Cén tairbhe a d’fhéadfá baint as EURES?
Cuidíonn EURES le cuardaitheoirí poist fostaíocht a aimsiú agus cuidíonn sé le fostóirí oibrithe ó gach cearn den Eoraip a earcú.
Cuireann EURES raon leathan seirbhísí ar fáil do gach cuardaitheoir poist agus fostóir san Eoraip – roimh, le linn agus i ndiaidh chéimeanna an churadaigh agus na hearcaíochta le haghaidh poist/iarrthóirí.
Déileálann EURES le gach gné de mhaireachtáil agus de bheith ag obair thar lear, lena n‑áirítear gairmthreoir a sholáthar, CVanna a athbhreithniú agus a aistriú, anailís a dhéanamh ar thairiscintí, agus áiseanna físchomhdhála a chur ar fáil le haghaidh agallamh, faisnéis maidir le margadh saothair na hEorpa a chur ar fáil, comhairle dlí agus slándála sóisialta a chur ar fáil, aontaí poist a eagrú, agus comhairle a thabhairt maidir le hoiliúint, foghlaim teanga agus deiseanna maoinithe – agus rudaí eile nach iad!
Is féidir leat tosú trí dhul i gcomhairle le tairseach EURES nó leis an líonra ollmhór daonna de níos mó ná 1 000 Comhairleoir EURES atá ag obair in 270 Balleagraíocht agus Eagraíocht Chomhpháirtíochta EURES.
Cé acu fostóir nó cuardaitheoir poist thú, áirítear le seirbhísí EURES:
- Bunachar sonraí mór Eorpach de thrí mhilliún folúntas poist agus d’aon mhilliún CV a chur ar fáil ar thairseach EURES;
- Folúntais phoist agus CVanna a mheaitseáil;
- I gcás cuardaitheoirí poist, ní chuireann tairseach EURES a uirlis cumtha CV féin ar fáil. Ina ionad sin, molaimid duit dul i gcomhairle le do sheirbhís fostaíochta phoiblí áitiúil (PES) chun tairbhe a bhaint as seirbhísí EURES, nó, mar mhalairt air sin, do CV a chur le chéile in Europass chun rochtain a fháil ar uirlisí chun machnamh a dhéanamh ar do scileanna, chun oiliúint nó deiseanna fostaíochta a aimsiú, chun iarratais ar phoist a ullmhú, agus chun dintiúir dhigiteacha a stóráil;
- Faisnéis agus treoir agus seirbhísí tacaíochta eile d’oibrithe agus d’fhostóirí
- Rochtain ar fhaisnéis maidir le dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES, amhail cánachas, pinsin, árachas sláinte, slándáil shóisialta agus eile;
- tacaíocht d’imeachtaí earcaíochta dinimiciúla tríd an ardán (ar líne) Laethanta Fostaíochta Eorpacha;
- faisnéis maidir le cúnamh iar-earcaíochta agus rochtain a thabhairt ar an gcúnamh sin, amhail oiliúint teanga agus tacaíocht le himeascadh sa tír cinn scríbe.
- Seirbhísí sonracha tacaíochta d’oibrithe trasteorann agus d’fhostóirí i réigiúin trasteorann;
- tacaíocht do ghrúpaí sonracha i gcomhthéacs Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe EURES.