe Aistrithe’ de thairseach Europa.

Le haghaidh eolais níos mionsonraithe, tig leat dul i dteagmháil le do Chomhairleoir EURES áitiúil, nó le Comhairleoir EURES lonnaithe sa tír ar mhaith leat bogadh ann, i gcomhair cabhrach.